Dominique de Villepin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dominique de Villepin
Dominique de Villepin (2010).jpg
General secretary of the Presidency of the Republic (en) Aistrigh

Bealtaine 17, 1995 - Bealtaine 6, 2002
Hubert Védrine - Philippe Bas
Aire Gnóthaí Eachtracha

Bealtaine 6, 2002 - Meitheamh 17, 2002
Hubert Védrine - Dominique de Villepin
Aire Gnóthaí Eachtracha

Meitheamh 17, 2002 - Márta 31, 2004
Dominique de Villepin - Michel Barnier (en) Aistrigh
an tAire Gnóthaí Baile

Márta 31, 2004 - Bealtaine 31, 2005
Nicolas Sarkozy - Nicolas Sarkozy
Príomh-Aire na Fraince

Bealtaine 31, 2005 - Bealtaine 17, 2007
Jean-Pierre Raffarin - François Fillon
Saol
Ainm iomlánDominique Marie François René Galouzeau de Villepin
Eolas breitheKhemisset, 14 Samhain 1953 (69 bliain d’aois)
NáisiúntachtFrainc
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Muintir
AthairXavier de Villepin
MáthairYvonne Hétier
Céile/CéilíMarie-Laure de Villepin (en) Aistrigh
Páistí
Siblíní
Treibhfamille Galouzeau de Villepin (fr) Aistrigh
Oideachas
Alma materInstitut d'études politiques de Paris
Université Paris-Nanterre
Ollscoil Panthéon-Assas
lycée Stendhal
Ollscoil Pháras
École nationale d'administration
(1978 - 1980)
Teangachaan Fhraincis
Gairm
Gairmpolaiteoir, taidhleoir, scríbhneoir, dlíodóir agus international forum participant (en) Aistrigh
FostóiríInstitut d'études politiques de Paris
Duaiseanna
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Chaitliceach Rómhánach
Páirtithe polaitíochtaUnion for a Popular Movement (en) Aistrigh
Rally for the Republic (en) Aistrigh
IMDbnm1519508
TwitterVillepin

Polaiteoir Francach agus iar-phríomhaire na Fraince is ea Dominique de VillepinDominique Marie François René Galouzeau de Villepin lena ainm iomlán a thabhairt dó. Rugadh i Rabat, Maracó é ar an 14 Samhain 1951.

Tógadh é i Veiniséala agus in áiteanna eile i Meiriceá Theas. D'fhreastail sé ar an École Nationale d'Administration, scoil iarchéimithe ina n-oileann an Fhrainc a státseirbhigh sinsireacha. Ghnóthaigh sé céimeanna sa dlín agus sa litríocht ó chúpla ollscoil chomh maith. Bhí sé ina chéad rúnaí in Ambasáidí na Fraince i Washington D.C. agus ina dhara chomhairleoir san ambasáid i Deilí Nua na hIndia sula ndearnadh príomhchomhairleoir na hAfraice sa Roinn Gnóthaí Eachtrannacha de i 1992. Bhí sé ina chomhairleoir ar ghnóthaí eachtrannacha do Jacques Chirac ó thús na 1980í. Bhí sé ina stiúrthóir toghcháin ag Chirac sa bhfeachtas uachtaránachta i 1995, agus ceapadh é ina Rúnaí Ginearálta ar Phálás an Elysée le linn céad thréimhse Chirac mar Uachtarán na Poblachta, 1995-2002. Rinne sé botún ansin i 1997 nuair a chomhairligh sé don uachtarán olltoghchán a ghairm. Chaill Chirac an toghchán sin agus rinne de Villepin iarracht éirí as oifig ach níor ligeadh dó. Tá de Villepin ag iomaíocht ó shin le Nicholas Sarkozy le bheith ina oidhre ar Chirac mar uachtarán.

Tháinig François Fillon mar chomharba ar de Villepin mar príomh-aire na Fraince sa bhliain 2007.

Aire Gnóthaí Eachtrannacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cheap Chirac mar aire gnóthaí eachtrannacha é sa chomhaireacht a bhí ag an bPríomhaire Raffarin i 2002. Sa phost sin bhí baint aige le hionsaí na Fraince ar Aerfhórsa Cote d'Ivoire i 2002 nuair a d'ionsaigh fórsaí na tíre sin garastún na Fraince. Chuir sé brú ar uachtarán Haití, Jean-Bertrand Aristide éirí as oifig chomh maith, nuair a bhí trioblóid sa tír sin. Ach ba mar gheall ar a sheasamh in aghaidh bhréaga na Meiriceánach sna Náisiún Aontaithe faoi airm ollscriosta a bheith ag an Iaráic a thuill de Villepin clú agus cáil dó féin ar fud an domhain. Chuir sé go láidir in aghaidh iarrachtaí SAM tacaíocht na Náisiún Aontaithe a fháil don ionradh ar an Iaráic i 2003.

Nuair a rinneadh Aire Airgeadais de Sarkozy tugadh Villepin abhaile mar Aire Gnóthaí Baile ar an 31 Márta 2004. Nuair a theip ar Raffarin sa bhfeachtas ar son bhunreacht na hEorpa i reifreann ar an 29 Bealtaine 2005, d'éirigh sé as oifig agus ceapadh de Villepin ina áit. Bhí súil de Villepin ar an uachtaránacht, agus bhí sé san iomaíocht le Sarkozy.

Thuill sé cáil mar scríbhneoir agus mar thaidhleoir sula ndeachaigh sé le polaitíocht, cé nár toghadh riamh é.