Rabat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilRabat
‫رباط (ar) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 34°01′31″N 6°50′10″W / 34.0253°N 6.8361°W / 34.0253; -6.8361
Monarcacht bhunreachtúilMaracó
Réigiún i MaracóRabat-Salé-Kénitra (en) Aistrigh
Prefecture of Morocco (en) AistrighRabat Prefecture (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Maracó (1956–) Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán572,717 (2014) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús4,853.53 hab./km²
Teanga oifigiúilan Araibis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deImperial cities of Morocco (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla118 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceBou Regreg (en) Aistrigh agus An tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Airde135 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1146
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist10000–10220 Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód537 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinrabat.ma Cuir in eagar ar Wikidata

Príomhchathair Maracó is ea Rabat. Tá daonra de 1.2 milliún duine inti dar le meastúchán daonáirimh i 2005. Tá sí suite ar an Aigéan Atlantach ag béal abhainn Bou Regneg. Ar bhruach thall na habhann tá cathair Salé. Bhíodh sí ina calafort tábhachtach tráth ach de bharr sioltadh ní féidir leis an oiread sin longa teacht isteach anois. Tá monarchana éadaigh go fliúirseach i Rabat, próiseáil bhia agus tógáil. Is ionad mór turasóireachta í chomh maith.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Timpeall 300 RC bunaíodh baile darbh ainm Chellah ar bhruacha na habhann, agus i 40 AD ghabh na Rómhánaigh seilbh ar an áit. Bhí coilíneacht darbh ainm Sala Colonia acu ann go dtí gur thréig siad í i 250. I 1146 rinne an rí Abd al-Mu'min daingean di agus bunáit dá chuid ionsaithe ar an Spáinn. Tugadh Ribatu I-Fath (Daingean an Bhua) ar an gcathair agus is as sin a tháinig an t-ainm atá uirthi faoi láthair.

Rinne an rí Yaqub al-Mansur príomhchathair a impireachte de Rabat, agus chuir sé tús le tógáil an mhosc ba mhó ar domhan, ach nuair a d'éag sé cuireadh deireadh leis an obair. Tá iarsmaí an mhosc sin ina seasamh go fóill. Tháinig meath ar Rabat tar éis bhás Yaqub, agus faoi 1515 thuairisc taistealaí nach raibh ach céad teach sa bhaile. Tharla athbheochan nuair a díbríodh Múraigh ón Spáinn sa seachtú haois déag.

Bunaíodh poblacht faoin ainm Bou Regreg i 1627. Ba iad na foghlaithe mara "Barbaracha" a bhí i mbun na poblachta, agus d'úsáid siad Rabat agus Salé mar bhunáiteanna chun ionsaithe a dhéanamh ar longa. I 1666 chuir ríshliocht Alaouite an ceantar faoina smacht nuair a aontaíodh Maracó, ach bhí na foghlaithe mara ag feidhmiú ó na calafoirt go ceann cúpla céad bliain eile.

Rinne an Fhrainc ionradh ar Maracó i 1912 agus chuir faoina smacht í. Rinneadh príomhchathair na coilíneachta de Rabat, agus bheartaigh an rí a bhí ann nuair a bhain an tír a neamhspleáchas amach i 1956, Mohammed V, go bhfanfadh sí ina príomhchathair ar an ríocht.

Cearnóg Pietri in Rabat