François Hollande
François Hollande | |
![]() | |
In oifig 15 Bealtaine 2012 - 14 Bealtaine 2017 | |
Réamhtheachtaí: | Nicolas Sarkozy |
Comharba: | Emmanuel Macron |
Dáta breithe | 12 Lúnasa 1954 |
Áit bhreithe | Rouen An Fhrainc |
Páirtí | an Páirtí Sóisialach |
Síniú![]() |
Is polaiteoir Francach é François Hollande (IPA: \fʁɑ̃swa ɔlɑ̃d\; Rouen, 12 Lúnasa 1954). Is sóisialaí go smior é. Ba uachtarán na Fraince idir 2012 agus 2017 é.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Céimí de chuid l'Université Panthéon-Assas (Paris 2) is ea é (licence en droit).[2]
D'fhreastail sé ansin ar HEC, an Institut d'Études Politiques ("Sciences Po") de Paris agus École Nationale d'Administration (ENA) freisin.
Tar éis dó céim a bhaint amach ón ENA sa bhliain 1980 (sa seachtú háit ina rang) ghlac sé post sa Cour des comptes, oifig iniúchóireachta náisiúnta na Fraince, a bhfuil feidhmeanna gar-bhreithiúnacha aici. Rinneadh conseiller référendaire de sa bhliain 1984.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ghlac Hollande páirt ghníomhach sa Pháirtí Sóisialach ó thús na 1970idí. Le linn dó a bheith ar saoire fhadtéarmach ón Cour des comptes, bhí róil pholaitiúla éagsúla aige (mar shampla, mar shainchomhairleoir don Uachtarán Mitterand agus, ina dhiaidh sin, mar bhall den Tionól Náisiúnta (1988-93, 1997-2012).
Ina theannta sin, bhí sé ina Chéad-Rúnaí ar an bPáirtí Sóisialach, idir 1997 agus 2008, ina mhéara ar Tulle (2001-2008), baile beag, agus ina Uachtarán ar chomhairle roinne Corrèze (2008-12).
Mar bhall den Cour des comptes, bhí sé de cheart aige cleachtadh mar dhlíodóir, má ba mhian leis, agus scaoileadh é chun é sin a dhéanamh ar feadh roinnt míonna sa bhliain 1997. Bhí sé ina dhlíodóir le Mignard, Teitgen, Grisoni et associés, sula ndearnadh Chéad-Rúnaí an Pháirtí Shóisialaigh de.
Uachtaránacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Toghadh mar Uachtarán na Fraince é ar an séú lá de mhí na Bealtaine 2012. Bhí ollbhua ag na Sóisialaithe an bhliain sin.
I measc na rudaí is suntasaí a bhain sé amach, faightear an comhionannas pósta (in éineacht le comhchearta chun uchtála) agus leasuithe ar dhlí na fostaíochta agus ar chóras na bpinsean, rudaí ar mian leis an Uachtarán Macron dul níos faide leo.
Le linn do Hollande a bheith ina Uachtarán, chuir roinnt ionsaithe sceimhlitheoireachta móra isteach ar an bhFrainc; tar éis na n-ionsaithe ar Pháras i mí na Samhna 2015, d'fhógair sé staid éigeandála, a chuaigh in éag i mí na Samhna 2017.
Gnaoi an phobail[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sna blianta 2015/2016, bhí Hollande i mbun rialtais nach raibh gnaoi an phobail air ag an am agus tharraing Hollande míghean air féin.
Thit sé sna pobalbhreitheanna ón suíomh ard a bhain sé amach ar dtús, a fhad le ráta sástachta 4% maidir lena uachtaránachta ag point áirithe sna míonna deireanacha a raibh sé in oifig. Ní raibh Hollande san iomaíocht sa toghchán 2017.
Mar sin, ní raibh Hollande ag iarraidh go n-atoghfaí é. I mí na Nollag 2016, d'fhógair sé nach mbeadh sé ag iarraidh go n-atoghfaí é ina Uachtarán. Mar sin toghadh Emmanuel Macron ina áit i 2017.
Iar-Uachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]
Mar iar-Uachtarán, tá sé ina bhall den Conseil constitutionnel, ach roghnaigh sé gan páirt a ghlacadh ann.
Chuaigh Hollande ar scor ón Cour des comptes go hoifigiúil i mí na Bealtaine 2017.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Lara Marlowe. "Inside Hollande’s love triangle" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-08-12.
- ↑ Scoil Dlí, COBAC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-08-12.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |