Ionsaithe ar 13 Samhain, 2015 in Île-de-France

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Paris terror attacks.png

Maraíodh 130 duine in ionsaithe sceimhlitheoireachta i bPáras ar oíche Aoine an 13 Samhain 2015, an eachtra sceimhlitheoireachta ba mheasa san Eoraip ó maraíodh 192 duine i mbuamáil traenach Mhadrid sa bhliain 2004.

Ionsaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

1. Pléascanna Stade de France[cuir in eagar | athraigh foinse]

Amhraclann Bataclan

2. Scaoileadh marfach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maraíodh tuairim is 40 sna ionsaithe ag bialanna sa chathair (Rue Bichat, Rue Alibert, Rue de la Fontaine-au-Roi, Rue de Charonne, Boulevard Voltaire):

·         19 ag La Belle Equipe, bialann san 11ú arrondissement

·         12-14 ag beár  Le Carillon, sa mbialann Le Petit Cambodge sa 10ú arrondissement

·         5 ag La Casa Nostra san 11ú arrondissement

Amhraclann Bataclan

3. Sléacht Bataclan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maraíodh 90 duine san eachtra uafáis, a bhí ag freastal ar cheolchoirm sa Bataclan ar 13ú Samhain, tar éis do 4 ionsaitheoirí a bhí armtha agus a raibh ábhar pléascach acu breis agus 100 duine a thógáil ina ngialla ansiúd. 15 a maraíodh ar dtús báire. Ach rinne fórsaí slándála ruarthar ar an amharclann agus. Chualathas rois mhór urchair agus pléascáin ann. Mhaidhm na gunnadóirí na criosanna pléascán a bhí orthu nuair a tharla sin. Ansin chaith na hionsaitheoirí urchair agus ábhar pléasctha leis na gialla[1].

Toradh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí daoine ó thíortha éagsúla ar fud an domhain i measc na marbh, roinnt mhac léinn ina measc.. Gortaíodh Éireannach amháin sna h-ionsaithe.

Ceantair faiseanta anamúla iad an 10ú agus an 11ú arrondissement, mar a mbíonn na caiféanna agus na bialanna plódaithe tráthnóna Dé hAoine. Bailíonn daoine óga anseo chun tús a chur leis an deireadh seachtaine, gliondar orthu agus iad ag gáirí agus ag cabaireacht[2].

Náisiúntacht Básanna
Flag of France.svg An Fhrainc 99
Flag of Chile.svg An tSile 3
Flag of the United Kingdom.svg An Spáinn 3
Flag of Algeria.svg An Ailgéir 2
Flag of Belgium.svg An Bheilg 2
Flag of Egypt.svg An Éigipt 2
Flag of Mexico.svg Meicsiceo 2
Flag of Portugal.svg An Phortaingéil 2
Flag of Romania.svg An Rómáin 2
Flag of Tunisia.svg An Túinéis 2
Flag of France.svg An Fhrainc/Flag of Russia.svg An Rúis 1
Flag of France.svg An Fhrainc/Flag of Burkina Faso.svg Buircíne Fasó 1
Flag of France.svg An Fhrainc/Flag of Algeria.svg An Ailgéir 1
Flag of Germany.svg An Ghearmáin 1
Flag of Armenia.svg An Airméin 1
Flag of Italy.svg An Iodáil 1
Flag of Morocco.svg Maracó 1
Flag of Sweden.svg An tSualainn 1
Flag of the United Kingdom.svg An Ríocht Aontaithe 1
Flag of the United States.svg Stáit Aontaithe/Flag of Mexico.svg Meicsiceo 1
Iomlán 130
Paris Bataclan Never forget (22551486134).jpg

Na sceimhlitheoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí ráiteas eisithe ag an eagraíocht Stáit Islamach ISIS ag rá gurb iad a bhí freagrach as na h-ionsaithe a tharla i bPáras. Dúirt an ráiteas go mbeadh an Fhrainc ina thargaid acu chomh fada is a lean an tír sin ar aghaidh ag déanamh ionsaithe aeir ar chríocha a bhí gafa ag ISIS agus ag maslú an Fáidh Mohammed.

Bhí triúr ionsaitheoirí aitheanta ina saoránaigh de chuid na Fraince[3].

Paris. Bataclan. Never forget. (22551483254).jpg

Creidtear gurb é Salah Abdeslam, 26 bliain d'aois, an t-aon duine den ghrúpa mílisteach a rinne na hionsaithe ar éirigh leis na cosa a thabhairt leis. Gabhadh sa mBruiséal é i mí Márta 2016 tréis dó bheith ar a theitheadh ar feadh cheithre mí[4].

Ainmníodh na sceimhlitheoirí eile, mar shampla Foued Mohamed Aggad. Thaistil Aggad chun na Siria sa bhliain 2013 agus bíodh is gur gabhadh formhór an bhuínn nuair a fhill siad ar an Fhrainc i 2014[5].

Fuarthas pas teifigh ón tSiria a cheaptar a claraíodh sa nGréig i nDeireadh Fómhair 2015 gar do chorp duine do na hionsaitheoirí i bPáras[6].

Iarmhairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sky Tower, Auckland ar an oíche na n-ionsaithe

Tamall gairid ina dhiaidh sin, tháinig airí an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir le bearta slándála teorann níos déine i limistéar Schengen, limistéar saor ó phasanna[7].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]