Jump to content

Buamáil na dtraenacha i Maidrid, 2004

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBuamáil na dtraenacha i Maidrid, 2004
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga Cuir in eagar ar Wikidata Map
 40° 24′ 24″ N, 3° 41′ 22″ O / 40.4067°N,3.6894°W / 40.4067; -3.6894
Cineáldúnmharú líonmhar
ionsaí sceimhlitheoireachta Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deJihadism in Spain (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana11 Márta 2004 (07:30) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhMaidrid, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Feithicilseirbhís iarnróid comaitéireachta Cuir in eagar ar Wikidata
SpriocCercanías Madrid (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Is cúis leReactions to the 2004 Madrid train bombings (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna193 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe1,856 Cuir in eagar ar Wikidata
Armbackpack bomber (en) Aistrigh
Goma-2 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stáisiún Atocha

Dúnmharaíodh 194 duine i Maidrid, an Spáinn ar an 11 Márta 2004 in eachtraí sceimhlitheoireachta Ioslamachaː

  • Stáisiún Atocha (traein uimhir 21431) – Trí bhuama ag 07:37 - 07:38.
  • Stáisiún El Pozo del Tío Raimundo (traein uimhir 21435) – dhá bhuama ag 07:38.
  • Stáisiún Santa Eugenia Station (traein uimhir 21713) – buama amháin ag 07:38.
  • Calle Téllez (traein uimhir 17305) - ceithre bhuama ag 07:39.
Atocha, 21 Márta 2004

Dúnmharaíodh 194 duine agus gortaíodh timpeall 2,050.

Chuir triúr (Jamal Zougam, Sarhane Abdelmaji agus Jamal Ahmidan) lámh ina mbás féin ar an 3 Aibreán 2004. D'éalaigh sceimhlitheoirí eile.

Ar 31 Deireadh Fómhair 2007, ciontaíodh 21 duine.[1]

Tharla na hionsaithe trí lá roimh olltoghcháin na Spáinne. Tháinig athrú suntasach ar shaol polaitiúil na Spáinne i ndiaidh an olltoghcháin a bhí ann ar an 14 Márta 2004, trí lá i ndiaidh uafáis an 11 Mártaː[2]

Ar an lá céanna, d’ordaigh Ana Palacio, Aire Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, do gach ambasadóir Spáinneach gach deis a thapú chun an teachtaireacht a chur trasna gurbh iad ETA a bhí ciontach as an sléacht. Fiú ghlac Rún 1530 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe gurb é ETA a bhí freagrach as an sléacht.[3][4]

Ach oíche roimh an olltoghchán, ghlac rialtas an Partido Popular (ar an eite dheis) leis an bhféidearthacht nach raibh ETA, ach sceimhlitheoirí Ioslamacha, ciontach as an ár, rud a raibh na meáin chumarsáide eachtrannacha cinnte dearfach de an lá roimhe sin. Bhí an chuid is mó de mhuintir na Spáinne bréan de bhréaga an Partido Popular agus bhí léirsithe spontáineacha os comhair phríomhoifig an Partido Popular i Maidrid agus i gcathracha eile. Is é an mana a bhí le cloisteáil ná "queremos la verdad antes de votar": “táimid ag iarraidh na fírinne sula gcaithimid ár vótaí”. Bhí bua ollmhór ag an Partido Socialista san olltoghchán an lá dár gcionn.

  1. Jane Barrett (2007-10-31). "Court finds 21 guilty of Madrid train bombings" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2020-12-20.
  2. Carmen Rodríguez (2004). "Iarracht an Partido Popular dallamullóg a chur ar mhuintir na Spáinne" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-12-20.
  3. "United Nations Security Council Resolution 1530" (as en) (2020-01-31). Wikipedia. 
  4. trepo.tuni.fi. ""Political responses to terrorism" lch 147". Dáta rochtana: 2020.