Ionsaithe ar 13 Samhain 2015 i bPáras
| |||||
Cineál | coordinated terrorist attack (en) ![]() ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | sceimhlitheoireacht sa Fhrainc agus sceimhlitheoireacht Ioslamach sa Eoraip ![]() | ||||
Dáta na bliana | 13 Samhain 2015 ![]() | ||||
Suíomh | Bataclan, An Fhrainc (en) ![]() Stade de France, An Fhrainc rue Bichat, An Fhrainc rue de la Fontaine-au-Roi, An Fhrainc La Belle Équipe, An Fhrainc boulevard Voltaire, An Fhrainc Le Petit Cambodge, An Fhrainc ![]() Saint-Denis, Seine-Saint-Denis, An Fhrainc ![]() | ||||
Tír | An Fhrainc ![]() | ||||
Rannpháirtí | |||||
Sprioc | sibhialtach ![]() | ||||
Cúis | antoisceachas Ioslamach foreign involvement in the Syrian civil war (en) ![]() ![]() | ||||
Ba chúis leis | 2015 Saint-Denis raid (en) ![]() ![]() | ||||
Líon básanna | 137 ![]() | ||||
Líon gortaithe | 413 ![]() | ||||
Arm | AKM (en) ![]() Gránáid explosive belt (en) ![]() ![]() | ||||
Meán cumarsáide | |||||

Maraíodh 130 duine in ionsaithe sceimhlitheoireachta i bPáras ar oíche Aoine an 13 Samhain 2015, an eachtra sceimhlitheoireachta ba mheasa san Eoraip ó maraíodh 192 duine i mbuamáil traenach Mhaidrid sa bhliain 2004.
Ionsaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]
1. Pléascanna Stade de France[cuir in eagar | athraigh foinse]

2. Scaoileadh marfach[cuir in eagar | athraigh foinse]
Maraíodh tuairim is 40 sna ionsaithe ag bialanna sa chathair (Rue Bichat, Rue Alibert, Rue de la Fontaine-au-Roi, Rue de Charonne, agus Boulevard Voltaire):
· 19 ag La Belle Equipe, bialann san 11ú arrondissement
· 12-14 ag beár Le Carillon, sa mbialann Le Petit Cambodge sa 10ú arrondissement
· 5 ag La Casa Nostra san 11ú arrondissement
3. Sléacht Bataclan[cuir in eagar | athraigh foinse]
Maraíodh 90 duine san eachtra uafáis, a bhí ag freastal ar cheolchoirm sa Bataclan ar 13ú Samhain, tar éis do 4 ionsaitheoirí a bhí armtha agus a raibh ábhar pléascach acu breis agus 100 duine a thógáil ina ngialla ansiúd. 15 a maraíodh ar dtús báire. Ach rinne fórsaí slándála ruathar ar an amharclann agus. Chualathas rois mhór urchair agus pléascáin ann. Mhaidhm na gunnadóirí na criosanna pléascán a bhí orthu nuair a tharla sin. Ansin chaith na hionsaitheoirí urchair agus ábhar pléasctha leis na gialla[1].
Toradh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí daoine ó thíortha éagsúla ar fud an domhain i measc na marbh, roinnt mhac léinn ina measc.. Gortaíodh Éireannach amháin sna h-ionsaithe.
Ceantair faiseanta anamúla iad an 10ú agus an 11ú arrondissement, mar a mbíonn na caiféanna agus na bialanna plódaithe tráthnóna Dé hAoine. Bailíonn daoine óga anseo chun tús a chur leis an deireadh seachtaine, gliondar orthu agus iad ag gáirí agus ag cabaireacht[2].
Náisiúntacht | Básanna |
---|---|
![]() |
99 |
![]() |
3 |
![]() |
3 |
![]() |
2 |
![]() |
2 |
![]() |
2 |
![]() |
2 |
![]() |
2 |
![]() |
2 |
![]() |
2 |
![]() ![]() |
1 |
![]() ![]() |
1 |
![]() ![]() |
1 |
![]() |
1 |
![]() |
1 |
![]() |
1 |
![]() |
1 |
![]() |
1 |
![]() |
1 |
![]() ![]() |
1 |
Iomlán | 130 |

Na sceimhlitheoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí ráiteas eisithe ag an eagraíocht Stáit Ioslamach ISIS ag rá gurb iad a bhí freagrach as na h-ionsaithe a tharla i bPáras. Dúirt an ráiteas go mbeadh an Fhrainc ina thargaid acu chomh fada is a lean an tír sin ar aghaidh ag déanamh ionsaithe aeir ar chríocha a bhí gafa ag ISIS agus ag maslú an Fáidh Mohammed.
Bhí triúr ionsaitheoirí aitheanta ina saoránaigh de chuid na Fraince[3].

Creidtear gurb é Salah Abdeslam, 26 bliain d'aois, an t-aon duine den ghrúpa mílisteach a rinne na hionsaithe ar éirigh leis na cosa a thabhairt leis. Gabhadh sa mBruiséil é i mí Márta 2016 tréis dó bheith ar a theitheadh ar feadh cheithre mí[4].
Ainmníodh na sceimhlitheoirí eile, mar shampla Foued Mohamed Aggad. Thaistil Aggad chun na Siria sa bhliain 2013 agus bíodh is gur gabhadh formhór an bhuínn nuair a fhill siad ar an Fhrainc i 2014[5].
Fuarthas pas teifigh ón tSiria a cheaptar a cláraíodh sa nGréig i nDeireadh Fómhair 2015 gar do chorp duine do na hionsaitheoirí i bPáras[6].
Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tamall gairid ina dhiaidh sin, tháinig airí an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir le bearta slándála teorann níos déine i limistéar Schengen, limistéar saor ó phasanna[7].
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ RTÉ (2015). "128-ar-a-laghad-maraithe". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ TUAIRISC.ie (2015). "TUAIRISC Ó PHÁRAS: ‘An cogadh atá anseo againn, a mhamaí?’". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ RTÉ (2015). "Ionsaithe Phárais: ceannlinte". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ RTE (2016). "Diúltaíonn Abdeslam ceisteanna ó Bhreitheamh sa bhFrainc a fhreagairt". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ RTÉ (2015). "Tá údaráis agus póilíní Pháras théis an tríú buamálaí a rinne ionsaí ar cheoláras an Bataclan i bPáras a aithint". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ RTÉ (2015). "Fuarthas gunnaí Kalashnikov i gcarr dubh". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-06-15. Dáta rochtana: 2017-12-16.