Gránáid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Arm, soitheach pacáilte le hábhar pléascach de ghnáth, le fáinne a tharraingítear chun an fiús simplí a adhnadh. Ceapadh í le haghaidh garchomhraic, agus is féidir í a chaitheamh le lámh nó teilgeoir. Bhí gránáidí á gcaitheamh le catafailt sa tSín faoi 1042, de réir na lámhscríbhinní. I measc na gcineálacha nua-aoiseacha tá gránáidí deataigh, gránáidí fosfair bháin, gránáidí srapnail, gránáidí le fiús moillithe, agus gránáidí a fhágann an namhaid gan aithne.