Tóiceo
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
| 東京都 (ja) | |||||
|
|||||
| Aintiún | Tokyo Metropolitan Song (en) | ||||
| Siombail oifigiúil | Ginkgo biloba, Prunus ×yedoensis agus sléibhín | ||||
| Ainmnithe in ómós | príomhchathair agus oirthear | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | an tSeapáin | ||||
| Príomhchathair de | an tSeapáin (1947–) | ||||
| Príomhchathair | Shinjuku | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 14,264,798 (2022) | ||||
| • Dlús | 6,501.58 hab./km² | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | 南関東 Greater Tokyo Area (en) | ||||
| Achar dromchla | 2,194.05 km² | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Bá Thóiceo, Abhainn Sumida, Abhainn Arakawa agus Abhainn Edo | ||||
| Airde | 6 m | ||||
| Pointe is airde | Mount Kumotori (en) | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | Maoracht Tokyo agus Cathair Thóiceo | ||||
| Cruthú | 6 Meán Fómhair 1868 | ||||
| Eachtra thábhachtach | February 26 Incident (en) Bombing of Tokyo (en) Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1964 (1964) Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2020 (2020) | ||||
| Saoire phoiblí | |||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Comhlacht feidhmiúcháin | Tokyo Metropolitan Government (en) | ||||
| Comhlacht reachtach | Tokyo Metropolitan Assembly (en) | ||||
| • Gobharnóir Thóiceo | Yuriko Koike (2016–) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Cód ISO 3166-2 | JP-13 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | metro.tokyo.lg.jp | ||||
Is é Tóiceo (東京; Tōkyō
éist leis sa tSeapáinis) príomhchathair na Seapáine, agus é suite i réigiún Chantó (関東地方; Kantō-chihō). Tugtar Ardchathair Thóiceo (東京都; Tōkyō-to) air go hoifigiúil sa tSeapáinis leis. Is é an chathair is mó sa tír é, óir tá breis agus 14,200,000 duine ina gcónaí sa chathair ó cheart.[1] Is é Tóiceo an limistéar uirbeach is mó ar domhan ó thaobh daonra de, agus thart ar 40,000,000 duine ina gcónaí i gceantar uirbeach na cathrach.
Tá Tóiceo suite ar an gcósta in oirthear Hoinsiú (本州; Honshū), an t-oileán is mó in oileánra na Seapáine. Tá an chathair roinnte ina 23 barda óna ndéantar Ardchathair Thóiceo, le chéile le limistéar Tama (多摩地域; Tama-chiiki) san iarthar chomh maith le hoileáin Thóiceo san Aigéan Ciúin.
Is é Tóiceo, ón 17ú aois ar aghaidh, an áit is tábhachtaí i saol polaitiúil na tíre. Is i dTóiceo atá formhór na bhforas náisiúnach lonnaithe, amhail príomháras impire na Seapáine, áras an phríomh-aire, an Diat Náisiúnta (Dáil na Seapáine), airí rialtais agus na hambasáidí eachtracha.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Baisteadh Tóiceo (東 tō "oirthear", agus 京 kyō "príomhchathair") ar an gcathair sa mbliain 1868 i rith réabhlóid Meiji, nuair a rinneadh príomhchathair na tíre de. Tá an chathair suite ar thaobh thoir na tíre, soir ón sean-phríomhchathair roimhe sin, Ceotó. Is é an nós in oirthear na hÁise an focal “príomhchathair” (京) a chur in ainm na príomhchathrach: féach Béising (北京), Nanjing (南京) na Síne nó Gyeonggi (京畿) thimpeall Shúl na Cóiré leis. Tagann an dá chuid seo le chéile chun "Tóiceo", "an príomhchathair oirthearach" a dhéanamh.
Edo (江戸) a tugadh ar an mbaile a bhí ann sula ndearnadh príomhchathair na Seapáine de, a chiallaíonn "inbhéar, ríbhear". Is é béal an Sumida (隅田川, Sumida-gawa) atá i gceist leis an ainm seo.
Iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Feidhmíonn Tóiceo mar chroílar chóras iompair na Seapáine. Tá gréasán fairsing iarnróid ann, chomh maith le busanna, tacsaithe, líne traenach aonráille agus líne tram. Is é an córas traenach an modh iompair is tábhachtaí i dTóiceo,[2] agus is é an líonra uirbeach iarnróid is mó ar domhan é. Is i dTóiceo atá an stáisiún iarnróid is gnóthaí ar domhain, Stáisiún Shinjuku, lonnaithe.[3]
Tá dhá aerfort mhóra sa réigiún: Aerfort Idirnáisiúnta Narita, taobh amuigh den chathair i maoracht Chiba, agus Aerfort Haneda, atá suite níos cóngairí do lár na cathrach.
Bardaí speisialta Thóiceo
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá 23 barda speisialta (特別区; tokubetsu-ku) ann i dTóiceo, lena socraíodh teorainneacha sheanchathair Thóiceo sular n-atarraingíodh críocha na cathrach sa mbliain 1943. Is faoin "Dlí um fhéinriail áitiúil 1947" a bunaíodh na bardaí speisialta. Tá méara, comhairle agus stádas mar chathracha iad féin ar leith ag gach aon de na bardaí seo.
| Ainm | Seapáinis | Daonra (2007) | Dlús daonra/km² | Achar km² |
|---|---|---|---|---|
| Adachi | 足立区 | 629,392 | 11,830.68 | 53.20 |
| Arakawa | 荒川区 | 194,777 | 18,262.25 | 10.20 |
| Bunkyō | 文京区 | 194,933 | 16,009.28 | 11.31 |
| Chiyoda | 千代田区 | 43,802 | 3,763.06 | 11.64 |
| Chūō | 中央区 | 104,997 | 10,344.53 | 10.15 |
| Edogawa | 江戸川区 | 661,386 | 13,264.86 | 49.86 |
| Itabashi | 板橋区 | 529,059 | 16,445.72 | 32.17 |
| Katsushika | 葛飾区 | 428,066 | 12,286.62 | 34.84 |
| Kita | 北区 | 330,646 | 15,885.67 | 20.59 |
| Kōtō | 江東区 | 436,337 | 10,963.24 | 39.80 |
| Meguro | 目黒区 | 267,798 | 18,217.55 | 14.70 |
| Minato | 港区 | 205,196 | 10,088.30 | 20.34 |
| Nakano | 中野区 | 312,939 | 20,097.82 | 15.59 |
| Nerima | 練馬区 | 702,202 | 14,580.61 | 48.16 |
| Ōta | 大田区 | 674,590 | 11,345.27 | 59.46 |
| Setagaya | 世田谷区 | 855,416 | 14,728.23 | 58.08 |
| Shibuya | 渋谷区 | 205,512 | 13,337.13 | 15.11 |
| Shinagawa | 品川区 | 353,887 | 15,576.01 | 22.72 |
| Shinjuku | 新宿区 | 309,463 | 16,975.48 | 18.23 |
| Suginami | 杉並区 | 534,981 | 15,725.49 | 34.02 |
| Sumida | 墨田区 | 237,433 | 16,079.49 | 13.75 |
| Taitō | 台東区 | 168,277 | 16,139.38 | 10.08 |
| Toshima | 豊島区 | 256,009 | 19,428.44 | 13.01 |
Comhchathracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá nascanna comhpháirtíochta ag Tóiceo leis an 12 cathair agus stát a leanas:[4]
- NuaEabhrac (Stáit Aontaithe Mheiriceá) ón 29 Feabhra 1960;
- Béising (an tSín) ón 14 Márta 1979;
- Páras (an Fhrainc) ón 14 Iúil 1982;
- New South Wales (an Astráil) ón 9 Bealtaine 1984;
- Súl (an Chóiré Theas) ón 3 Meán Fómhair 1988;
- Iacárta (an Indinéis) ón 23 Deireadh Fómhair 1989;
- Stát São Paulo (an Bhrasaíl) ón 13 Meitheamh 1990;
- Caireo (an Éigipt) ón 23 Deireadh Fómhair 1990;
- Moscó (an Rúis) ón 16 Iúil 1991;
- Beirlín (an Ghearmáin) ón 14 Bealtaine 1994;
- An Róimh (an Iodáil) ón 5 Iúil 1996;
- Londain (an Ríocht Aontaithe) ón 14 Deireadh Fómhair 2015.
Aeráid
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Tóiceo – Aeráid | |||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Mí | Eanáir | Feabhra | Márta | Aibreán | Bealtaine | Meitheamh | Iúil | Lúnasa | Meán Fómhair | Deireadh Fómhair | Samhain | Nollaig | Bliain |
| Meán-uasteocht an lae (°C) | 9.8 | 10.0 | 12.9 | 18.4 | 22.7 | 25.2 | 29.0 | 30.8 | 26.8 | 21.6 | 16.7 | 12.3 | 19.7 |
| Meán-íosteocht na h-oíche(°C) | 2.1 | 2.4 | 5.1 | 10.5 | 15.1 | 18.9 | 22.5 | 24.2 | 20.7 | 15.0 | 9.5 | 4.6 | 12.5 |
| Meán-bháisteach (mm) | 48.6 | 60.2 | 114.5 | 130.3 | 128.0 | 164.9 | 161.5 | 155.1 | 208.5 | 163.1 | 92.5 | 39.6 | 1,466.7 |
| Foinse: Met Office Eanáir 2011 | |||||||||||||
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "東京都の人口(推計)|東京都の統計" (Seapáinis). www.toukei.metro.tokyo.lg.jp. Dáta rochtana: 2025-01-10.
- ↑ John L. Renne (2016-02-17). "Transit Oriented Development: Making it Happen" (as Béarla): 245–258. Routledge.
- ↑ "Busiest station" (Béarla). Guinness World Records. Dáta rochtana: 2022-08-08.
- ↑ "Sister Cities(States) of Tokyo - Tokyo Metropolitan Government" (Béarla). www.metro.tokyo.lg.jp. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-09-25. Dáta rochtana: 2025-01-10.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Suíomh Gréasáin oifigiúil (sa tSeapáinis)
