Ábhar neamhbheo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Crobhaing bláthanna le Jan Brueghel Mór (1599)

San ealaín, léiriú réada stataigh, cosúil le coinneal, gléas ceoil, leabhar, peann, bláth, toradh, uirlisí cistine is eile. Dhéantaí ealaín mar seo anallód, ach bhí sí faoi bhláth in iarthar na hEorpa sa 17ú céad, san Ollainn go háirithe. Uaireanta bíonn an ealaín neamhbheo samhaltach, ach uaireanta eile is léiriú í ar scileanna an phéintéara.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ábhar neamhbheo". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 8.