Ealaín Chríostaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suipéar ag Emmaus, le Caravaggio

Ealaín a bhain le forbairt na Críostaíochta ó timpeall 300 AD san Iodáil, a mhionathraigh stíl dhéanach na Róimhe ach le híocónagrafaíocht nua.

Léiríonn freascónna ar chatacómaí na Róimhe, painéil le rilífí dealbhaithe ar sharcófagais, agus snoíodóireacht eabhartha chomh luath leis an 4ú céad bunábhair mar an Aoire Maith, Ióna is an Míol Mór, agus radhairc ó pháis Chríost.

Níl crochadh Chríost san íocónagrafaíocht go dtí an 5ú céad.

I maisiú lámhscríbhinní sa tréimhse, bhí meascán den nádúrachas clasaiceach is teibíocht an oirthir.

Sa phéintéireacht painéil is luaithe, ón 7ú céad, bhí an Mhaighdean Mhuire is na naoimh mar théamaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín Chríostaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 231.