Apsaint

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Gloine apsainte agus spúnóg apsainte

Réimse biotáillí de bhun na bplandaí apsainte is ea an apsaint, agus go ginearálta 45%-74% ADT (alcól de réir toirte) aici. Go traidisiúnta, bíonn dath glas aici go nadúrtha, ach is féidir léi freisin a bheith gan dath. Sa litríocht stairiúil, tugtar uirthi go minic la fée verte ('an tsíog ghlas', as Fraincis). Is as Cantún Neuchâtel, san Eilvéis, í an apsaint ar dtús, agus fuair sí éileamh mór sa Fhrainc ar feadh deiridh na 19ú, agus tosú na 20ú, haoise. Mar gheall go pointe áirithe ar an gceangal a braitheadh idir í agus an gcultúr boihéamach, chuir caoimhigh sóisialta an lae go mór ina héadan.