Jules Dumont d'Urville
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 23 Bealtaine 1790 Condé-sur-Noireau, An Fhrainc ![]() |
Bás | 8 Bealtaine 1842 51 bliana d'aois Meudon, An Fhrainc ![]() |
Siocair bháis | Bás tionóisceach (Versailles rail accident (en) ![]() |
Áit adhlactha | Reilig Montparnasse ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | University of Caen Normandy (en) ![]() ![]() |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Luibheolaíocht |
Gairm | taiscéalaí, saighdiúir, luibheolaí, cartagrafaí ![]() |
Teangacha | Béarla agus an Fhraincis |
Gairm mhillteach | |
Brainse míleata | French Royal Navy (en) ![]() |
Céim mhíleata | contre-amiral (en) ![]() ![]() |
Saothar | |
Giorrúchán luibheolaíochta | d'Urv. |
Teaghlach | |
Céile | Adèle Dumont D'Urville (1815–luach anaithnid) ![]() |
Gradam a fuarthas | |
![]() ![]() |
Ba thaiscéalaí Francach é Seach-Aimiréal Jules Sébastien César Dumont d'Urville (23 Bealtaine 1790, Condé-sur-Noireau – 8 Bealtaine 1842, Meudon), a thaiscéal an tAigéan Ciúin deisceartach, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus Antartaice.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
B'é d'Urville a tháinig ar an Venus de Milo le linn a thaiscéaladh go dtí na hOileáin Gréagacha sa bhliain 1820. Tá an dealbh le feiceáil inniu san Louvre i bPáras. Sheol sé timpeall an domhain i 1822 faoi cheannas an Chaptaein Louis Isidore Duperrey, agus bhailigh sé a lán plandaí agus ainmhithe a thóg sé abhaile leis.

Sa bhliain 1826 chuaigh sé go dtí an tAigéan Ciúin, agus scrúdaigh sé Nua-Ghuine, an Nua-Shéalainn agus roinnt oileáin eile atá sa réigúin seo agus ar a dtugtar an Aigéine sa lá atá inniu ann. B'eisean a chum na téarmaí an Mhicrinéis agus an Mheilinéis i rith an turais sin. Chuaigh sé ar thuras go dtí Antartaice sa bhliain 1837, agus thug sé an t-ainm Cósta Adélie ar réigiún atá ansin, tar éis a bhean chéile. D'fhill d'Urville abhaile sa bhliain 1840, agus rinneadh seach-aimiréal de.
Cailleadh d'Urville agus a bhean chéile i dtimpiste iarnróid i Meudon na Fraince sa bhliain 1842. Tá sé curtha i Cimetière du Montparnasse, reilig i bPáras. Is measc na háiteanna a ainmníodh tar éis d'Urville tá an Mhuir d'Urville agus Oileán d'Urville san Antartaice, agus Cape d'Urville, Irian Jaya (san Indinéis, ar an oileán Nua-Ghuine), agus tOileán D'Urville sa Nua-Shéalainn.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |