An Mhicrinéis
Appearance
Cineál | Grúpa, réigiún cultúrtha agus limistéar geografach | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | an Aigéine | ||||
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil | An tAigéan Ciúin | ||||
Suíomh | |||||
Limistéar riaracháin | luach anaithnid | ||||
| |||||
Codanna | |||||
Foréigiún de chuid na hAigéine in iarthuaisceart an Aigéin Chiúin is ea an Mhicrinéis. Tá thart ar 2,000 oileán beag sa réigiún. Tá dlúthcheangal cultúrtha idir an Mhicrinéis agus trí réigiún eile san Aigéan Ciúin: Oirdheisceart Muirí na hÁise ar an taobh thiar, an Pholainéis ar an taobh thoir, agus an Mheilinéis ó dheas — chomh maith leis an bpobal Astrainéiseach níos leithne.
Tá ceithre phríomhoileánra sa Mhicrinéis — Oileáin Caroline, Oileáin Gilbert, na hOileáin Mháirianacha, agus Oileáin Marshall — chomh maith le go leor oileán beag nach cuid d'oileánra ar bith iad.