Lá ANZAC

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá ANZAC
Íomhá
Cineálsaoire phoiblí Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósAustralian and New Zealand Army Corps (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comóireann séFeachtas Gallipoli Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1916 - 
25 Aibreán Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Astráil agus an Nua-Shéalainn Cuir in eagar ar Wikidata


Mustafa Kemal ag Gallipoli lena chuid saighdiúirí, 1915

Is Lá Náisiúnta Cuimhneacháin é Lá ANZAC san Astráil agus sa Nua-Shéalainn. Ceiliúrtar Lá ANZAC gach bliain ar an 25 Aibreán, nuair a rinne na trúpaí Astrálacha agus Nua-Shéalannacha ionradh ar an Tuirc sa bhliain 1915, "feachtas Gallipoli".

Ar fiannas sa Chéad Chogadh Domhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 8 Eanáir 1915 d'ionsaigh fórsaí na Ríochta Aontaithe Caolas na nDardanelles, agus iad ag iarraidh Iostanbúl a bhaint amach trí Leithinis Gallipoli.

Theip ar longa na Breataine briseadh tríd an gcaolas. Chinn na Briotanaigh mar sin ar thrúpaí a chur i dtír.

Bhí Rannán a Naoi Déag ar garastún i nGallipoli agus Mustafa Kemal i lár an aonaigh dá bharr. Nuair a tháinig fórsaí na hAstráile agus na Nua-Shéalainne (ANZAC - "Australian and New Zealand Army Corps") i dtír ar 25 Aibreán 1915 san áit a bhfuil "ANZAC Cove" uirthi inniu, bhí fórsaí na Tuirce rompu, le Kemal Atatürk i mbun. Bhí na "Anzacs" faoi léigear.

Atatürk, agus Cheannasaí an Airm (1918).

Spreag Mustafa Kemal a chuid saighdiúirí leis na focail seo:

Ordaím daoibh cath a chur, ordaím daoibh bás a fháil. Ag fáil bháis dúinn tabharfaimid deis do shaighdiúirí agus do cheannasaithe eile teacht sa bhearna bhaoil.

Le teacht na hoíche bhí dhá mhíle Anzac marbh agus iad ag iarraidh teannta a gcos a choinneáil ar an gcladach. Bhí siad sáinnithe ar an trá go ceann dhá sheachtain eile agus maraíodh duine as gach triúr.

Comóradh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúirt Michael D. Higgins, a raibh fiche Ceann Stáit eile ina chuideachta ag “Searmanais Chomórtha Gallipoli” ar 23 Aibreán 2015, "b’fhéidir go raibh rud éigin i bhfeachtas ionsaitheach Gallipoli, agus ina chur i gcrích anacrach, a léirítear mar eachtra nach bhfuil de chúiteamh ann ach an t-aiféala, an fearg agus, b’fhéidir, admháil na ciontachta óna húdair."[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2020-04-25.