Am caighdeánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Amchriosanna an domhain

Bíonn an t-am a léitear ar an gclog bunaithe ar rothlú an Domhain ar a ais i dtaca leis an nGrian. Tugtar grianam air seo freisin. Freagraíonn rothlú iomlán amháin do lá. Nuair a bhíonn an Ghrian díreach os ár gcionn, bíonn meán lae ann; ag aon domhanfhad eile bheadh am eile ann. Mar chúiteamh air seo, aontaíodh an t-am caighdeánach i 1884. Roinneadh an Domhan ina 24 réigiún, an réimse idir dhá fhadlíne i ngach ceann acu, a bheag nó a mhór, agus glactar leis go bhfuil an t-am céanna ag gach áit sa chrios sin. Mar sin, athraíonn an t-am d'uair ag imeall gach creasa. Tugtar meánam Greenwich ar an am in Éirinn, thiar ó fhadlíne 0° trí Greenwich Shasana.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Am caighdeánach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 34.