Henry Wilson
Marascail Machaire na Ríochta Aontaithe, polaiteoir agus Aontachtaí Éireannach ba ea Sir Henry Wilson, an Chéad Baronet, GCB, DSO (5 Bealtaine 1864 – 22 Meitheamh 1922). Bhí sé i gceannas ar an arm Briotanach i rith an Chéad Chogaidh Domhanda. Feallmharaigh an tIRA é in 2022.

Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Wilson ar 5 Bealtaine 1864 i gCurrach Gránna,[1] in aice le Béal Átha na Lao, Co. an Longfoirt, an dara mac as ceathrar mac agus triúr iníon a bhí ag James Wilson, tiarna talún, agus a bhean chéile Constance Grace Martha Wilson. Mhaígh an teaghlach gur tháinig siad go Carraig Fhearghais le Uilliam Oráiste sa bhliain 1690, agus rinneadh tiarnaí talún díobh tar éis Acht na nEastát Muirearaithe (Éirinn) 1849.
Roimh an gCogadh, bhí Wilson ina Cheannasaí ar Choláiste na Foirne, Camberley, agus ansin ina Stiúrthóir ar Oibríochtaí Míleata ag an Oifig Chogaidh, áit ar chabhraigh sé go mór le pleananna a leagan amach chun Fórsa a chur chun na Fraince i gcás cogaidh.
Bhí cáil air mar scéiméir polaitiúil — ghríosaigh sé i bhfabhar coinscríofa, agus bhí baint lárnach aige le géarchéim an Churraigh i 1914, nuair a mhol sé d'oifigigh éirí as seachas gníomhú in aghaidh Óglaigh Uladh. I mí Feabhra 1918 amháin a ceapadh é ina Ard-Cheannasaí Foirne Impiriúil ("Chief of the Imperial General Staff") — an post míleata ba shinsearaí ar fad — post a choinnigh sé go dtí 1922.
Feallmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 22 Meitheamh 1922, scaoileadh marbh Wilson, ar leac a dhorais féin i lár Londan.[2] Bhí Wilson ina chomhairleoir slándála do Phríomh-Aire Thuaisceart Éireann, James Craig ag an am céanna.
Mar thoradh, chuir Rialtas na Breataine brú ar an gCoileánach ionsaí a dhéanamh ar na Ceithre Cúirteanna.[3] Bhí David Lloyd George den tuairim gur poblachtánaigh frith-Chonartha ba chúis leis an marú.[4]
Crochadh na dúnmharfóirí Reginald Dunne agus Joseph O'Sullivan ar 10 Lúnasa 1922.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ logainm.ie. "Currygrane". Dáta rochtana: 2026.
- ↑ Nollaig Ó Gadhra (1995). "Údarás nua - tús nua?". Comhar 54 (8): 4. doi:. ISSN 0010-2369.
- ↑ Peter Hart (1992). "Michael Collins and the Assassination of Sir Henry Wilson". Irish Historical Studies 28 (110): 150–170. ISSN 0021-1214.
- ↑ UCD.ie (2016). "UCD-Decade-of-Centenaries". Dáta rochtana: 2019.
- ↑ Reginald Dunne (1922). "Statement by Reginald Dunne about his participation (along with Joe O'Sullivan)in the assassination of Sir Henry Wilson at Liverpool Street Station, London, on 21st June 1922, with its authentication verified by Sean McGrath," (English). catalogue.nli.ie. Dáta rochtana: 2022-08-10.
- Daoine a rugadh i 1864
- Básanna i 1922
- An Dún Thuaidh (toghcheantar na Ríochta Aontaithe)
- Baill Eaglais na hÉireann
- Baill Pháirtí Aontachtach Uladh
- Cogadh na mBórach
- Daoine a feallmharaíodh
- Daoine Angla-Éireannacha
- Daoine as Contae an Longfoirt
- Feisirí de Pharlaimint na Ríochta Aontaithe
- Fir
- Ginearáil Arm na Breataine
- Ridirí
- Saighdiúirí Éireannacha
- Uaisleacht Éireannach