Augusto Pinochet

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Augusto Pinochet
Pinochet de Civil.jpg
seanadóir na Sile


Uachtarán na Sile

Márta 11, 1981 - Márta 11, 1990
Military Junta of Chile (en) Aistrigh - Patricio Aylwin
Saol
Ainm iomlánAugusto José Ramón Pinochet Ugarte
Eolas breitheValparaíso, an tSile, 25 Samhain 1915
NáisiúntachtAn tSile
Áit chónaitheValparaíso, an tSile
Teanga dhúchaisAn Spáinnis
BásSantiago de Chile, 10 Nollaig 2006
Áit adhlacthaluach ar iarraidh
Cúis bháisbás nádúrtha (ionfharchtadh miócairdiach)
Muintir
Céile/CéilíLucía Hiriart  (Eanáir 29, 1943 -  Nollaig 10, 2006)
Páistí
TreibhQ17632040 Aistrigh
Oideachas
Alma materInstituto Rafael Ariztía (en) Aistrigh meánoideachas
Bernardo O'Higgins Military School (en) Aistrigh 1936) alférez (en) Aistrigh
Colegio de los Sagrados Corazones de Valparaíso (en) Aistrigh meánoideachas
Ollscoil na Sile : dlí
TeangachaAn Spáinnis
Gairm
Gairmsaighdiúir agus polaiteoir
FostóiríChilean Army War Academy (en) Aistrigh
Duaiseanna
BallraíochtMilitary Junta of Chile (en) Aistrigh
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataChilean Army (en) Aistrigh
Céimcaptain general (en) Aistrigh
Throid sé/sí agAugusto Pinochet toma el cargo como presidente (en) Aistrigh
Cleamhnú
ReiligiúinCaitliceachas
Páirtithe polaitíochtamilitary dictatorship (en) Aistrigh
IMDbnm0684496
Discogs ID4048500
Signature of Augusto Pinochet.svg
1971

Ginearál agus uachtarán na Sile ab ea Augusto Pinochet Ugarte (25 Samhain 1915 - 10 Nollaig 2006). Bhí sé i gceannas ar éirí amach i gcoinne rialtas Salvador Allende i Meán Fómhair 1973. Bhí sé ina uachtarán - nó ina dheachtóir - ó 1973 go dtí 1990 agus ina sheanadóir ina dhiaidh sin.

timpeall 1974

Deachtóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh Salvador Allende mar uachtarán na tíre i 1970, an chéad Marxach a toghadh go daonlathach i dtír ar bith.

D'éirigh an t-arm faoin nginearál Augusto Pinochet amach i gcoinne Allende ar 11 Meán Fómhair 1973 agus maraíodh an t-uachtarán le linn an éirí amach. Ghlac Pinochet seilbh ar rialtas na Sile agus lean an deachtóireacht ar aghaidh go 1988.

1998

Gabháil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gabhadh an Ginearál Pinochet i Londain ar an 16 Deireadh Fómhair 1998.[1][2] Cuireadh ina leith gur ordaigh sé cinedhíothú ar dhaoine neamhchiontacha sna 1970idí.

D'eisigh na Tiarnaí Dlí barántas eiseachadta, chun Pinochet a chur ar triail sa Spáinn.[3] Ach níos déanaí, fuair Tiarnaí Dlí eile locht sa chinneadh sin.[4]

I gcinneadh eile ina dhiaidh sin i dTeach na dTiarnaí, fuarthas go raibh Pinochet freagrach as na himeachtaí a tharla ó 1988 ar aghaidh, agus na himeachtaí sin amháin (ach bhí Pinochet ag éirí as oifig timpeall an ama seo).

Ar aon nós, rinne Pinochet achomharc in aghaidh an chinnidh sin ach chaill sé an t-achomharc.

Ansin lig Pinochet air féin go raibh sé tinn agus faoi mhíchumas, agus ag brath ar chathaoir rothaí. Mar sin, ligeadh saor é i Sasana ar an 2 Márta 2000. Thuirling Pionchet i Santiago de Chile an lá dár gcionn (le cúnamh ó RAF) ach ní raibh sé ag brath ar chathaoir rothaí níos mó, iontas na niontas.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Pinochet arrested in London" (en). the Guardian (1998-10-18). Dáta rochtana: 2021-10-17.
  2. "BBC World Service - Witness History, The Arrest in London of Augusto Pinochet" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2021-10-18.
  3. "Indictment and arrest of Augusto Pinochet" (as en) (2021-02-05). Wikipedia. 
  4. "Hutton, Baron, (James Brian Edward Hutton) (born 29 June 1931)" (2007-12-01). Who's Who. Oxford University Press. 
  5. Youtube (físeán) (2000). "Retorno de Pinochet (2000)" (as es).