Dúnmharú Declan Flynn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dúnmharú Declan Flynn
Saol
Eolas breithe1951
NáisiúntachtÉire
Bás9 Meán Fómhair 1982
Cúis bháisdúnmharú (foréigean)
Gairm

Tharla Dúnmharú Declan Flynn ar 9 Meán Fómhair 1982, fear aerach tríocha bliain d’aois , Dúnmharaíodh é i bPáirc Fionnradhairc, Baile Átha Cliath. Ach pianbhreith ar fionraí a gearradh ar lucht a mharaithe. Dúirt David Norris faoin gcinneadh sin go bhféadfaí é a thuiscint mar ‘licence to kill’, go raibh saorchead acu marú.[1]

Dúnmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn an tsamhraidh  i 1982, buaileadh a lán fir aeracha agus déghnéasacha in ionsaithe homafóbacha i mBÁC.[2]

Ar 9 Meán Fómhair 1982, bhí Flynn amuigh ag siúl i bPáirc Fhionnradhairc, suíomh aitheanta crúsála i mBÁC ag an am. Chuaigh scuaine d’fhir óga sa tóir ar Flynn, fear a bhí aitheanta go maith ag pobal na haiteachta in Éirinn. Nuair a tháinig an dream ar Flynn, leadradh go dona é agus bhásaigh sé tamall ina dhiaidh sin.

David Norris
Conspóidː dealbh Seán Russell i bPáirc Fionnradhairc sa bhliain 2020

Cás dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'ainneoin gur admhaigh beirt den chúigear ionsaitheoirí gur ionsaigh siad timpeall 20 duine LADT+ thar an tréimhse sé seachtaine, scaoileadh saor gach duine den chúigear agus gearradh pianbhreith ar fionraí orthu.[3] (Ag an am céanna, gearradh téarma príosúin 12 mhí ar fhear a ghoid sparán). Dúirt an breitheamh i gcás Flynn 'nach bhféadfaí é seo a mheas mar dhúnmharú riamh' (‘this could never be regarded as murder’) agus nach raibh ‘aon chineál pionóis’ (‘no element of correction’) ag teastáil maidir leis na fir.

Bhí an-imní ar dhaoine LADT+ faoin toradh. Níos déanaí d’eagraigh na dúnmharfóirí “…victory march in Fairview Park shouting “we are the champions”….” leis an gcás cúirte a cheiliúradh.

Mar thoradh ar an gcás, tharla an agóid ba mhó ar son cearta LADT+ go dtí sin. Dé Sathairn, 19 Márta 1983, tar éis an bhreithiúnais, chuaigh na céadta duine ar mhórshiúl ó Halla na Saoirse go Páirc Fhionnradhairc (áit ar maraíodh Flynn).[2]

Aighneas polaitiúil agus dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí stoirm pholaitíochta ann faoin dúnmharú. Bhí sé mar aidhm ag an feachtasóir, David Norris (a bhí tofa mar sheanadóir níos déanaí sa bhliain 1987) agus an t-abhcóide agus seanadóir Mary Robinson cosaint bhunreachtúil a bhaint amach do homaighnéasaigh na tíre ag breathnú go háirithe ar an bpríobháideachas ó na 1980í i leith.[4] Ach theip ar a gcás cúirte sa bhliain 1983 in aghaidh an stáit.  De réir mar a mhínigh an Príomh-Bhreitheamh Tom O'Higgins, “…on the grounds of the Christian nature of our state and on the grounds that the deliberate pratice of homosexuality is morally wrong…”[5].

Mar thoradh ar sin, dhírigh Norris agus Robinson, ar Éirinn a thabhairt go dtí an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) sa bhliain 1988. Ar an 26 Deireadh Fómhair 1988, sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i Strasbourg, sa chás NORRIS v. IRELAND, thug an chúirt breithiúnas cinniúnach i bhfabhar cearta daoine aeracha agus leispiacha.[6] D’aontaigh an ECHR leis agus le Robinson nuair a mhaígh siad nach raibh de cheart ag Éirinn dlíthe in aghaidh lucht LADT a chur i bhfeidhm.

Aisghaireadh na dlíthe a lochtaigh an breithiúnas cúig bliana ina dhiaidh sin in 1993.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Eoin P. Ó Murchú (8 Deireadh Fómhair 2021). "Go raibh a thuilleadh seónna iontacha Gaeilge mar seo againn…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  2. 2.0 2.1 Irish National Teachers Organisation / https://into.ie/+(2022).+"Bród agus an troid ar son cearta comhionanna". Dáta rochtana: 2022.
  3. B'ionann pianbhreith ar fionraí agus a rá nach mbeadh orthu dul isteach sa phríosún ach amháin dá ndéanfaidís rud éigin mícheart eile.
  4. Seán Mac Risteaird (28 Meitheamh 2018). "An pobal LADT+ faoi bhláth in Éirinn ach obair mhór fós le déanamh" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  5. "Norris v. A.G., [1983 IESC 3 | Supreme Court of Ireland, Judgment, Law, casemine.com]" (en). https://www.casemine.com. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  6. human dignity trust. "Norris v. Ireland". Dáta rochtana: 2018.
  7. "Tugann an Seanadóir David Norris cuairt ar an gCartlann Náisiúnta chun taifid a bhaineann lena chás suntasach, David Norris V Éire, a fheiceáil ar taispeáint mar chuid de Sheachtain an Bhróid" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2022-06-26.