Stair lucht LADT in Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
The Shameful End sa bhliain 1640 : John Atherton, easpag (1598-1640) agus John Childe

stair lucht LADT in Éirinn ag dul siar na céadta bliain.[1] Tá fairsinge agus doimhneacht ag baint le stair an phobail LADTAIÉ+ in Éirinn.[2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1634, cuireadh dlí i bhfeidhm – an t-aon dlí amháin in Éirinn i gcoinne na homaighnéasachta.[3] Thosaigh cur faoi chois na gnéasachta, ré a mhair 450 bliain.

Ba é an Pharlaimint i mBaile Átha Cliath a chur an dlí sin i bhfeidhm. Ach is as Westminster a tháinig sé; ritheadh an dlí thall ansin sa bhliain 1533.[4]

Roimhe na 1630idí, ní raibh bac ar bith ar an homaighnéasacht in Éirinn i measc na nGaeil. Ach leis an Phlandáil, tháinig scoilt mhór in Éirinn ó thaobh stair na homaighnéasachta. Bhí meon i bhfad níos oscailte maidir le homaighnéasacht ag na Gaeil, ná mar a bhí ag na Sasanaigh a chur an tír faoi smacht.[2]

Ar 5 Nollaig 1640, chrochadh an tEaspag, John Atherton,[5] agus a stíobhard, John Childe i bPort Láirge. Ciontaíodh iad as dhá chúiseamh a bhain le bugaireacht (nó gníomhartha homaighnéasacha).

Conspóidː dealbh Seán Russell i bPáirc Fionnradhairc sa bhliain 2020, áit a dhúnmharaíodh Declan Flynn

20ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 26 Meitheamh 1980, d’oscail an polaiteoir radacach Noel Browne an Lárionad Hirschfeld, Sráid Fownes, Barra an Teampaill, BÁC. Bhí seirbhísí ar fáil ann don lucht LADT agus osclaíodh an club oíche míchlúiteach Flikkers. Bhí tarraingt mhór air sna 1980idí. Ar 4 Samhain 1987 dódh Fikkers go talamh le rún mioscaise.

Tharla an chéad agóid LADT+ i mBaile Átha Cliath ar an 27 Meitheamh 1974.[6] Chuaigh deichniúr (an feachtasóir David Norris san áireamh) ar mhórshiúl ón Roinn Dlí agus Cirt go dtí Ambasáid na Breataine chun agóid a dhéanamh in aghaidh choiriúlú na homaighnéasachta (iarsma ó na dlíthe coilíneachta).

Tharla Dúnmharú Declan Flynn sa bhliain 1982, fear aerach i mBÁC, Gearradh pianbhreith ar fionraí ar lucht a mharaithe. Dúirt an feachtasóir David Norris ag an am faoin gcinneadh sin go bhféadfaí é a thuiscint mar ‘licence to kill’, go raibh saorchead acu marú.[7]

Tharla an chéad Pharáid Bród i mBaile Átha Cliath i mí an Mheithimh 1983. Ó shin i leith, tá Bród Bhaile Átha Cliath ag dul ó neart go neart.[8]  

Athchóiriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

David Norris, feachtasóir LADT

Bhí sé mar aidhm ag David Norris (a bhí tofa mar sheanadóir níos déanaí sa bhliain 1987) agus an t-abhcóide agus seanadóir Mary Robinson cosaint bhunreachtúil a bhaint amach do homaighnéasaigh na tíre.[9] Ach theip ar a gcás cúirte sa bhliain 1983 in aghaidh an stáit.  De réir mar a mhínigh an Príomh-Bhreitheamh Tom O'Higgins, “…on the grounds of the Christian nature of our state and on the grounds that the deliberate pratice of homosexuality is morally wrong…”[10].

Mar thoradh ar sin, dhírigh Norris agus Robinson, ar Éirinn a thabhairt go dtí an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) sa bhliain 1988. Ar an 26 Deireadh Fómhair 1988, sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i Strasbourg, sa chás NORRIS v. IRELAND, thug an chúirt breithiúnas cinniúnach i bhfabhar cearta daoine aeracha agus leispiacha.[11] D’aontaigh an ECHR leis agus le Robinson nuair a mhaígh siad nach raibh de cheart ag Éirinn dlíthe in aghaidh lucht LADT a chur i bhfeidhm.

Aisghaireadh na dlíthe a lochtaigh an breithiúnas cúig bliana ina dhiaidh sin in 1993.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. museum.ie (26 Feabhra 2021). "Féile de stair lucht LADTI á cheiliúradh ag institiúídí cultúrtha na hÉireann i mí | Ard-Mhúsaem na hÉireann" (ga). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2023-07-25.
  2. 2.0 2.1 Seán Ó Dubhchon (2023-07-20). "'Ní raibh bac ar bith ar an homaighnéasacht in Éirinn roimh an bPlandáil'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-07-25.
  3. Paul Johnson (2019-10). "Buggery and Parliament, 1533–2017" (as en). Parliamentary History 38 (3): 325–341. doi:10.1111/1750-0206.12463. ISSN 0264-2824. 
  4. "Buggery Act 1533 as passed in England" (as en) (2023-07-24). Wikipedia. 
  5. "John Atherton" (as en) (2023-06-19). Wikipedia. 
  6. Irish National Teachers Organisation / https://into.ie/+(2022).+"Bród agus an troid ar son cearta comhionanna". Dáta rochtana: 2022.
  7. Eoin P. Ó Murchú (8 Deireadh Fómhair 2021). "Go raibh a thuilleadh seónna iontacha Gaeilge mar seo againn…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  8. "https://twitter.com/gaylgeoiri" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2022-06-25.
  9. Seán Mac Risteaird (28 Meitheamh 2018). "An pobal LADT+ faoi bhláth in Éirinn ach obair mhór fós le déanamh" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  10. "Norris v. A.G., [1983 IESC 3 | Supreme Court of Ireland, Judgment, Law, casemine.com]" (en). https://www.casemine.com. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  11. human dignity trust. "Norris v. Ireland". Dáta rochtana: 2018.
  12. "Outing the Irish LGBT past, telling the truth to the present at New York Irish Center" (en). IrishCentral.com (2019-02-15). Dáta rochtana: 2023-07-25.