Toghchán uachtaránachta na hÉireann
| Cineál | aicme toghcháin | ||
|---|---|---|---|
| Tír | Éire | ||
| Baint le limistéar údaráis | Éire | ||
| Oifig le buachan | Uachtarán na hÉireann | ||
Is éard is toghchán uachtaránachta na hÉireann ná toghchán a reáchtáiltear le hUachtarán na hÉireann a roghnú. Is iondúil go dtarlaíonn sé gach 7 mbliana nó tar éis pé tréimhse a d'éireodh Uachtarán reatha as.

Gnásanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad muintir na hÉireann a thoghann Uachtarán na hÉireann go díreach le haghaidh téarma 7 mbliana. Is féidir leis an Uachtarán dul san iomaíocht ansin go n-atoghfar iad do théarma 7 mbliana eile (rud a rinne Mícheál D. Ó hUiginn sa bhliain 2018) ach ní féidir leo fónamh ar feadh níos faide ná 2 théarma.[1]
Le bheith incháilithe, caithfidh na hiarrthóirí a bheith ina saoránaigh Éireannacha agus a bheith 35 bliain d’aois nó níos sine. Caithfidh ceachtar díobh seo a leanas na hiarrthóirí a ainmniú:
• Ar a laghad 20 comhalta den Oireachtas
• Ar a laghad 4 údarás áitiúla
• Is féidir le hiar-Uachtaráin nó Uachtaráin atá ag dul ar scor iad féin a ainmniú
Tá ceart ag duine ón Tuaisceart seasamh don oifig ach níl an ceart ag muintir an Tuaiscirt vótáil dóibh féin.[2]
Toghcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]
2025
2018
Bhí an toghchán ar siúl ar an 26 Deireadh Fómhair 2018 agus toghadh Mícheál D. Ó hUiginn in athuair.
2011
Mícheál D. Ó hUiginn a toghadh ar 27 Deireadh Fómhair 2011 mar chomharba ar Mháire Mhic Ghiolla Íosa don phost.

1997
Toradh toghcháin:
- Máire Mhic Ghiolla Íosa, Fianna Fáil 45.2%;
- Mary Banotti, Fine Gael ,29.3%;
- Dana Rosemary Scallon, 13.8%;
- Adi Roche Lucht Oibre, 6.9%;
- Derek Nally, Neamhspleách, 4.7%.

1990
Toradh toghcháin:
- Máire Mhic Róibín, Lucht Oibre, 38.9%;
- Brian Ó Luineacháin, Fianna Fáil, 44.1%;
- Austin Currie, Fine Gael, 17.0%.

1973
Toradh toghcháin:
- Erskine Childers, Fianna Fáil 51.9%;
- Tom O'Higgins Fine Gael 48.0%.
1966
Toradh toghcháin:
- Éamon de Valera, Fianna Fáil, 50.5%;
- Tom O'Higgins, Fine Gael 49.5%.

1959
Toradh toghcháin:
- Éamon de Valera, Fianna Fáil, 56.3%;
- Seán Mac Eoin, Fine Gael 43.7%.

1945
Toradh toghcháin:
- Seán T. Ó Ceallaigh, Fianna Fáil 49.5%;
- Seán Mac Eoin, Fine Gael 30.9%;
- Patrick McCartan, Lucht Oibre agus Clann na Talmhan19.6%;
1938
Ba é Dubhghlas de hÍde, a toghadh gan iomaíocht, an chéad Uachtarán sa bhliain 1938.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Citizensinformation.ie. "Toghchán an Uachtaráin" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-07-11.
- ↑ Eoin Ó Murchú (21 Iúil 2025). "An Rás don Áras – comhrac idir an eite dheis is an eite chlé" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-21.