Sochraid Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rosa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Funeral of O'Donovan Rossa, graveside in Glasnevin Cemetery, St. James's band, crowds (26203288753).jpg

Tharla sochraid Dhiarmada Uí Dhonnabháin Rosa ar an 1 Lúnasa 1915; d'éag an réabhlóidí Éireannach as Iarthar Chorcaí ar 29 Meitheamh, 1915 i Nua Eabhrac.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cearnóg Parnell ar 1 Lúnasa 1915

Ba mhór an tábhacht shiombalach a bhain lena thórramh. Tugadh a chorp ar ais go hÉirinn agus cuireadh é i Reilig Ghlas Naíon. Bhí Éirí Amach na Cásca á bheartú ag an am agus d’úsáid Bráithreachas na Poblachta an ócáid chun an náisiúnachas a ghríosadh sa phobal.[1]

coiste stiúrtha sa Rotunda

Óráid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Pádraig Mac Piarais a thug an óráid os cionn uaighe, ceann de na hóráidí ba cháiliúla i stair na hÉireann. Seo a leanas téacs na hóráide Gaeilge a thug an Piarsach ar an lá úd sa bhliain 1915:

A Ghaedheala,

Do hiarradh orm-sa labhairt inniu ar son a bhfuil cruinnighthe ar an láthair so agus ar son a bhfuil beo de Chlannaibh Gaedheal, ag moladh an leomhain do leagamar i gcré annso agus ag gríosadh meanman na gcarad atá go brónach ina dhiaidh.

A cháirde, ná bíodh brón ar éinne atá ina sheasamh ag an uaigh so, acht bíodh buidheachas againn inar gcroidhthibh do Dhia na ngrás do chruthuigh anam uasal áluinn Dhiarmuda Uí Dhonnabháin Rosa agus thug sé fhada dhó ar an saoghal so.

Ba chalma an fear thu, a Dhiarmuid. Is thréan d’fhearais cath ar son cirt do chine, is ní beag ar fhuilingis; agus ní dhéanfaidh Gaedhil dearmad ort go bráth na breithe.

Acht, a cháirde, ná bíodh brón orainn, acht bíodh misneach inar gcroidhthibh agus bíodh neart inar gcuirleannaibh, óir cuimhnighimís nach mbíonn aon bhás ann nach mbíonn aiséirghe ina dhiaidh, agus gurab as an uaigh so agus as na huaghannaibh atá inar dtimcheall éireochas saoirse Gheadheal.

Lean sé ar aghaidh i mBéarla, agus mar fhocal scoirː

"the fools, the fools, the fools! — they have left us our Fenian dead, and while Ireland holds these graves, Ireland unfree shall never be at peace".[2][3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. RTÉ (2015-08-01). "Comóradh 100 bliain ar Shochraid Uí Dhonnabháin Rossa i 1915" (in ga). 
  2. Pádraic H. Pearse - Character Study (1915). "O'Donovan Rossa". celt.ucc.ie. Dáta rochtana: 2020-08-01.
  3. PADRAIC Pearse (1916). "COLLECTED WORKS OF PADRAIC H. PEARSE" (in en). Lulu.com (2013).