Arm na hÉireann
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | arm | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | Feabhra 1922: National Army (en) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Líon fostaithe | 7,520 (2012) | ||||
Cuid de | Óglaigh na hÉireann | ||||
Suíomh gréasáin | military.ie… | ||||
Is cuid d'Óglaigh na hÉireann (Fórsaí Cosanta na hÉireann) é Arm na hÉireann. Tá sé roinnte ina dhá pháirt, na Buan-Óglaigh agus Cúltaca an Airm (roimh Meán Fómhair 2005, thugtaí an Fórsa Cosanta Áitiúil ar an gCúltaca). Tá 8,500 fear agus bean san arm faoi láthair.
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dá Briogáid Chosaithe atá i struchtúr an Airm, arna n-eagrú in eagair ilairm, a mbíonn ceanncheathrú briogáide, aonaid chomhraic, aonaid tacaíochta comhraic agus aonaid tacaíochta seirbhísí comhraic i ngach ceann acu. Is iad na Briogáid:
- Céad Bhriogáid an Deiscirt
- Dara Briogáid an Tuaiscirt
Tacaíonn "Airmheáin Traenála Óglaigh na hÉireann" (ATÓÉ) agus Bunáit Lóistíochta an Churraigh leis na feidhmeanna traenála agus lóistíochta do na Buan-Óglaigh agus do na hÓglaigh Chúltaca.
Naoi gCór Seirbhíse atá ag an Arm faoi láthair, gach ceann acu sannaithe, faoi seach, mar chór comhraic, tacaíochta nó tacaíochta seirbhíse comhraic:
- An Cór Coisithe (Aonaid Chomhraic)
- An Cór Airtléire (Aonaid Tacaíochta Comhraic)
- An Cór Marcra (Aonaid Tacaíochta Comhraic)
- An Cór SCE (Aonaid Tacaíochta Comhraic)
- Cór na nInnealtóirí (Aonaid Tacaíochta Comhraic)
- An Cór Ordanáis (Aonaid Tacaíochta Seirbhíse Comhraic)
- An Cór Liachta (Aonaid Tacaíochta Seirbhíse Comhraic)
- An Cór Iompair (Aonaid Tacaíochta Seirbhíse Comhraic)
- Cór Póilíní an Airm (Aonaid Tacaíochta Seirbhíse Comhraic)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Mileata.ie - Seoladh an phríomhleathanaigh idirlín atá ag Fórsaí Chosanta na hÉireann (as Gaeilge)
- Mileata.ie/army - Leathanach Baile - Arm na hÉireann (idirlín Na Buan-Óglaigh)
- Mileata.ie/reserves- Leathanach Baile na hÓglaigh Cúltaca (idirlín Cúltaca an Airm)
- www.62cis.org- Suíomh idirlín an 62 Cathlán CIS.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |