Wall Street

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilWall Street

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósWall of New Amsterdam (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 40°42′22″N 74°00′33″W / 40.706185°N 74.009107°W / 40.706185; -74.009107
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheNua-Eabhrac
Cathair sna Stáit AontaitheNua-Eabhrac
Borough of New York City (en) AistrighManhattan Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Tomhas1.1 km Cuir in eagar ar Wikidata  default (Llargada
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist10005 agus 10119 Cuir in eagar ar Wikidata
Comhartha sráide

Is sráid chúng i Manhattan íochtarach, i gcathair Nua-Eabhrac, í Wall Street. Tá an tionscail airgeadais agus infheistíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá lonnaithe ar Wall Street agus sna sráideanna mórthimpeall.

Ionad airgeadais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar Wall Street atá an New York Stock Exchange (NYSE) agus an American Stock Exchange (AMEX), ar a bhfuil scaireanna formhór chomhlachtaí na tíre á ndíol agus á gceannach. Is sa chathair freisin atá an National Securities and Exchange Quotient (NASDAQ).

Mar gheall ar mhéid an gheilleagair i SAM, chomh maith leis an méid trádála a dhéantar ar Wall Street, tá tionchar as cuimse ag Wall Street ar an ngeilleagar domhanda. Déantar faire ar an Dow Jones Industrial Average (DJIA) agus an NASDAQ ar ríomhairí agus ar scáileáin teilifíse ar fud an domhain.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Wall Street roimh neamhspleáchas na gcoilíneachtaí ag deireadh an 18ú haois.

20ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 16 Meán Fómhair 1920, phléasc buama ar Wall Street, os comhair Bhanc Morgan i Manhattan i gCathair Nua-Eabhrac.[1]

D'fhág an sceimhlitheoir, fear amháin is cosúil, buama i gcóiste capaill agus d'imigh sé leis. Maraíodh 38 duine agus capall amháin. Gortaíodh breis is 400.

Níor ghlac éinne leis an bhfreagracht. Caitheadh amhras ar na "Galleanists", ghluaiseacht ainrialachais faoi stiúir Luigi Galleani.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Wall Street Bombing 1920" (en-us). Federal Bureau of Investigation. Dáta rochtana: 2020-09-16.