Domhnach na Fola (1920)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cuimhneachán i bPáirc an Chrócaigh

fuilteach ab ea Domhnach na Fola, a tharla le linn Chogadh na Saoirse ar an 21 Samhain 1920. Lá brúidiúil, cinniúnach i stair na hÉireann agus lá ar airíodh a iarmhairtí ar feadh na mblianta.[1] Bhí eachtraí an lae sin go mór chun tosaigh i seanchas na réabhlóide in Éirinn.

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maidin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baill na droinge 'Caireo'
24 Samhain 1920, ospidéal Jervis, BÁC

Bhí cinneadh déanta ag Micheál Ó Coileáin ruathar maraithe a dhéanamh ar 35 gníomhaire faisnéise de chuid na Breataine. Ba iad ‘The Twelve Apostles’ scuad feallmharaithe an Choileánaigh a bhíodh i mbun na hoibre fuiltí seo de ghnáth ach de bharr uaillmhian an mhisin seo b’éigean fir bhreise a earcú.

Thosaigh móreachtraí an lae go luath ar maidin le dúnmharú na mbleachtairí.[2] Lámhachadh cúigear déag an mhaidin úd gan taise gan trócaire, sibhialtaigh ina measc. Bhí cuid acu (seisear ar a laghad) ina oifigigh faisnéise Briotanach.

Bhraith fórsaí na Breataine chomh sábháilte sin go raibh cuid acu buailte fúthu in óstáin agus tithe lóistín.[3]. Bhí na dúnmharuithe thar a bheith brúidiúil. Bhí cuid acu sa leaba agus ina bpitseámaí go fóill.

Tráthnóna[cuir in eagar | athraigh foinse]

San iarnóin thug na póilíní agus fórsaí na Breataine aghaidh ar Pháirc an Chrócaigh ag tóraíocht na bhfear gunna. Ní raibh siad ag lorg díoltais ar dús ach thit rudaí as a chéile. Ní raibh ach tuairim is deich nóiméad den chluiche idir Baile Átha Cliath agus Tiobraid Árainn imeartha nuair a thosaigh an lámhach.

Michael Collins, 1921

Maraíodh 14 sibhialtach - aon imreoir amháin ina measc, Michael Hogan (gortaíodh imreoir eile, Jim Egan).[4]

Oíche[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh céasadh ar thriúir Óglaigh agus iad faoi ghlas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus scaoileadh marbh iad, Risteárd Mac Aoidh, Peadar Mac Fhlannchaidh agus Conchobhair Mac Clúin. Maraíodh an triúir mar dearbhaíodh go raibh siad ag iarraidh éalú.

Bhí baint ag Mac Aoidh agus Mac Fhlannchaidh i bpleanáil oibríochtaí gasúr na hÓglaigh an lá sin. Ach ní raibh baint ar bith ag Conchobhair Mac Clúin leo, cé go raibh suim aige sa Ghaeilge, agus bhí sé sna hÓglaigh.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comóradh na triúir príosúnach a maraíodh

Tharla na heachtraí seo i rith Cogadh na Saoirse. Bhí Óglaigh na hÉireann ag troid Arm na Breataine. D’earcaigh an Rialtas na Dúchrónaigh agus an Rannán Cúnta (Auxiliary Division) - na hAuxies mar a thugadh na hÉireannaigh orthu.[5] Is é an téarma Gaeilge a úsáidtear inniu ná na Póilíní Cúnta. Iar-oifigigh Airm ab ea na Dúchrónaigh.[6].

In áiteanna cosúil le Tiobraid Árann ba threallchogaíocht fhíochmhar a bhí ann, ach i mBleá Cliath ba chomhrac faisnéise a bhí ar siúl.

Níos déanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh ochtar díobh siúd a maraíodh i bPáirc an Chrócaigh in uaigh gan leacht (ní raibh airgead acu ag an am), éagóir nár cuireadh ina cheart go hiomlán go dtí 2019.

Taighde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an clár faisnéise Bloody Sunday 1920 (RTÉ) bunaithe ar leabhar le Michael Foley.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Breandán M Mac Gearailt (Dé Máirt, Samhain 17 2020). "Léamh tomhaiste cuimsitheach sollúnta ar eachtraí fuilteacha Dhomhnach na Fola" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-21.
  2. Paul Rouse (2020-11-21). "ÉIRE 1920 – Fíoroidhreacht Dhomhnach na Fola" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-21.
  3. Breandán M Mac Gearailt (Dé Máirt, Samhain 17 2020). "Léamh tomhaiste cuimsitheach sollúnta ar eachtraí fuilteacha Dhomhnach na Fola" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-21.
  4. Kevin Hickey (Dé Máirt, Meán Fómhair 12 2017). "Mám Trasna agus Páirc an Chrócaigh: piléir, peil agus doirteadh fola" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-21.
  5. Mairéad Ní Nuadháin (Dé hAoine, Samhain 20 2020). "Is fiú cuairt a tabhairt ar an áiléar anois is arís, is fánach an áit a bhfaighfeá fuinneog ar an stair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-21.
  6. Michael Collins, Rex Taylor, 1958
  7. "The O'Brien Press - The Bloodied Field - Croke Park. Sunday 21 November 1920 By Michael Foley". www.obrien.ie. Dáta rochtana: 2020-11-21.