Jump to content

Sloinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
lch 114 agus sloinne Ó Rothláin, Irish Names and Surnames, le Rev Patrick Woulfe, 1906[1]

Is éard is sloinne ann ná cuid d'ainm duine a úsáidtear i gcultúir áirithe chun muintir, pobal nó treibh an duine a léiriú. Is iomaí scéal a bhaineann leis na hainmneacha agus na sloinnte atá ar dhaoine.[2]

Nósanna cultúr éagsúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna teangacha Gaelacha agus i ndomhan an Bhéarla araon, tagann an sloinne i ndiaidh túsainm duine, agus tugann clann leo sloinne a athar de ghnáth. I dteangacha áirithe, an Ghaeilge san áireamh, bíonn leagan difriúil den sloinne ar iníon ná an ceann a bheadh ar mhac. Chomh maith leis sin, tá nós ann in go leor cultúr Eorpach go nglacann bean phósta sloinne a fhir chéile - b'fhéidir leagan difriúil de, mar a tharlaíos sa nGaeilge, nó an sloinne nua in éineacht lena sloinne breithe - ach tá an cleachtadh seo ag dul i léig beagán le blianta anuas. Ina lán teangacha san Áise, agus i gcodanna den Eoraip is den Afraic, cuirtear an sloinne i dtús ainm duine.

In áiteanna mar a labhraítear an Spáinnisan Phortaingéilis, faigheann leanbh sloinne a athar agus a mhátharsa de ghnáth. Feictear sloinnte dúbailte (nó sloinnte le níos mó codanna) i dteangacha eile freisin: sa mBéarla, mar shampla, is minic a léiríos siad uaisleacht, ar nós "Charles Mountbatten-Windsor", ainm iomlán Shéarlais III. Sa nGaeilge, is féidir ainmfhocal firinscneach a dhéanamh de go leor sloinnte trí -(e)ach a chur mar fhoirceann leis an mbunús, agus moltar é seo a dhéanamh leis an gcéad chuid de shloinne dúbailte.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Patrick Woulfe (1906). "Irish Names and Surnames".
  2. Dónall P. Ó Baoill. "Scéalta ár n-ainmneacha agus sloinnte" (ga-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-11-18.