Sabina Higgins

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSabina Higgins

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Bealtaine 1944
79 bliana d'aois
Baile an Daighin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmban-aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileMícheál D. Ó hUiginn Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm4452215 Cuir in eagar ar Wikidata

Is bean chéile Uachtarán na hÉireann í Sabina Higgins. Rugadh Sabina Coyne, Higgins anois, i gCluain Raithin ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo agus chuaigh sí ar scoil i mBaile an Daighin agus i gClár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo. Ag 18 mbliana d'aistrigh sí go Baile Átha Cliath chun dul ag obair in oifig Choimisiún na Talún. Thosaigh sí ag déanamh staidéir ar an aisteoireacht le modh Stanislavsky faoi Dheirdre O'Connell a fuair oiliúint i Stiúideo na nAisteoirí i Nua-Eabhrac. Bhí Sabina ina brídeog ag bainis Dheirdre O Connell leis an amhránaí Luke Kelly (The Dubliners) agus bhí sí, in éineacht le Deirdre, ar dhuine de bhunaitheoirí Amharclann an Focus, áit ar oibrigh sí le Tom Hickey, Timmy McDonald, Mary Elizabeth Burke Kennedy, Joan Bergin agus go leor eile.

Bhuail Saidhbhín le Micheál D. Ó hUigínn ag cóisir i mBaile Átha Cliath agus i 1974 pósadh iad in Eaglais Bhóthar Haddington i mBaile Átha Cliath. Bhog Saidhbhín go Gaillimh, áit a raibh sí ag obair mar chomhpháirtí le Michael D. i ngach feachtas agus sa saol poiblí ar feadh breis agus tríocha bliain, choinnigh sí a rannpháirtíocht leis an amharclannaíocht agus leis na healaíona pobail, ag obair le hAmharclann an Druid, An Taibhearc agus grúpaí eile a bhfuil cáil dhomhanda orthu.[1]

Tagairtí.[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Office of the President of Ireland. "Sabina Higgins | President of Ireland" (en). president.ie. Dáta rochtana: 2023-09-26.