Managua
| Managua (es) Leal Villa de Santiago de Managua (es) | |||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | Nicearagua | ||||
| Department of Nicaragua (en) | Managua | ||||
| Príomhchathair de | |||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 937,489 (2005) | ||||
| • Dlús | 3,508.57 hab./km² | ||||
| Teanga oifigiúil | an Spáinnis | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Achar dromchla | 267.2 km² | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch Managua | ||||
| Airde | 143 m-83 m | ||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Cruthú | 24 Márta 1819 | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| • Ceannaire an rialtais | Reyna Rueda (2018–) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód poist | 10000–14345 | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | managua.gob.ni | ||||
Is é Managua príomhchathair Nicearagua agus príomhchathair an cheantair riaracháin leis an ainm céanna. Bunaíodh sa bhliain 1819 é mar shráidbhaile beag iascaireachta, ar bhruach theas Loch Managua. Is é an chathair is mó sa tír é. Is cathair thábhachtach é Managua i gcúrsaí trádála, tionscadail, polaitiúla agus cultúrtha. Tá daonra 1,850,000 ag an gcathair agus níl daonra níos airde ag cathair ar bith i Meiriceá Láir ach amháin Cathair Ghuatamala.
Nuair a bunaíodh an baile i dtús báire, glaodh “Leal Villa de Santiago de Managua” air. Tá Managua suite idir an dá chathair is tábhachtaí eile i Nicearagua, León agus Granada, agus dá bharr sin lonnaigh siad an phríomhchathair anseo mar chomhréiteach. Tá cuid mhaith d'eacnamaíocht Managua ag brath ar thrádáil. Is lárionad trádála i dtaobh caife, cadáis, agus barraí eile é. Tá sé tábhachtach freisin ó thaobh tionscadal, ag soláthar beorach, caife, cipíní, teicstílí, agus bróg.
D'fhulaing an chathair dhá chrith talún sa 20ú haois. Glaotar “Veinéis i Meiriceá Láir” ar an gcathair mar gheall ar na canálacha a tochlaíodh ann, agus tá a lán turasóirí ag teacht ann dá bharr. Tá lasair shíoraí suite sa chathair chomh maith.
