Harriet Tubman
Daonuasclóir Meiriceánach a rinne ruathair go dána inar tugadh líon mór sclábhaithe chun saoirse ab ea Harriet Tubman (née Araminta Ross; t. 1822 – 10 Márta 1913). D'fhreastail sí mar scabhta armtha agus mar spiaire d'Arm na Stát Aontaithe i gcoinne fórsaí na Cónfheidhme le linn Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe. I ndiaidh an chogaidh agus saorú na sclábhaithe, lean sí ag obair mar dhaonnúlach agus mar fheiminí.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Araminta Ross mar sclábhaí in Dorchester, Maryland, agus chaith roinnt úinéirí go dona léi agus í óg fós. Gortaíodh sna blianta úd í sa gcloigeann nuair a chaith fear bán píosa miotail le sclábhaí eile a chuaigh amú agus bhuail ise ina a ionad. D'fhulaing sí tinneas de chineálacha éagsúla ar feadh a saoil mar gheall air sin. Duine cráifeach a bhí inti agus ghlac sí leis na speabhraídí a thagadh uirthi mar thuair.
Sa bhliain 1840, saoradh a hathair, a bhí 55 bliain d'aois, ach lean seisean ag obair don teaghlach chéanna. Faoi dheireadh 1844, phós Araminta fear gorm saor, John Tubman, agus d'athraigh sí a hainm go Harriet Tubman. Bhí sé sách comónta ar chladach thoir Maryland san am sin sclábhaithe agus daoine saora a bheith ag maireachtáil in aon teaghlach amháin. Sa bhliain 1849, d'éalaigh sí ón sclábhaíocht agus chuaigh go Philadelphia.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |