Frederick Douglass

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFrederick Douglass

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Frederick Augustus Washington Bailey
14 Feabhra 1818
Contae Talbot, Maryland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Feabhra 1895
77 bliana d'aois
Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaMount Hope Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cláraitheoir gníomhas i Washington DC
1881 –
Ambasadóir
Seirbhís marascail na Stát Aontaithe
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
ReiligiúnEaglais Mheitidisteach Aontaithe
Áit chónaitheBaltimore, Maryland
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreDaonfhuascailteachas
Gairmiriseoir, daonfhuascailteoir, gníomhaí ar son cearta vótála, cainteoir poiblí, eagarthóir scannán, calcaire, eagarthóir, dírbheathaisnéisí, duine den lucht gnó, taidhleoir, scríbhneoir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtCeart vótála agus Daonfhuascailteachas
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileAnna Murray-Douglass (1838–1882)
Helen Pitts Douglass (1884–1895) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteRosetta Douglass
 ( Anna Murray-Douglass)
Frederick Douglass Jr.
 ( )
Lewis Henry Douglass
 ( Anna Murray-Douglass)
Charles Remond Douglass
 ( Anna Murray-Douglass) Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaAunt Hester (aintín)
Fredericka Douglass Sprague Perry (gariníon)
Joseph Douglass (garmhac) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm5876407 Discogs: 1876242 Find a Grave: 6110193 Cuir in eagar ar Wikidata

Daonuasclóir, leasaitheoir sóisialta, údar, agus óráidí Meiriceánach ab ea Frederick Douglass (a rugadh mar Frederick Augustus Washington Bailey i mí Feabhra, 181820 Feabhra 1895)[1]. Rugadh Douglass mar sclábhaí i gContae Talbot i Maryland. Scríobh sé roinnt dhírbheathaisnéisí a raibh an-tóir orthu. Fuair sé bás i Washington, D.C..

Bhí úinéirí agus maoir éagsúla ar Douglass, agus cuireadh é ag obair d'fhir eile fós uaireanta, freisin. I ndiaidh drochíde a fhulaingt uathu go léir agus le cuidiú bean ghorm shaor a thit sé i ngrá léi, d'éirigh le Douglass éalú.

Thug Douglass cuairt ar an mBreatain agus ar Éirinn sna blianta 1845–47. D;éirigh sé mór le Daniel O'Connell.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Frederick Douglass ar phlandáil i Maryland ar an mbruach thoir den Bhá Chesapeake. Ní raibh lá ná bliain a bhreithe lánchinnte ach rugadh é am éigin i mí Feabhra. Glactar leis gur sa bhliain 1818 a rugadh é. Maidir le dáta a bhreithe chinntigh sé é a cheiliúradh ar an 14ú lá de mhí Fheabhra. Thug a mháthair, Harriet Bailey, a sloinne féin dó. D'éirigh Douglass as úsáid an dá ainm láir a tugadh air sách luath ina shaol, agus thosaigh sé ar Douglass a úsáid in áit Bailey i ndiaidh dó a shaoirse a bhaint amach ní ba dhéanaí sa tuaisceart.

Scaradh Douglass óna mháthair agus é an-óg. Thug a sheanmháthair aire dó. Fuair a mháthair bás nuair a bhí sé 10 mbliana d'aois. Cuireadh é chuig Plandáil Theach Wye, plandáil mhór chlúiteach i Maryland, nuair a bhí sé 7 mbliana d'aois. Ansin d'oibrigh sé faoi mhaor darbh ainm Aaron Anthony. Ní ba dhéanaí tugadh é do Lucretia Auld. Thug a fear céile, Thomas Auld, an buachaill dá dheartháir, Hugh, i mBaltimore, Maryland.

Thosaigh Sophia Auld, bean Hugh, ag múineadh na haibítre do Douglass nuair a bhí sé 12 bhliain d'aois ach chuir Hugh Auld stad leis sin chomh luath agus a chuir sé faoi deara a bhí ar siúl acu. Lean an buachaill ag foghlaim as a stuaim féin agus ó pháistí geala sa chomharsanacht. Tugadh léasadh dó babhta amháin nuair a chonacthas é ag léamh páipéir nuachta.

Anna Murray-Douglass, bhean chéile Frederick Douglass

Éalú ón sclábhaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Frederick Douglass iarrachtaí éalú, an chéad uair ó fhear darbh ainm Freeland ar tugadh Douglass ar iasacht dó. Ansin rinne sé iarracht éalú an dara huair ó úinéir nua, Edward Covey, sa bhliain 1836. Theip air sa dá iarracht.

Sa bhliain 1837 casadh Ann Murray air, bean ghorm shaor as Baltimore a bhí 5 bliana ní ba shine ná é. Ar 3 Meán Fómhair 1838, d'éirigh leis éalú ar bord traenach le cuidiú Murray agus duine eile. D'imigh sé ón traein agus é i Maryland go fóill. Bhí sé feistithe mar mhairnéalach agus, le cuidiú cáipéisí bréagacha, rinne sé a bhealach ó thuaidh go hindíreach trí Delaware, stát eile ina raibh sclábhaíocht ar siúl, agus ansin go Philadelphia agus Cathair Nua-Eabhrac. Sa chathair seo mhothaigh sé go raibh sé saor. Le cabhair ó dhaonuasclóir ansin thug sé faoi shaol nua. Phós seisean agus Ann Murray ar 15 Meán Fómhair 1838, agus chuir siad fúthu i New Bedford, Massachusetts.

Frederick Douglass, agus é timpeall 29 bliana d'aois

Sa ghluaiseacht i gcoinne na sclábhaíochta dó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Douglass leis an Eaglais Afracach Modhach agus sa bhliain 1839 bronnadh ceadúnas dó mar sheanmóirí. Chuidigh a chuid oibre san eaglais sin lena scileanna óráide a líomh. Tháinig Douglass faoi anáil an daonuasclóra úd William Lloyd Garrison, agus d'aithin Garrison gur duine cumasach é Douglass chomh maith. Thug Douglass a chéad óráid in aghaidh na sclábhaíochta in Elmira, Nua-Eabhrac i 1840, stad ar an "Iarnród faoi Thalamh".

D'éirigh go maith le Douglass arís nuair a hiarradh air labhairt ón stáitse ag cruinniú frithsclábhaíochta eile. Labhair sé ag cruinniú bliantúil Chumann Frithsclábhaíochta Massachusetts i Nantucket go gairid ina dhiaidh sin agus as sin amach bhí éileamh rialta air mar chainteoir ag cruinnithe den chineál sin.

Dírbheathaisnéisí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scannán "Frederick Douglass and the White Negro"

Foilsíodh an chéad chuntas ar a shaol óna pheann féin sa bhliain 1845 faoin teideal Narrative of the Life of Frederick Douglass, an American Slave. Cuireadh fáilte roimhe cé go rabhthas ann a raibh amhras orthu go mbeadh iarsclábhaí nó duine gorm ar bith ábalta cuntas a scríobh ar chaighdeán chomh hard sin.

Taobh istigh de 3 bliana díoladh 11,000 cóip den leabhar agus bhí 9 gcló de dhíth chun an t-éileamh a shásamh. Foilsíodh an leabhar san Eoraip chomh maith agus aistríodh é go Fraincis agus go hOllainnis. Tháinig dhá eagrán athcheartaithe agus méadaithe amach sna blianta níos déanaí ina shaol.

Sa bhliain 1855 cuireadh leabhar eile fós amach uaidh, My Bondage and Freedom.

Foilsíodh The Life and Times of Frederick Douglass i 1881 (eagrán athcheartaithe i 1892).

An turas go dtí an Bhreatain Mhór agus go hÉirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Múrphictiúr, Bóthar na bhFál, Béal Feirste

Sa bhliain 1845, sna sála ar fhoilsiú an chéad leabhair uaidh agus ar eagla go ndéanfadh Hugh Auld, an duine deireanach ina "úinéir" ar Douglass, iarracht seilbh a ghlacadh air arís, thug Douglass aghaidh ar Éirinn agus an Bhreatain Mhór. Níorbh é an chéad iar-sclábhaí a rinne a leithéid. Chuaigh sé ar bord an Cambria go Learpholl Shasana ar 16 Lúnasa 1845.

Bhí an Drochshaol ag tosnú in Éirinn ag an am. Chuir an tréimhse sin aige in Éirinn athrú ar dhearcadh Douglass féin. As sin amach, "bhí an choimhlint in aghaidh na daoirse i Meiriceá mar chuid de choimhlint níos leithne chun an ceartas soisalta a bhaint amach do chách ar fud an domhain", dar le Christine Kinealy.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Christine Kinealy (2016). "Frederick Douglass in Éirinn". Coiséim. Dáta rochtana: 2018.