Nuacht TG4
| Seánra | nuacht agus cúrsaí reatha |
|---|---|
| Láithreoir(í) | Siún Nic Gearailt agus Eimear Ní Chonaola |
| Tír | Éire |
| Bunteanga | an Ghaeilge |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Bealach teilifíse | TG4 |
| Fad na n-eipeasóidí | 30 min |
| Tuilleadh eolais | |
| Suíomh oifigiúil | tg4.ie… |
Clár nuachta Gaeilge is ea Nuacht TG4, a chraoltar go beo gach lá ar an stáisiún TG4. Cuirtear an bhéim ar nuacht agus tuairiscí a bhaineann leis an nGaeltacht agus an Ghaeilge araon, chomh maith le cuntais ar nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Taispeántar cláir a mhaireann tríocha nóiméad ag 19:00 idir Luain agus Aoine, agus cláir níos giorra ag an deireadh seachtaine.[1]
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is cuid de Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ é Nuacht TG4, an chraobh den craoltóir náisiúnta atá freagrach as cúrsaí nuachta.
Bhí TG4 ag iarraidh sna 2020idí go mbeadh ceannaireacht neamhspleách eagarthóireachta ag TG4 féin.[2]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh tús le Nuacht TG4 ar an 31 Deireadh Fómhair 1996, faoin ainm Nuacht TnaG agus le Gráinne Seoige mar láithreoir.
Rinneadh “cónascadh” le Nuacht RTÉ in 2009. Seirbhís ann féin a bhí i Nuacht TG4 sula ndearnadh an cónascadh sin. Cé gurbh é RTÉ a chuir an tseirbhís nuachta ar fáil do TG4 i gcónaí, níorbh ionann an dá fhoireann nuachta a bhí ag plé le seirbhís Gaeilge RTÉ féin agus an tseirbhís a bhí á craoladh ar TG4. Sa bhliain 2009, cuireadh an dá sheirbhís le chéile agus aistríodh Nuacht RTÉ siar go Baile na hAbhann.[2]
Is ar mhaithe le RTÉ a bhí an cinneadh sin agus rinne sé dochar don chur chuige neamhspleách a bhí ag Nuacht TG4. Mar shampla, nuair atá scéal á bhriseadh, bristear i mBéarla é ar RTÉ News Now nó ar RTÉ Radio One. Ní raibh nuacht eisiach ar Nuacht TG4 a thuilleadh.[2]
Bhí lucht féachana de 35-40,000 ag an gclár sna 2010idí.
Láithreoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í Eimear Ní Chonaola a chuireann an clár i láthair don chuid is mó, le Maolra Mac Donnchadha ina háit ar laethanta áirithe eile. Feictear daoine de na tuairisceoirí ann anois agus arís, mar shampla Ailbhe Ó Monacháin. Is é Rónán Ó Domhnaill an comhfhreagraí polaitiúil, agus bíonn Ruairí Mac Con Iomaire ann leis an tuairisc spóirt.
- 1996-1998: Gráinne Seoige agus Gillian Ní Cheallaigh
- 1998-2002: Ailbhe Ó Monacháin
- 2002-2004: Siún Nic Gearailt
- 2004-inniu: Eimear Ní Chonaola
Tuairisceoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na dtuairisceoirí atá ag obair ar Nuacht TG4 ná Seán Mac a tSíthigh, Irene Ní Nualáin, Rónán Mac Con Iomaire, Áine Lally, Máire T. Ní Mhadaoin, Catherine Ní Ghuairim, Tomás Ó Mainnín, Caoimhe Ní Laighin agus Áine Ní Bhreisleáin.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Sceideal an Lae" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2025-10-15.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 "‘Ní bhíonn nuacht eisiach ar TG4 agus tá an lucht féachana ag titim dá bharr’ – ardstiúrthóir" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-10-15). Dáta rochtana: 2025-10-15.