Ailbhe Ó Monacháin
| Gníomhaíocht | |
|---|---|
| Gairm | láithreoir teilifíse |
| Teaghlach | |
| Céile | Siún Nic Gearailt |
Tuairisceoir san iarthuaisceart ag Nuacht RTÉ/TG4 is ea Ailbhe Ó Monacháin.
Bhí Ó Monacháin ar dhuine de na chéad láithreoirí ar TnaG nuair a tosaíodh an stáisiún sa bhliain 1996 agus thosaigh sé ag obair le Nuacht RTÉ/TG4 sa bhliain 1998.
Tá oifig RTÉ RnaG lonnaithe sna Doirí Beaga i nGaeltacht Thír Chonaill.
Tá obair iriseoireachta, láithreoireachta agus eagarthóireachta déanta ag Ó Monacháin ó thosaigh sé ag obair leis an Nuacht 17 bliain ó shin. Anuas ar an obair sin, bhí lámh aige i gcláracha faisnéise ar TG4 agus ba é a d’aistrigh an tsraith ‘Séideán Staire’ ar TG4 agus a thug glór do scéalaí na sraithe.
Tógadh Ó Monacháin i nGaoth Dobhair agus tá céim sna Nua-Theangacha (an Fhraincis agus an Ghearmáinis) aige ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi dhuine Éireannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |