TikTok
![]() | |
Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainne | https://tiktok.com ![]() |
---|---|
Cineál | seirbhís líonrú sóisialta, ardán físeán ar líne agus comhphobal ar líne ![]() |
Teanga | ilteangacha agus Béarla ![]() |
Ceadúnas | ceadúnas dílsithe ![]() |
Forbróir gréasáin | Beijing Microbroadcast Vision Technology (en) ![]() ![]() |
Iontráil i seirbhís | Meán Fómhair 2016 ![]() |
Tír | Daon-Phoblacht na Síne ![]() |
Gradam a fuarthas |
|
Rangú Alexa | 795 (3 Nollaig 2019) 779 (8 Nollaig 2019) 184 (1 Lúnasa 2020) ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Is comhlacht meán sóisialta agus feidhmchlár comhroinnte físeán é TikTok, a bunaíodh i mBéising sa bhliain 2016.[1] Is leis an chomhlacht Síneach ByteDance an t-aip TikTok.[2]
Baintear earraíocht as TikTok le físeáin ghearra a roinnt ar líne. Is féidir le húsáideoirí físeáin a uaslódáil agus a chomhroinnt, chomh maith le féachaint ar fhíseáin éagsúla.
Tá an-tóir ag an aos óg go háirithe ar an aip. Tá na céadta milliún úsáideoir acu san Eoraip, gan an chuid eile den domhan a bhac.[3]

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tógadh roinnt cásanna dlí in aghaidh TikTok maidir le líomhaintí gur sháraigh an comhlacht príobháideachas agus cearta maoine daoine.
Spiaireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá imní san Iarthar faoin méid eolais ag TikTok, agus ag na húdaráis sa tSín air trí TikTok.[4] Ós comhlacht Síneach é TikTok, tá imní ar na húdaráis i dtíortha an Iarthair go bhfuil an comhlacht faoi anáil Rialtas na Síne agus go bhfuil sé mar Chapall Adhmaid na Traí.[3]
In 2023, chuir forais an Aontais Eorpaigh, rialtas na Stát Aontaithe, srl. cosc ar fheidhm a bhaint as TikTok ar ghléasanna oifigiúla le teann faitís go gcibearghoidfí sonraí nó go ndéanfaí cibearfheall de chineál eile. Is de bharr anailíse ar bhaol spíodóireachta ó údaráis na Síne ar chórais agus ar ghníomhaireachtaí faisnéise san Iarthar a chinn na húdaráís coscanna a chur i bhfeidhm. Bhí faitíos orthu chomh maith go mbainfeadh údaráis Béising leas as an ghréasán sóisialta le h-eolas íogair a bhailiú faoina lucht úsáidte (cnuaschóipeáil sonraí agus earraí spiaireachta).[2]
In Éirinn, de réir chomhairle an Lárionaid Chibearshlándála, tar éis fiosrúchán ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí, Helen Dixon, níor chóir TikTok a chur ar ghairis oibrithe poiblí, ach amháin sa gcás go bhfuil géarghá ag baint leis, ó thaobh ghnó na heagraíochta de.[4]
Chun an imní san Eoraip a mhaolú, thug TikTok le fios go gcoinneofaí i dtaisce sonraí úsáideoirí Eorpacha sa dá ionad i mBaile Átha Cliath agus in ionad eile in aice le príomhchathair na hIorua, Osló. Comhlacht slándála nach bhfuil aon bhaint acu le TikTok a bheas i bhfeighil na dtrí ionad sonraí sin, a dúradh.[3]
TikTok in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí 2,000 duine ag obair don chomhlacht roinnte físeán in Éirinn go dtí 2022 - idir lucht cibearshlándála, lucht cosanta sonraí agus eile. Ar an 10 Meitheamh 2022, dúirt TikTok go raibh 1,000 folúntas nua le líonadh in Éirinn.[1]
In 2023, bhí sé dearbhaithe ag TikTok gur i mBaile Átha Cliath a bhunós siad a ndara hionad sonraí in Éirinn.[5][3]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-06-10). "TikTok le 1,000 post nua a chur ar fáil in Éirinn" (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2023-03-10). "Cosc curtha ag Rialtas na Beilge ar TikTok ar fhóin oifigiúla" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Nuacht RTÉ / Ciarán Lenoach (2023-03-08). "TikTok ag féachaint le húsáideoirí a chur ar a suaimhneas" (as ga-IE).
- ↑ 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2023-04-21). "Cosc molta ar úsáid TikTok ar ghléasanna oibre fostaithe poiblí" (as ga).
- ↑ Vish Gain (2023-02-17). "TikTok plans second Irish data centre to store European data locally" (en). Silicon Republic. Dáta rochtana: 2023-06-04.