Jump to content

Ionad sonraí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Google Data Center, The Dalles, Oregon
CNPC in Changping. An tSín

Stóráiltear faisnéis a bhailítear in ionad sonraí (Béarla: data centre), agus sna freastalaithe a ndéantar óstáil orthu in ionad sonraí.[1] Tá an méid leictreachais a chaitheann ionaid sonraí timpeall an domhain ag méadú go suntasach.

Úsáid fuinnimh

[cuir in eagar | athraigh foinse]
na freastalaithe

In Éirinn, tá an t-éileamh ó na hionaid sonraí ar fhuinneamh leictreachais (giniúint leictreachais) méadaithe ó 5% i 2015 go dtí 21% i 2023. Meastar go mbeidh sé chomh hard le 30% faoin bhliain 2032.[2][3][4][5]

Sa bhliain 2021, bhí 70 ionad sonraí in Éirinn idir mhór agus réasúnta mór ann. Bhí dhá cheann déag d'ionaid ollmhóra sonraí sa tír a bhfuil níos mó na deich meigeavata leictreachais ag teastáil uathu.

Sa bhliain 2022, bhí moratóir curtha ag Eirgid ar ionaid nua sonraí i limistéar Bhaile Átha Cliath le dul i ngleic leis an dúshlán agus lena chinntiú go soláthrófar a gcuid riachtanas leictreachais do gach ceantar sa Stát i dtosach.[6]

In 2023, bhí sé dearbhaithe ag TikTok gur i mBaile Átha Cliath a bhunós siad a ndara hionad sonraí in Éirinn.[7][8]

In Éirinn, tá dualgas ar ionaid sonraí nua cumas ginte nó stórála a chur ar fáil ar aon dul leis an méid fuinnimh a ídíonn siad. B'éigean don áis ghinte nó stórála a bheith in aice an ionaid stórála seachas ar an láthair féin. Chomh maith leis sin tá ar ionaid sonraí fuinneamh a sholáthar don eangach náisiúnta ar uairibh. Ní mór d'Eirgrid agus ESB Networks láthair an ionaid sonraí a mheas agus a chur san áireamh an bhfuil an t-ionad i gceantar 'srianta.'.[2]

B'éigean d'ionaid sonraí eolas a thabhairt faoina gcuid astaíochtaí carbóin agus an leas a bhaineann siad as foinsí fuinnimh in-athnuaite, de réir an Choimisiúin um Rialáil Fóntais.[2]

Forbairt inbhuanaithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir forbairt inbhuanaithe ionad sonraí a dhéanamh agus iad a sheirbhísiú trí fhoinse fuinnimh inathnuaite. Ach níl a leithéid in Éirinn fós (ach is féidir iad a thógáil i dtíortha eile, san Íoslainn mar shampla).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Ireland’s EirGrid dashes tech giants’ cloud dreams with data center moratorium". Insider Intelligence. Dáta rochtana: 2023-06-04.
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2025-02-18). "Dualgas ar ionaid sonraí a gcuid astaíochtaí carbóin a fhoilsiú" (as ga-IE). 
  3. Nuacht RTÉ (2022-05-03). "Méadú 32% ar an méid aibhléise a chaith ionaid sonraí anuraidh" (as ga-IE). 
  4. in Éirinn, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh, bhí méadú 32 faoin gcéad i gceist in 2021 ón mbliain roimhe sin. Is méadú 265% a bhí ar an méid leictreachais a chaith ionaid sonraí idir Eanáir-Márta 2015 agus Deireadh Fómhair-Nollaig 2021.
  5. "Ireland’s data centres are using as much electricity as all city homes" (en). euronews (2023-06-13). Dáta rochtana: 2023-06-13.
  6. "Ireland’s EirGrid dashes tech giants’ cloud dreams with data center moratorium". Insider Intelligence. Dáta rochtana: 2023-06-04.
  7. Nuacht RTÉ / Ciarán Lenoach (2023-03-08). "TikTok ag féachaint le húsáideoirí a chur ar a suaimhneas" (as ga-IE). 
  8. Vish Gain (2023-02-17). "TikTok plans second Irish data centre to store European data locally" (en). Silicon Republic. Dáta rochtana: 2023-06-04.