The Wire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióThe Wire
Séanracrime television series (en) Aistrigh, dráma teilifíse agus LGBTI+ related TV series (en) Aistrigh
Príomhábharpolaitíocht agus coiriúlacht
Socrú ceamarasocrú aoncheamara
CruthaitheoirDavid Simon
LéiritheoirGeorge Pelecanos
Aisteoirí
Cuideachta léiriúcháinHBO
TírStáit Aontaithe Mheiriceá
BunteangaBéarla
Bealach teilifíseHBO
Fad na n-eipeasóidí60 min
An chéad eipeasóid2 Meitheamh 2002
An eipeasóid dheireanach9 Márta 2008
Líon séasúr5
Líon eipeasóidí60
Liosta eipeasóidílist of The Wire episodes (en) Aistrigh
Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúilhbo.com… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt0306414 Filmaffinity: 399474 Allocine: 30 Rottentomatoes: tv/the-wire Metacritic: tv/the-wire TV.com: shows/the-wire Cuir in eagar ar Wikidata

Is sraith theilifíse í The Wire ó na Stáit Aontaithe a leanann carachtair éagsúla sa chathair Baltimore, go háraithe na póilíní agus lucht drugaí na cathrach. Thosaigh The Wire ar 2 Meitheamh 2002 agus cuireadh stop leis ar 9 Márta 2008 (an cúigiú séasúr; 60 eipeasóid san iomlán). Bhí an tsraith á thaispeáint ar HBO i Meiriceá, agus ar TG4 in Éirinn. Bhí David Simon páirteach go mór i gcruthú, scríobh agus léiriú na sraithe. Ní raibh an tsraith rathúil ag an am.

Tugann an clár léiriú réalaíoch ar saol uirbeach agus déantar staidéar domhain ar théamaí sochpholaitiúla. Díríonn gach séasúr ar gné difriúil de chathair Baltimore. Sa chéad séasúr, trádáil neamhdleathach drugaí, ansin, an phort, rialtas na cathrach agus fadhbanna maorlathas, scoil agus na páistí, nuachtáin. Deireann Simon cé go bhfuil an tsraith curtha os ár gcomhair mar dráma coiriúil, tá an clár i ndáiríre ag déanamh cur síos fíor ar an gcathair Mhéiriceánach.[1]

Léiriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé ráite ag Simon go raibh fonn air drámaíocht póilíneachta a chruthú bunaithe ar taithí a chomhpháirtí scríbhneoireachta Ed Burns, iar-bhleachtaire dúnbhásaithe agus múinteoir scoile a d'oibrigh le Simon ar thionscadal níos luaithe ar a dtugtar The Corner (2000). Is minic a chuireadh an Roinn Póilíneachta Baltimore bac ar Burns agus é ag obair ar imscrúduithe fada ar dhéileálaithe drugaí foréigneacha a úsáideann teicneolaíocht faireachais. Chonaic Simon cosúlachtaí lena fhadhbanna de chuid féin mar thuairisceoir póilíní don nuachtán The Baltimore Sun.

Roghnaigh Simon an seó a shuí i mBaltimore mar gheall ar an eolas a bhí aige ar an gcathair. Nuair a bhí sé ina scríbhneoir agus ina léiritheoir don chlár NBC Homicide: Life on the Street, bunaithe ar a leabhar Homicide: A Year on the Killing Streets (1991), atá suite i Baltimore, bhí Simon i gcoimhlint le feidhmeannaigh líonra NBC a bhí míshásta le éadóchas an tseó. Chun na haighnis seo a sheachaint, roghnaigh Simon The Wire a thabhairt go HBO, mar gheall ar a gcaidreamh oibre maith ón sraith The Corner. Bhí amhras ar HBO ar dtús faoi dhráma póilíneachta ach aontaigh sé eagrán píolótach a léiriú.[2] Labhair Simon le méara Baltimore, ag insint dó gur theastaigh uaidh léargas gruama a thabhairt ar ghnéithe áirithe den chathair. Cuireadh fáilte roimhe obair ann arís. Dúirt sé go raibh súil aige go n-athródh an seó roinnt tuairimí lucht féachana ach nach raibh sé dóchasach go mbeadh tionchar aige ar na saincheisteanna a phléitear sa tsraith.[3]

Téamaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tráchtaireacht sóisialta

Chuir Simon síos ar an dara séasúr mar “machnamh ar bhás na hoibre agus ar bhrath an lucht oibre Meiriceánach ... tá sé ina argóint d'aon ghnó nach gcuireann caipitleachas neamhrialaithe agus nualiobrálachas ionad an bheartais shóisialta; tá sé i gceist go ndéanfadh an caipitleachas freastal ar an líon beag daoine ar chostas an iliomad daoine."[4] Dúirt sé freisin go ndéanann an tríú séasúr "machnamh ar leasú agus leasaitheoirí, agus cibé an bhfuil aon seans go bhfuil próisis pholaitiúla, atá calctha go fada, in ann na fórsaí atá i gcoinne daoine aonair a mhaolú." Is allagóire é an tríú séasúr freisin a dhéannan comparáid soiléire idir Cogadh na hIaráice agus an cosc ar dhrugaí, a bhfuil teipthe air i dtuairim Simon agus a tháinig chun bheith ina chogadh in aghaidh fho-aicme Mheiriceá.[4][5][2] Is é Major Colvin a léirigh é seo, agus é ag cur in iúl do Carver go bhfuil cogadh déanta de phóilíneacht agus dá bhrí sin ní éireoidh leis a chuid aidhmeanna.

De réir an scríbhneoir Ed Burns, a bhí ag obair mar mhúinteoir scoile tar éis dó dul ar scor ó fhórsa póilíneachta Baltimore go gairid sula ndeachaigh sé ag obair le Simon, is é oideachais an téama  don cheathrú séasúr. Seachas díriú ar an gcóras scoile amháin, féachann an séasúr ar scoileanna mar chuid éadaingean den phobal a bhfuil fadhbanna taobh amuigh dá teorainneacha leo. Deir Burns go dtagann oideachas ó go leor foinsí seachas scoileanna agus gur féidir oideachas a thabhairt do leanaí ar bhealaí eile, lena n-áirítear teagmháil leis na mangairí drugaí a bhfuil siad ag obair dóibh.[6] Measann Burns agus Simon an téama mar dheis chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a éiríonn daoine mar na carachtair choiriúla an tseó, agus leis an argóint a léiriú nach gcúitítear obair chrua i gcónaí mar is cóir.

Mífheidhmiú institiúideach

D'aithin Simon na heagraíochtaí a cuirtear i láthair sa seó — Roinn Póilíneachta Baltimore, Halla na Cathrach, an córas oideachais, eagraíocht gáinneála drugaí Barksdale, an nuachtán Sun Baltimore, agus ceardchumann na stíbheadóirí — mar institiúidí inchomparáide. Tá siad mífheidhmiúil go léir ar bhealach éigin, agus is iondúil go ndéannann siad feall ar na carachtair a nglacann siad leo ina saol. Tá tuairim curtha in iúl ag ceann de na bleachtaireachta — “Shit rolls downhill” - a dhéanann cur síos ar an dóigh a ndéanfaidh daoine, go háirithe pearsana i sraitheanna níos airde de chuid na Roinn Póilíneachta, iarracht a n-íochtaráin a úsáid mar cheap milleáin le haghaidh aon mhór-scannail. Chuir Simon síos ar an seó mar "chiniciúil faoi institiúidí" cé go raibh cur chuige daonnúil aige i leith a charachtair.[5] Téama lárnach a forbraíodh ar fud an tseó is ea an coimhlint idir mianta aonair agus géilleadh do spriocanna an ghrúpa.

Faireachais

Is cuid lárnach den tseó é faireachas leictreonach agus gaireas cúléisteachta á úsáid ag na póilíní — sin an chúis a bhfuil an teideal The Wire air. Chuir Salon.com síos ar an teideal mar mheafar do thaithí an lucht féachana: cuireann gaireas cúléisteachta rochtain ar domhan rúnda ar fáil do na póilíní, díreach mar a dhéanann an seó don lucht féachana.[7] Phléigh Simon úsáid radhairc de físfhaireachas, nó radhairc is cosúil a tógadh ón trealamh féin, chun béim a chur ar mhéid faireachais sa saol comhaimseartha agus an gá ag na carachtair leis an fhaisnéis seo a scagadh tríd.[8]

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Séasúr 1[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baltimore agus a cheantair.

Tugann an chéad séasúr dhá mhórghrúpa carachtair isteach: Roinn Póilíneachta Baltimore agus an eagraíocht gáinneála drugaí Barksdale. Leanann an séasúr imscrúdú na bpóilíní ar an dara grúpa ar feadh a 13 eipeasóid. Cuirtear tús leis an imscrúdú nuair a bhuaileann an Bleachtaire Jimmy McNulty go príobháideach leis an mBreitheamh Daniel Phelan tar éis an t-éigiontú D'Angelo Barksdale as dúnmharú nuair a athraíonn príomhfhinné a scéal. Insíonn McNulty do Phelan gur dócha go gcur baill d'impireacht gáinneála a reáchtáil uncail D'Angelo, Avon Barksdale, imeagla ar an t-fhinné tar éis dó roinnt aghaidheanna a aithint sa triail, go háirithe an leascheannasaí, Stringer Bell. Insíonn sé freisin do Phelan nach bhfuil aon duine ag déanamh imscrúdú ar ghníomhaíocht choiriúil Barksdale, lena n-áirítear cuid mhór de mangaireacht drugaí na cathrach agus roinnt dúnmharuithe gan réiteach. Is éard a dhéanann Phelan faoin thuairisc McNulty ná gearán a dhéanamh le figiúirí sinsearacha na Roinn Póilíneachta, agus náire a chur orthu sa dóigh is go gcruthaíonn siad buíon atá dírithe ar Barksdale a imscrúdú.

Ach, mar gheall ar mhífheidhm na roinne, níl ach síneadh é an t-imscrúdú chun an breitheamh a shuaimhniú. Leannan achrann idir-rannach den fiosrúchán iomlán idir na hoifigigh níos spreagtha sa ghrúpa agus iadsan atá os a gcionn, agus is minic a bhíonn cur isteach  ar an dara grúpa ag bagairt ar an imscrúdú. Bíonn ceannasaí na na mbleachtairí, Cedric Daniels, ina idirghabhálaí idir an dá ghrúpa atá i gcoinne a chéile. Idir an dá linn, déantar iniúchadh ar drong eagraithe agus aireach Barksdale trí charachtair ag leibhéil éagsúla laistigh de. Cuireann buíon robálaithe faoi cheannas Omar Little olc ar an eagraíocht go leanúnach, agus tá roinnt básanna mar thoradh ar an t-achrann. Ar feadh an ama, bíonn coinsias D'Angelo ag cur as dó faoina shaol coiriúlachta agus na daoine a bhíonn tionchar orthu mar gheall air.

Is beag rath a bhí ag na póilíní le gabhálacha ar leibhéal na sráide nó le spiairí a fháil seachas Bubbles, andúileach aithnidiúil ó thaobh thiar na cathrach. Faoi dheireadh téann an t-imscrúdú treo an fhaireachais leictreonaigh, le gairis cúléisteachta agus clónna glaoirí chun na bearta slándála a dhéanann eagraíocht Barksdale a insíothlú. Tugann sé seo an imscrúdú chuig réimsí a raibh súil ag na hoifigigh ceannais iad a sheachaint, síntiúis polaitiúla san áireamh. Nuair a ghabhann na póilíní comhghleacaí de chuid Avon Barksdale agus nuair a thairgeann sé comhoibriú, ordaíonn na hoifigigh an bhuíon trap a dhéanamh chun críoch a chur leis an cás. Gortaítear an Bleachtaire Kima Greggs go dona san oibríocht, rud a spreagann freagra ródhíograiseach ón gcuid eile den roinn. Músclaíonn sé seo amhras san eagraíocht Barksdale go bhfuil siad faoi imscrúdú.

Déanann a chairde Bodie agus Poot dúnmharú ar Wallace, ar  ordú Stringer Bell, tar éis dó a shocrúchán "slán" a fhágáil le gaolta agus filleadh ar Bhaltimore. Gabhtar D'Angelo Barksdale i ndeireadh na dála ag iompar cileagram de hearóin neamh-mhaolaithe, agus nuair a fhoghlaimíonn sé faoin dúnmharú Wallace, tá sé réidh le iompú in aghaidh a uncail agus Stringer. Mar sin féin, cuireann máthair D'Angelo ina luí air an déileáil a chealú agus na cúisimh a ghlacadh leis ar mhaith lena theaghlach. Éiríonn leis an bhuíon Avon a ghabháil ar mhionchúis agus faigheann siad ar cheann dá shaighdiúirí, Wee-Bey, an chuid is mó de na dúnmharuithe a admháil, cuid acu nach ndearna sé. Éalaíonn Stringer Bell ionchúiseamh agus fágtar é ag rith an impireacht Barksdale. Maidir leis na bleachtairí, is iad na torthaí dian orthu ón olc a chur ar na hoifigigh os a gcionn; tá Daniels faghta ar lár nuair atá ardú céime á thabhairt agus aistrítear McNulty ón dúnbhású go dtí na gardaí cósta.

Séasúr 2[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar aon lena scrúdú leanúnach ar fhadhb na ndrugaí agus an tionchar a bhíonn aige ar na bochtáin uirbeacha, scrúdaíonn an dara séasúr drochdhóigh i measc oibrithe bóna ghoirm mar atá léirithe ag stíbheadóirí i gcalafort na cathrach, nuair a tharraingítear cuid acu i smuigléireacht drugaí agus contrabhanna eile sna coimeádáin loingseoireachta a théann tríd a gcalafort. I bhfo-phlota séasúir, leanann eagraíocht Barksdale a ngáinneáil ar dhrugaí in ainneoin príosúnachta Avon, le Stringer Bell ag glacadh le níos mó cumhacht.

Tá cloch sa mhuinchille ag McNulty dá iar-cheannasaithe as é a athshannadh chuig an gardaí cósta. Nuair a fhaightear trí bhean óg déag anaithnide marbh i gcoimeádán ag na duganna, déanann McNulty iarracht mhór chun na dúnmharuithe a chur laistigh de dhlínse a iar-cheannasaí. Idir an dá linn, téann An Maor Stan Valchek chun achrann le Frank Sobotka, cheannaire Polannach-Mheiriceánach den "International Brotherhood of Stevedores", ceardchumann ficseanach na ndugairí, faoi síntiúis iomaíocha dá seaneaglais chomharsanachta. Éilíonn Valchek buíon chun Sobotka a fhiosrú. Cuirtear agallamh ar Cedric Daniels mar bhí sé molta ag ag Prez, cliamhain an Maor Valchek, agus mar gheall ar a chuid oibre ar chás Barksdale freisin. Roghnaítear é le bheith i gceannas ar an bhuíon atá ceaptha chun Sobotka a fhiosrú; nuair a chuirtear an t-imscrúdú i gcrích tugtar a bhfocal do Daniels go haistreoidh sé suas go n-aonad speisialta le pearsanra a roghnóidh sé.

Tá saol na n-oibrithe bóna ghoirm ag éirí níos crua agus tá an obair gann. Mar cheannaire ceardchumainn, tá Sobotka tar éis glacadh leis féin chun athbheochan a dhéanamh ar an gcalafort trí stocaireacht a dhéanamh ar pholaiteoirí chun tacú le tionscnaimh feabhsúcháin bonneagair a bhfuil géarghá leo. Gan na cistí a theastaíonn le haghaidh an chineáil tionchair seo, tá baint ag Sobotka le buíon smuigleála. Chomh maith leis seo, tá a mhac agus a nia dulta i muinín na coiriúlachta freisin, mar is beag deiseanna eile atá acu airgead a thuilleamh. Is léir do bhuíon ag fiosrú Sobotka go mbaineann na mná marbha lena n-imscrúdú, mar go raibh siad i gcoimeádán a bhí le smuigleáil tríd an gcalafort. Baineann siad úsáid arís as gaireas cúléisteachta chun an drong coireachta a insíothlú agus déanann siad go mall a mbealach suas an slabhra i dtreo 'An Gréagach', an fear mistéireach i gceannas na heagraíochta. Ach tarraingíonn Valchek an FBI isteach san imscrúdú, mar tá sé míshásta gur bhog an aird ón Sobotka. Tá brathadóir ag 'An Gréagach' taobh istigh den FBI agus tosaíonn sé deireadh a chur lena chuid ceangail le Baltimore nuair a fhoghlaimíonn sé faoin imscrúdú.

Nuair a éiríonn argóint foréigneach faoi earraí goidte, cúisítear mac fiáin Sobotka, Ziggy, i ndúnmharú íochtarán an Ghréagaigh. Gabhtar Sobotka féin as smuigleáil; aontaíonn sé a bheith ag obair leis na póilíní chun cabhrú lena mhac, agus atá sé aitheanta aige gur mhíchearta a chuid ghníomhartha. Tá an scéal curtha in iúl don Gréagach trína bhrathadóir laistigh den FBI agus dúnmharaíonn siad Sobotka. Le cás na dúnbhásuithe trí bhean déag réitithe, críochnaíonn an t-imscrúdú, ach tá an fear a rinne é marbh cheana féin. Gabhtar roinnt smuigléirí drugaí agus figiúirí meánleibhéil atá ceangailte leis An Gréagach, ach éalaíonn sé féin agus a leascheannasaí neamhchúisithe agus neamhaitheanta. Tá An Maor Valchek sásta gur gabhadh Sobotka; measann na hoifigigh ceannais gur éirigh go maith leis an gcás, ach feictear mar theip ag baill na buíne é.

Téann an eagraíocht Barksdale ar aghaidh lena cuid gnó faoi Stringer agus caitheann Avon agus D'Angelo Barksdale seal i bpríosún. Socraíonn D'Angelo naisc a ghearradh lena theaghlach nuair a eagraíonn a uncail bás roinnt príosúnach agus cuireann sé an milleán ar gharda éillitheach chun a phianbhreith a ísliú. Faoi dheireadh, ordaíonn Stringer D'Angelo a chur chun báis, agus an dúnmharú a eagrú le feiceáil mar fhéinmharú. Níl a fhios ag Avon faoin chealg Stringer agus caoineann sé a nia.

Tá Stringer ag streachailt chomh maith, deighilte ón soláthraithe Avon i Nua-Eabhrac agus é fágtha le drochtháirgí drugaí, agus íad ag éirí níos measa. Téann sé arís laistiar d'Avon, ag tabhairt leath de chríoch is ansa le Avon do iomaitheoir darb ainm Proposition Joe mar mhalairt ar sciar dá sholáthar. Faoi mar a tharlaíonn, tagann an soláthar seo ón Gréagach. Síleann Avon, gan a bheith ar an eolas faoin socrú, go bhfuil Joe agus mangairí eile ag bogadh isteach ina chríoch toisc nach bhfuil go leor fir crua ag an eagraíocht Barksdale. Baineann sé úsáid as a naisc Nua-Eabhrac chun feallmharfóir baolach a fhostú darb ainm Brother Mouzone. Chun fáil réidh le Mouzone, buaileann Stringer bob ar a shean-namhaid Omar, ag cur ina luí ar go bhfuil freagrach ag Mouzone as dúnmharú agus céasadh a leannán ina n-achrann sa chéad séasúr. Ag iarraidh díoltas a bhaint amach, scaoileann Omar Mouzone ach, nuair a thuigeann sé go d'inis Stringer bréag dó, glaonn sé 911. Tagann Mouzone chuige féin ón lámhach agus imíonn sé ó Bhaltimore, agus tá Stringer (le aontú Avon anois) in ann leanúint dá shocrú le Proposition Joe.

Séasúr 3[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann an fócas ar ais chuig an eagraíocht Barksdale sa tríú séasúr. Leathann an scóip chun an saol polaitiúil na cathrach a chur san áireamh. Tugtar fo-phlota nua isteach chun iniúchadh a dhéanamh ar na hiarmhairtí dearfacha a d'fhéadfadh a bheith le drugaí neamhdhleathacha a dhéanamh "dleathach" (agus de bharr seo gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, ar nós striapachas) laistigh de theorainneacha teoranta cúpla bloc cathrach neamháitrithe, ar a dtugtar "Hamsterdam". Cosúil le Amstardam, is iad na buntáistí atá curtha i gcás ná laghdú ar choireacht sráide ar fud na cathrach agus for-rochtain mhéadaithe ar sheirbhísí sláinte agus sóisialta do dhaoine leochaileacha.

Fágann scartáil na túir árasán a bhí mar phríomhchríoch eagraíochta Barksdale a gcuid déileálaithe ar ais ar shráideanna Baltimore. Leanann Stringer Bell lena athchóiriú ar an eagraíocht trí chomhoibriú le barúin drugaí eile, ag roinnt críoch, táirgí drugaí agus brabúis lena chéile. Diúltaíonn go grod Marlo Stanfield, ceannaire drong nua atá ag fás, togra comhoibrithe ó Stringer Bell. I gcoinne chomhairle Stringer, socraíonn Avon críoch Marlo a thógáil le fórsa agus téann an dá bhuíon i gcogadh fearainn nimhneach le maruithe iomadúla. Leanann Omar Little leis an eagraíocht Barksdale a robáil nuair is féidir. Ag comhoibriú lena bhuachaill nua Dante agus beirt bhan, is fadhb thromchúiseach arís é. Mar gheall ar an bhforéigean a bhaineann leis na heachtraí seo, is rogha soiléir imscrúdaithe é na dronga drugaí don aonad Cedric Daniels.

Tosaíonn an Comhairleoir Tommy Carcetti é féin a ullmhú féin le haghaidh feachtas toghchánaíochta méarachta. Déanann sé ionramháil ar comhghleacaí chun seasamh i gcoinne an mhéara chun an vóta Mheiriceánach Afracach a scoilt, faigheann sé bainisteoir feachtais cumasach agus tosaíonn sé ag déanamh ceannlínte dó féin. Ag teacht go deireadh a ghairm mar phóilín, tá Major Howard "Bunny" Colvin ón Western District ag iarracht fíorathrú a dhéanamh ar na comharsanachtaí trioblóideacha a raibh sé freagrach astu le fada. Gan eolas ag ceannas lárnach, bunaíonn Colvin ceantair ina ndéanfadh póilíní monatóireacht, gan pionós a chur, ar thrádáil na ndrugaí. Cuireann na póilíní crua ar fhoréigean sna ceantair seo agus ar gháinneáil ar dhrugaí in áiteanna eile sa chathair freisin. Le seachtainí fada, oibríonn turgnamh Colvin agus laghdaítear an choireacht ina cheantar féin. Faigheann ceannairí Colvin, na meáin agus polaiteoirí amach faoin socrú sa deireadh agus cuirtear deireadh leis an turgnamh "Hamsterdam". Agus na boic mhóra spréachta, cuirtear iallach ar Colvin céim síos a ghlacadh agus scor ón Roinn Póilíní ar phinsean níos ísle. Úsáideann Tommy Carcetti an scannal chun óráid mhór a dhéanamh ag cruinniú seachtainiúil de chomhairle cathrach.

I snáithe scéil eile, scaoiltear Dennis "Cutty" Wise, a bhí ina fhear crua na mangairí drugaí uair amháin, ó théarma príosúnachta ceithre bliana déag le teagmháil na heagraíochta Barksdale. Ar dtús déanann Cutty iarracht cúl a thabhairt leis an saol na coiriúlachta, go pointe áirithe chun a chaidreamh le hiar-leannán a athbhunú. Oibríonn sé mar saothraí ar feadh tamaill, ach tá deachrachtaí aige dul in oiriúint don saol mar fhear saor. Baineann sé triail as a seanshaol, ag dul ag obair do Avon. Nuair a aithníonn sé nach bhfuil de chroí aige dunmharú níos mó, éiríonn sé as an drong Barksdale. Níos déanaí, úsáideann sé maoiniú ó Avon chun trealamh nua a cheannach dá ghiomnáisiam dornálaíochta.

Foghlaimíonn an tAonad fiosrúcháin Daniels go bhfuil Stringer ag ceannach eastát réadach agus á fhorbairt chun a bhrionglóid a bheith ina fhear gnó dlisteanach a bhaint amach. Ar eagla go scriosfaidh an cogadh fearainn fuilteach le Marlo gach rud a d’oibrigh criú Barksdale i dtreo, tugann Stringer faisnéis do Major Colvin faoin taisce arm Avon. Filleann Brother Mouzone ar ais go mBaltimore agus aimsíonn sé Omar chun dul i bpáirt le chéile. Deir Mouzone le Avon go gcaithfear éiric a bhaint amach ar a lámhach. Nuair a cuimhníonn Avon ar an gcaoi ar thug Stringer neamhaird ar a ordú gan iarracht a dhéanamh Mouzone a dhúnmharú, agus ar buile faoin dúnmharú D’Angelo  a d’admhaigh Stringer leis (gan trácht ar an dochar atá Mouzone in ann a dhéanamh dá cháil lasmuigh de Baltimore) cuireann Avon in iúl do Mouzone faoi chuairt Stringer ar a láithreán tógála an lá dár gcionn. Sáinníonn Mouzone agus Omar Stringer agus scaoileann siad marbh é.

Insíonn Colvin do McNulty faoin cró folaigh Avon agus déanann an mhionbhuíon ruathar air, leis an bhfaisnéis a fuarthas ó dhíol gutháin indiúscartha a bhfuil gaireas cúléisteachta curtha orthu cheana féin don chriú Barksdale. Gabhadh Avon agus an chuid is mó dá íochtaráin. Tá deireadh leis an impireacht coiriúla Barksdale agus bogann criú óg Marlo isteach ina gcríoch. Leanann trádáil na ndrugaí in Iarthar Baltimore.

Séasúr 4[cuir in eagar | athraigh foinse]

Díríonn an ceathrú séasúr ar an gcóras scoile agus ar an rás le haghaidh an mhéaracht. Scrúdaíonn sé an drong Marlo Stanfield níos grinne, atá tagtha chun smacht ar fhormhór na gáinneála i mBaltimore Thiar, agus is iad na príomhcharachtair sa fho-phlota scoile ná Dukie, Randy, Michael, agus Namond, ceathrar buachaillí as West Baltimore ag dul isteach san 'eighth grade' (dara bliain i meánscoil in Éirinn). Tá post nua ag Prez mar mhúinteoir matamaitice sa scoil chéanna. Tá Marlo fuarfhuilteach ag úsáid dúnmharaithe agus imeaglú chun cúiteamh a dhéanamh ar a dhrugaí de dhroch-chaighdeán agus neamhinniúlacht i gcúrsaí gnó. Folaíonn a íochtaráin Chris Partlow agus Snoop na híospartaigh iomadúla i foirgnimh tréigthe nach mbeidh na coirp le aimsiú go héasca. Cuireann an mhistéir faoi conas a chuaigh an oiread sin coirpigh aitheanta ar iarraidh mearbhall ar an t-aonad atá ag fiosrú Marlo agus an t-aonad dúnbhásaithe a raibh an dualgas leagtha air na dúnmharuithe (mar a glactar) a réiteach. Cuireann Marlo iallach ar Bodie teacht agus obair dó.

Is póilín patróil anois é McNulty agus tá sé ina chónaí le Beadie Russell. Diúltaíonn sé go béasach tairiscintí poist ó Daniels atá anois i gceannas ar an "Western District". Fiosraíonn na bleachtairí Kima Greggs agus Lester Freamon, mar chuid den aonad "major crimes" seo, síntiúis pholaitiúla Avon Barksdale agus seirbheálann siad subpoenas do roinnt príomhfhigiúirí. Dúnann an Coimisinéir Ervin Burrell a gcuid oibre ar iarratas ón Méara Clarence Royce, agus tar éis iad a chur faoi mhaoirseacht níos déine laistigh dá n-aonad, iarrann Greggs agus Freamon araon ar aistriú go dtí an rannán dúnbhásaithe.

Idir an dá linn, tá an toghchán tosaigh méarachta ag dul isteach sa seachtainí deireanacha. Ar dtús tá cuma dochloíte ar Royce agus is cosúil go bhfuil farasbarr dosháraithe aige ar na dúshlánóirí Tommy Carcetti agus Tony Gray, le ciste feachtais mór agus ráitis tacaíochta ó pearsana móra. Titeann an feachtas Royce as a chéile, de réir mar a théann a scéiméireachta pholaitiúla féin ina choinne agus tosaíonn Carcetti ag tarraingt aird an phobail ar fhadhb coireachta na cathrach. Buann Carcetti an toghchán tosaigh.

Téann Howard "Bunny" Colvin le grúpa taighde ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar choirpigh fhéideartha sa todhchaí i measc na daltaí meánscoile. Leanann Dennis "Cutty" Wise ag obair le buachaillí ina seomra aclaíochta dornálaíochta, agus glacann sé le post sa scoil ag bailiú múitseálaithe. Tá cúpla rath ag Prez lena mhic léinn, ach tosaíonn cuid acu dul amú. Mar dhalta trioblóideach, baintear Namond as an rang agus cuirtear sa ghrúpa taighde é, áit a bhforbraíonn sé gean agus meas ar Colvin de réir a chéile. Nochtann Randy, i mbomaite éadóchais, eolas faoi dhúnmharú don leas-phríomhoide, rud a fhágann gur cheistíonn na póilíní é. Nuair a thógann Bubbles Sherrod, déagóir gan dídean, faoina sciathán, teipeann air ina chuid iarrachtaí an buachaill a spreagadh le filleadh ar scoil.

Déanann Proposition Joe iarracht aighneas idir Omar Little agus Marlo a chothú chun áitiú ar Marlo dul i bpáirt leis an comharchumann. Robálann Omar Marlo agus, dá réir sin, cuireann Marlo cluain ar na póilíní ionas go ngabhtar Omar as dúnmharú. Eagraíonn sé iarrachtaí chun é a dhúnmharú i bpríosún ach éiríonn le Omar an cúiseamh a sheachaint le cabhair ó Bunk. Faigheann Omar amach gur leag Marlo an milleán air, agus goideann sé an lastas drugaí iomlán an chomharchumainn mar dhíoltas. Tá Marlo ar buile le Joe as ligean don lastas a ghoid agus éilíonn sé sásamh. Mar thoradh air sin, bunaíonn Joe cruinniú idir é agus Spiros Vondas, a mhaolaíonn hábhair imní Marlo. Tar éis dó leid a fháil maidir le nasc Joe leis na Gréagaigh, tosaíonn Marlo ag imscrúdú orthu chun níos mó a fhoghlaim faoina ról i drugaí a smuigleáil i mBaltimore.

Tagann Freamon ar na coirp a chuir Chris agus Snoop i bhfolach. Tugann Bodie fianaise i gcoinne Marlo agus a chriú do McNulty, ach scaoiltear marbh é ag O-Dog, ball de chriú Marlo. Faigheann Sherrod bás tar éis dó vial nimh de hearóin a smúradh a d’ullmhaigh Bubbles, i ngan fhios dó, dá chráiteoir. Tugann Bubbles é féin ar láimh do na póilíní agus déanann sé iarracht é féin a chrochadh, ach maireann sé agus tugtar chuig clinic díthocsainiúcháin é. Anois tá Michael tar éis dulta isteach leis na marraitheoirí ag obair do Marlo agus tá sé i gceannas ar chúinne sráide, le Dukie ag fágáil an scoil chun obair ann. Cuirtear tine as teach Randy as a chomhoibriú leis na póilíní, rud a fhágann go bhfuil a mháthair altrama comhbhách san ospidéal agus é a sheoladh ar ais chuig ionad cónaithe. Tógann Colvin isteach Namond, a aithníonn an mhaith atá ann. Athaontaítear an t-aonad mórchoireanna ó shéasúir níos luaithe den chuid is mó, agus atosaíonn siad a n-imscrúdú ar Marlo Stanfield.

Séasúr 5[cuir in eagar | athraigh foinse]

Díríonn an cúigiú séasúr ar na meáin agus tomhaltas meán. Léirítear leagan ficseanúil an nuachtáin The Baltimore Sun, agus tagann gnéithe den phlota ó imeachtaí a bhí sna ceannlínte (scannal Jayson Blair agus The New York Times, mar shampla) agus daoine a bhí ag obair ag an nuachtán. Pléann an séasúr, dar le David Simon, leis “na scéalta a insítear agus na cinn nach n-insítear, agus cén fáth go bhfanann rudaí mar atá siad.”[9] Scrúdaítear ceisteanna cosúil leis an tóraíocht ar bhrabús, an laghdú ar líon na dtuairisceoirí, agus deireadh na n-uaillmhianta don iriseoireacht ardchaighdeáin, in éineacht le téama an easpa dídine.

Cúig mhí dhéag tar éis an cheathrú séasúr, caithfidh an t-aonad atá ag fiosrú Marlo Stanfield dúnadh mar gheall ar ciorruithe a rinne Méara Carcetti i mbuiséad na bpóilíní chun an t-easnamh oideachais a cheartú. Faigheann Daniels mionbhuíon chun díriú ar ionchúiseamh an tSeanadóra Clay Davis mar gheall ar éilliú. Filleann McNulty ar an aonad dúnmharaithe agus socraíonn sé acmhainní a atreorú ar ais chuig an Roinn Póilíní trí fhianaise a fhalsú chun a thabhairt le tuiscint go bhfuil dúnmharfóir srathach ag dúnmharú fir gan dídean.

Tá ciorruithe buiséid roimh an Baltimore Sun freisin agus bíonn an seomra nuachta ag streachailt an chathair a chlúdach ar bhealach sásúil, ag fágáil ar lár go leor scéalta tábhachtacha. Leanann an Coimisinéir Burrell staitisticí coireachta a fhalsú agus tugann Carcetti bata agus bóthar dó, agus é ag ullmhú Daniels a chur chun cinn mar a chomharba.

Trí dhúnmharú Butchie, meallann Marlo Stanfield a namhaid Omar Little ar ais go mBaltimore agus é tar éis dul ar scor. Múineann Proposition Joe do Stanfield conas airgead a sciúradh agus imscrúdú a sheachaint. Chomh luath agus nach bhfuil Joe úsáideach dó a thuilleadh, dúnmharaíonn Stanfield Joe le cabhair ó nia Joe, Cheese Wagstaff,  agus forghabhann sé a áit mar theagmhálaí  idir na Gréagaigh agus an Comharchumann. Leanann Michael Lee ag obair  mar fear crua do Stanfield, ag soláthar tí dá chara Dukie agus a dheartháir níos óige Bug.

Filleann Omar ar Baltimore ag lorg díoltais, ag díriú ar dhrong Stanfield, ag goid airgid agus ag scriosadh drugaí agus ag marú baill na heagraíochta chun iarracht iallach a chur ar Stanfield teacht amach ar na sráideanna. Dúnmharaítear Omar sa deireadh ag Kenard, mangaire óg Stanfield, go randamach, gan orduithe ó Stanfield.

Maíonn tuairisceoir Baltimore Sun, Scott Templeton, go ndearna an dúnmharfóir srathach a bhí cumtha ag McNulty teagmháil leis. Tá amhras ar eagarthóir Gus Haynes, ach tá Templeton mór le ceannasaithe an nuachtáin. Seanann McNulty le héileamh Templeton d’fhonn scéal an dúnmharfóra a neartaigh. Tógann an scéal móiminteam agus cuireann Carcetti a chasadh féin air, agus aird á bogadh go easpa dídine mar phríomhcheist ina fheachtas atá ar tí gobharnóir.

Tá Bubbles ag teacht chuige féin, ina chónaí in íoslach a dheirfiúr, agus é tar éis na drugaí a tabhairt suas. Déanann sé cairdeas le tuairisceoir Sun, Mike Fletcher, a scríobhann próifíl Bubbles sa deireadh. Tá Bunk bréan den scéim dúnmharfóra srathach agus iarrann sé Lester Freamon a chur ina luí ar McNulty stop a chur leis. Ina áit sin, cabhraíonn Freamon le McNulty an chealgaireacht a bhuanú agus úsáideann sé acmhainní atá curtha in áirithe don chás chun gaireas cúléisteachta mídhleathach a mhaoiniú ar Stanfield. Atosaíonn Bunk ag obair ar na dúnmharuithe sna foirgnimh tréigthe, agus mar thoradh air sin faigheann sé barántas dúnmharaithe ar Phartlow as dúnmharú leasathair Michael.

Bailíonn Freamon agus Leander Sydnor go leor fianaise chun Stanfield agus an chuid is mó dá leifteanaint shinsearacha a ghabháil, agus líon mór drugaí. Tá amhras ar Stanfield gur bhrathadóir é Michael, agus ordaíonn sé go ndúnmharófaí é. Tuigeann Michael go ndéanann siad iarracht é a mhealladh isteach i ngaiste agus maraíonn sé Snoop ina áit. Leis an eagraíocht Stanfield go dlúth sna sála air, fágann sé Bug le aintín agus tosaíonn sé ar ghairm mar robálaí nó "stick-up man" cosúil le Omar. Agus a ghréasán tacaíochta imithe, tá Dukie ina chónaí le andúiligh drugaí.

Insíonn McNulty do Kima Greggs faoina bhréaga chun bac a chur uirthi a cuid ama a chur amú ar an gcás. Insíonn Greggs do Daniels, a thugann an nuacht seo chuig Carcetti, in éineacht le Rhonda Pearlman, a ordaíonn go gcuirfí ceilt ar an scéal mar gheall ar thábhacht na ceiste dá fheachtas. Faightear Davis neamhchiontach, ach úsáideann Freamon bagairt ionchúiseamh feidearálach chun dúmhál a dhéanamh air le eolas a fháil. Nochtann Davis go bhfuil duine ag obair do Maurice Levy sa teach cúirte óna gceannaíonn sé go mídhleathach cóipeanna de dhíotálacha séalaithe. Deir Herc le Levy gur dócha go raibh cás Stanfield bunaithe ar gaireas cúléisteachta mídhleathach, rud a chuirfeadh an cás iomlán i gcontúirt. Tar éis do Levy é seo a léiriú do Pearlman, úsáideann sí spiaireacht Levy chun dúmhál a dhéanamh chun socrú a dhéanamh ar mhargadh pléadála dá cosantóirí. Cinntíonn Levy go scaoiltear Stanfield ar an gcoinníoll go dtéann sé ar scor go buan, agus go nglacann a chuid íochtaráin le pianbhreitheanna fada. Díolann Stanfield an nasc leis na Gréagaigh ar ais don chomharchumann agus tá pleananna aige a bheith ina fhear gnó, cé gur cosúil nach bhfuil sé in ann nó toilteanach fanacht amach ó na cúinní sráide.

De réir mar a thosaíonn iarracht an scannal a cheilt, déantar dunmarú aithrise, ach aimsiónn McNulty an duine a rinne é agus gabhann sé go tapa é. Deir Pearlman le McNulty agus Freamon nach féidir cead a thabhairt dóibh obair imscrúdaithe a dhéanamh a thuilleadh agus tugann sí foláireamh faoi chúiseamh coiriúil má chuireann an scannal ar fáil go poiblí. Roghnaíonn siad dul ar scor.  Déanann Haynes iarracht Templeton a nochtadh ach déanann na heagarthóirí bainistíochta neamhaird ar an gcumadóireacht agus tugann siad céim síos do duine ar bith atá criticiúil dá scoththuairisceoir. Cuireann Carcetti brú ar Daniels staitisticí coireachta a fhalsú chun cabhrú lena fheachtas. Diúltaíonn Daniels agus ansin éiríonn sé as a phost go ciúin le nach sceithfí a chomhad FBI.

I montáiste deireanach, féachann McNulty ar an gcathair, bainnean Freamon taitneamh as a thréimhse scoir, buann Templeton duais Pulitzer; ceaptar Carcetti mar ghobharnóir, tugtar céim síos do Haynes agus cuirtear Fletcher ina áit mar eagarthóir, ceapann Campbell Valchek mar choimisinéir na bpólíní, ceapann Carcetti Rawls mar cheannfort ar phóilíní Stáit Maryland; leanann Dukie ag úsáid hearóin agus Michael ag robáil mangairí drugaí, deantar breitheamh de Pearlman agus Daniels de aturnae; tá cead ag Bubbles teach aníos staighre agus baineann sé taitneamh as dinnéar teaghlaigh, caitheann Chris a sheal i bpríosún le Wee-Bey, leanann trádáil na ndrugaí ar aghaidh agus téann muintir Baltimore ar aghaidh lena saol.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. David Simon. (2005). "The Target". DVD. HBO.
  2. 2.0 2.1 Alvarez, Rafael (2010). "The Wire : truth be told": 18–19, 35–39. Canongate. OCLC 771427726. 
  3. ""What drugs have not destroyed, the war on them has" - Salon". web.archive.org (2007-03-13). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-03-13. Dáta rochtana: 2019-10-25.
  4. 4.0 4.1 "The Guide: Totally Wired". web.archive.org (2011-05-23). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-05-23. Dáta rochtana: 2019-10-27.
  5. 5.0 5.1 "David Simon Says" (en-US). Reason.com (2004-10-01). Dáta rochtana: 2019-10-26.
  6. "HBO: The Wire: Interview: Ed Burns". web.archive.org (2008-11-01). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-11-01. Dáta rochtana: 2019-10-31.
  7. "Everything you were afraid to ask about "The Wire" - Salon". web.archive.org (2006-11-19). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-11-19. Dáta rochtana: 2019-10-27.
  8. David Simon (2005). "The Target" commentary track (DVD). HBO
  9. Jacob Weisberg (September 13, 2006). "The Wire on Fire: Analyzing the best show on television". Slate. p. 1.