TG4 Foghlaim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaTG4 Foghlaim
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2021

Suíomh gréasáinfoghlaim.tg4.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Acmhainn nua oideachais chlosamhairc is ea TG4 Foghlaim atá curtha in oiriúint do riachtanais scoláirí na hArdteistiméireachta in Éirinn, ach is féidir le foghlaimeoirí ag leibhéal ar bith leas a bhaint as an t-ábhar seo chun a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt.

TG4 i gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe tar éis suíomh nua físe a chur ar fáil ar www.tg4.ie/ga/foghlaim/ do dhaltaí iar-bhunscoile atá ag ullmhú do Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta.[1]

Lena chois sin, beidh léiriú físe ar fáil ar TG4 Foghlaim ar bhrí liteartha agus ar bhrí mheafarach na ndánta atá ar an Siollabas, mar aon le próifíl iomlán ar na filí agus cur síos ar chúlra na ndánta. Is comhpháirtíocht idir TG4 agus Ollscoil na Gaillimhe an togra seo agus táthar ag súil go rachaidh sé chun tairbhe do dhaltaí agus do mhúinteoirí araon.

Deir Leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha, go bhfuil an togra seo curtha le chéile mar thoradh ar iarratais go leor atá déanta ag múinteoirí (agus a gcuid daltaí) ar an gcainéal le beagán blianta: “Is cóir agus is deas linn togra oideachasúil mar seo a sheoladh mar chruthúnas breise ar an leas poiblí a dhéanann TG4 ag cur na Gaeilge chun cinn ar fud na cruinne.”

Leagann Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Dónall Ó Braonáin, béim ar thábhacht an togra: “Is iontach go bhfuil taighde ceannródaíoch ar an sealbhú teanga á roinnt ar mhúinteoirí agus mic léinn ardteistiméireachta a bhuíochas d’acmhainní foghlama den chéad scoth.”

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]