The Podge and Rodge Show
The Podge and Rodge Show | |
---|---|
Seánra | Coiméide; Comhrá; |
Fad na n-eipeasóidí | Timpeall 22 nóiméad |
Dearthóir(í) | Ciaran Morrison; Mick O'Hara |
Teanga | Béarla |
Tír | Poblacht na hÉireann |
Craoltóir | Radio Telefís Éireann |
Céad rith | 6 Feabhra, 2006 – 27 Aibreán, 2010 |
Méid séasúr | 5 |
Méid eipeasóidí | 164 |
Clár siamsaíochta Éireannach do dhaoine fásta é The Podge and Rodge Show a craoladh dé Luan agus dé Máirt ar RTÉ 2. Cuireann dhá phuipéid i láthair é: Podge agus Rodge, agus is í Lucy Kennedy an "leas-láithreoir" ar an gclár.
Is clár coiméideach é, ina ndéantar agallamh le daoine cáiliúla agus cuirtear ceisteanna drochbhéasacha orthu a chuireann náire ar na daoine faoi agallamh ó am go chéile. I measc na ndaoine a bhí ar an gclár bhí Bláthnaid Ní Chofaigh, Dicky Rock, Síle Seoige agus Keith Duffy.
I rith an chláir bíonn cluichí ar siúl leis an lucht féachana, agus bíonn Lucy Kennedy amuigh ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath ag déanamh suirbhéanna do Phodge agus Rodge.
Thosaigh Podge agus Rodge amach ar The Den le Ian Dempsey sna 1990í agus chuaigh siad go A Scare at Bedtime with Podge and Rodge sa bhliain 1999, ach tá an sean-chlár críochnaithe inniu. Sa bhliain 2006 craoladh seó beo de chuid Podge & Rodge i Vicar Street darbh ainm Desperate for Housewives.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |