Jump to content

Glen Hansard

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGlen Hansard

(2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Glen James Hansard Cuir in eagar ar Wikidata
21 Aibreán 1970
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Iúil 2026
56 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás tionóisceach (Imbhualadh tráchta)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síNew York Film Academy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeol, ceol malartach, music composition (en) Aistrigh, taibhiú giotáir, amhránaíocht, rac malartach, rac-cheol agus rac-cheol tíre
Suíomh oibre Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmaisteoir, aisteoir scannáin, giotáraí, cumadóir, liriceoir, cumadóir scóir scannáin, amhránaí is scríbhneoir, ceoltóir, ealaíontóir sráide, amhránaí, ceoltóir rac Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraCeol tíre traidisiúnta, pop indie, contemporary folk music (en) Aistrigh, rac-cheol, rac-cheol tíre, ceol tíre indie agus rac indie
TeangachaBéarla agus an Ollainnis
Cineál guthaBaratón

UirlisUcailéile, ceol gutha agus giotár
Teaghlach
CéileMaire Saaritsa (en) Aistrigh (2022–2026), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíMarkéta Irglová (2006–2009) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinglenhansard.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0360598 Allocine: 182807 Allmovie: p30203 TV.com: people/glen-hansard IBDB: 491364 TMDB.org: 45124
Facebook: GlenHansardMusic X: Glen_Hansard Vimeo: glenhansard Bandcamp: glenhansard Spotify: 3Caot8EtHX6wLpNF2wRzS0 Apple Music: 99200052 Last fm: Glen_Hansard Musicbrainz: 57f89cad-d2ef-48df-9119-8287b106716a Songkick: 595109 Discogs: 26586 Allmusic: mn0000209086 Deezer: 17202 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceoltóir, amhránaí-cumadóir agus aisteoir de bhunadh Bhaile Munna ba ea Glen Hansard ( 21 Aibreán 1970 - 29 Iúil 2026[1][2]). Bhí sé ina phríomhamhránaí agus ina ghiotáraí ar an mbanna rac-cheoil Éireannach The Frames ó bunaíodh é sa bhliain 1990. Bhuaigh sé féin agus an ceoltóir Seiceach Markéta Irglová Gradam an Acadaimh don amhrán is fearr sa bhliain 2008, "Falling Slowly", a scríobh siad don scannán Once.

2005
le Markéta Irglová, 2006
Glen Hansard, ag seinm i Vicar Street, Baile Átha Cliath, 31 Nollaig 2006
2015
2018
2018
2019

Thosaigh Hansard ag seinm ceoil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus é ina dhéagóir óg. D'fhág sé an scoil agus é trí bliana déag d'aois. Dhírigh a chuid fuinnimh ar cheol a chumadh agus a sheinnt. Bhunaigh sé an banna The Frames sa bhliain 1990, agus bhí siad ag seinm go rialta in Éirinn ó shin i leith.

Is ar Shráid Grafton is mó a rinne sé seinnt – é ag buscáil i dteannta grúpa mór ceoltóirí eile a bhí ag bualadh ceoil ar an tsráid chéanna. Ina measc bhí Mic Christopher, muintir Kíla, Leslie Keye, Miriam Ingram, Marc Dignam, Fiachra Shanks agus lear mór daoine eile.

The Frames

Tar éis roinnt ceolchoirmeacha a sheinnt le Eoin Ó Broin (an Teachta Dála) ar an dord dúbailte agus Rónán Ó Snodaigh ar chnag-uirlisí, bhunaigh sé The Frames (i measc na mball bhí Dave Odlum agus Colm Mac Con Iomaire).

Faoin dtráth seo (1990) bhí léiritheoir clúiteach darbh ainm Denny Cordell tar éis aird a thabhairt air agus an bhliain chéanna thug Island Records conradh taifeadta dó. An bhliain dár gcionn eisíodh céad albam an bhanna Another Love Song.

Níor lean an conradh taifeadta le Island Records ach tamaillín gairid ach níor chuir sin stop le sodar an bhanna a lean leo ag eisiúint albaim agus singlí den scoth – sé albam san iomlán suas go dtí The Cost i 2006 agus nach mór scór singil.[3]

Rinne na Frames dhá amhrán Gaeilge a thaifeadadh Lócaistí (2005) agus Pian agus Ciúnas (2006). Tá siad ar fáil ar dhlúthdhioscaí Sheachtain na Gaeilge dos na blianta céanna.

The Commitments

Tháinig clú agus cáil air tar éis dó páirt a ghlacadh sa scannán Alain Parker The Commitments i 1991. Ghlac sé páirt an tseinnteora giotáir Outspan Foster. Bhí aiféala air gur ghlac sé leis an bpáirt seo, dar leis, mar thóg sí aird óna shlí bheatha mar cheoltóir.

Other Voices agus The Swell Season

Sa bhliain 2003 bhí sé mar láithreoir ar chlár RTÉ Other Voices: Songs from a Room, taispeántas den tallann ceoil neamhspleách atá le fáil in Éirinn, cé nach raibh taithí ar bith aige roimhe sin mar láithreoir teilifíse. Sa bhliain 2006 seoladh dlúthdhiosca darbh ainm The Swell Season, ceirnín a rinne Hansard leis an gceoltóir Seiceach Markéta Irglová.

Once agus an tOscar

I 2007 rinne sé aisteoireacht i scannán darbh ainm Once a rinne John Carney (iar-sheinnteoir dordghiotáir leis na Frames) a stiúradh, le Hansard agus Markéta Irglová mar phríomhcharachtair ann. Ba Hansard a chum tromlach an fhuaimriain chomh maith agus bhain an t-amhrán "Falling Slowly", Oscar amach i rannóg na n-amhrán is fearr. Scannán neamhspleách ar chostas íseal ab ea é, ach bhain sé clú idirnáisiúnta amach ar fud an domhain.[1]

Chuir rath an amhráin seo stop leis na Frames ar feadh tamaill fad is a rinne Hansard agus an príomh-aisteoir eile as an scannán Marketa Irglová taisteal timpeall na cruinne ag seinnt ceolchoirmeacha fén ainm The Swell Season.

Gairm aonair

Tar éis roinnt blianta, agus an gaol idir Hansard agus Irglová thart, thosaigh sé ag seinnt ina aonar. Is minic a bhíodh banna mór ina theannta – agus baill des na Frames ina measc siúd.[3]

D'eisigh Hansard a chéad albam aonair, Rhythm and Repose, sa bhliain 2012. Ina dhiaidh sin, chuir sé ceithre albam eile amach: Didn't He Ramble (2015), a bhí ainmnithe do Ghradam Grammy; Between Two Shores (2018); agus The Wild Willing (2019). B’é All That Was East Is West of Me Now (2023) an ceann ba dheireanaí uaidh.[1]

Gníomhaíochas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba bhall mór le rá é den ghrúpa gníomhaíoch Home Sweet Home a ghlac seilbh ar iar-oifigí i dTeach Apollo ar Shráid an Phoill Bhig i mBaile Átha Cliath, mar fhoscadán do dhaoine gan dídean idir 15 Nollaig 2016 agus 12 Eanáir 2017. Bhí orthu an foirgneamh a fhágáil faoi dheireadh mar gheall ar ordú cúirte, ach tharraing an eachtra seo aird ar straitéis an rialtais Éireannaigh do dhaoine gan dídean.

Gach Nollaig bhíodh sé i lár an aonaigh ar Shráid Grafton le Buscáil na Nollag – ócáid bailithe airgid do dhaoine gan dídean, ina gcanadh leithéidí Paddy Casey, Mundy, Liam Ó Maonlaí, Imelda May agus Bono ina theannta.[3]

Ceangal leis an nGaeltacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí baint láidir ag Hansard le Gaeltacht Chorca Dhuibhne, agus cairde móra aige ann, go háirithe muintir Uí Bheaglaoich as Baile na bPoc.[1] Ba mhinic é ina aoi ar an gclár raidió An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta in éineacht le criú an Naomh Gobnait, ina measc an ceoltóir Breanndán Ó Beaglaoich agus an scríbhneoir Danny Mac Síthigh.[4] Dúirt Philip King, bunaitheoir na féile ceoil Other Voices, gurb é a d'iarr ar Hansard an clár a chur i láthair an chéad lá riamh, cé go raibh an ceoltóir féin buartha nach raibh taithí ar bith aige mar láithreoir teilifíse roimhe sin.[4]

Dúirt an ceoltóir Liam Ó Maonlaí, cara dá chuid a bhfuil ceangal fada aige le Corca Dhuibhne freisin, go raibh suim mhór ag Hansard sa Ghaeilge agus i gcultúr na Gaeltachta, cé nach raibh an teanga féin ar a thoil aige.[4]

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2021 rugadh mac (Christy) dó féin agus dá bhean chéile Marie Saaritsa, an file Fionlannach.[1]

Fuair Hansard bás go luath ar maidin Dé Céadaoin, an 29 Iúil 2026, tar éis timpiste ghluaisrothair ar an mBóthar Íochtarach sna Ceapóga Sú Talún, idir An Lána Garbh agus Cnoc an Tincéara,[5] i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ag filleadh abhaile ó sheisiún ceoil sa Wren’s Nest i Séipéal Iosóid, agus é ag taisteal siar i dtreo Leamhcáin, nuair a tharla an timpiste.[3] É féin amháin a bhí sa tionóisc. Cuireadh cóir leighis air ar an láthair, ach bhásaigh sé go gairid ina dhiaidh sin agus na seirbhísí éigeandála ag iarraidh cóir leighis a thabhairt dó. Bhí sé 56 bliain d'aois.[1]

Chuir Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, agus go leor ceoltóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta, ina measc Bruce Springsteen, Bono agus Ed Sheeran, a gcomhbhrón in iúl go poiblí, ag moladh a chuid ceoil agus a chineáltais mar dhuine.[6]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 4 5 6 "Glen Hansard, amhránaí agus buaiteoir Oscar, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-07-29). Dáta rochtana: 2026-07-29.
  2. ↑ "An t-amhránaí agus cumadóir Glen Hansard tar éis bháis" (as ga) (2026-07-29). Nuacht RTÉ.
  3. 1 2 3 4 "Glen Hansard imithe ar shlí na fírinne" (ga-IE). An Páipéar (2026-07-29). Dáta rochtana: 2026-08-02.
  4. 1 2 3 "Bhí Glen Hansard 'ag baile' i gCorca Dhuibhne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-07-29). Dáta rochtana: 2026-08-02.
  5. ↑ "Na Ceapóga Sú Talún/Strawberry Beds" (en-GB). logainm.ie. Dáta rochtana: 2026-08-03.
  6. ↑ "Tributes pour in for 'brilliant' Glen Hansard" (en-IE). RTÉ (2026-07-29). Dáta rochtana: 2026-08-02.