Guy de Maupassant
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (fr) Henry-René-Albert-Guy de Maupassant 5 Lúnasa 1850 Tourville-sur-Arques, An Fhrainc |
| Bás | 6 Iúil 1893 42 bliana d'aois Páras (Troisième République) |
| Siocair bháis | Bás nádúrtha (Sifilis) |
| Áit adhlactha | Reilig Montparnasse |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Lycée Pierre-Corneille (1868–1869) Le Séminaire d'Yvetot (1863–1868) Lycée Henri-IV (1859–) |
| Áit chónaithe | Maison du 102 Quai de Seine à Sartrouville (fr) |
| Teanga dhúchais | an Fhraincis |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Litríocht, amharclannaíocht agus iriseoireacht |
| Gairm | gearrscéalaí, úrscéalaí, scríbhneoir, iriseoir, drámadóir, file |
| Tréimhse oibre | 1880 – |
| Gluaiseacht | Réalachas liteartha |
| Mac/iníon léinn de chuid | Gustave Flaubert |
| Faoi thionchar | |
| Ainm cleite | Joseph Prunier Guy de Valmont Maufrigneuse |
| Teangacha | An Fhraincis |
| Gairm mhíleata | |
| Coinbhleacht | An Cogadh Franc-Phrúiseach |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
| Teaghlach | |
| Céile | luach ar iarraidh |
| Athair | Gustave de Maupassant |
Gradam a fuarthas
| |
| Suíomh gréasáin | maupassantiana.fr |
Scríbhneoir Francach ab ea Henri René Albert Guy de Maupassant (5 Lúnasa 1850 – 6 Iúil 1893). Do rugadh é i château Mhiromesnil, château atá suite i dTourville-sur-Arques, agus do fuair sé bás i bPáras na Fraince.
Cara de chuid Ghustave Flaubert agus Émile Zola ab ea Maupassant, scríbhneoir a d'fhág an-lorg ar litríocht na Fraince de bharr na n-úrscéalta - úrscéalta ar nós Une vie (1883), Bel-Ami (1885) agus Pierre et Jean (1887-1888) - agus na ngearrscéalta dá chuid. Deirtear gurbh é ba mhó a chuir an gearrscéal chun cinn sa Fhrainc agus tá an-chlú go deo ar ghearrscéalta de chuid Mhaupassant sa lá atá inniubh ann fós. I measc na gcnuasach gearrscéalta a foilsíodh, is iad Boule de suif (1880), Contes de la bécasse (1883) agus Le Horla (1887) na cnuasaigh is iomráití.
Ainneoin an mhéid a scríobh sé, ní raibh Maupassant ina scríbhneoir ach ar feadh deich mbliana amháin - .i. ón mbliain 1880 go dtí an bhliain 1890 -, do fuair an íorthacht dianghreim air ag deireadh na tréimhse sin agus ní raibh sé in ann scríobh a thuilleadh.
Aistriúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Aistriúcháin go Gaeilge: La Rempailleuse (gearrscéal) aistrithe ag Máirtín Ó Cadhain.