Émile Zola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Émile Zola
ZOLA 1902B.jpg
Émile Zola
Dáta breithe 2 Aibreán 1840
  Páras, an Fhrainc
Dáta báis 29 Meán Fómhair 1902
  Páras, an Fhrainc
Náisiúntacht Francach
Gairm Úrscéalaí, drámadóir agus iriseoir
Iomráiteach do Les Rougon-Macquart, Thérèse Raquin, Germinal
Céile Éléonore-Alexandrine Meley
Síniú
Autograf, Zola, Nordisk familjebok.png

Ba Fhrancach é Émile Édouard Charles Antoine Zola (2 Aibreán 1840 - 29 Meán Fómhair 1902). Úrscéalaí, drámadóir agus iriseoir ab ea é mar aon le bheith an scríbhneoir is cáiliúla as lucht scoil liteartha an nádúrachais, agus scríbhneoir tábhachtach i bhforbairt an nádúrachais amharclannaíochta chomh maith. Ba mhór phearsa é i liobrálú polaitiúil na Fraince agus bhí páirt mhór aige i saoradh mhilleán Alfred Dreyfus, oifigeach an airm a cúisíodh agus a ciontaíodh san éagóir, eachtra a taifeadadh sa cheannlíne nuachtáin cháiliúil sin, J'accuse (Cúisím, 1898). Cúisíodh é i leabhal dá bharr, agus theith sé go Sasana. Ainmníodh Zola do Dhuais Nobel na Liteartha den chéad agus den dara huair a bronnadh í, i 1901 agus i 1902.

Óige[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh é i bPáras in 1840. B'innealtóir Iodálach é a athair, François Zola (nó Francesco Zola mar a tugadh air ar lá a bhreith), a rugadh sa Veinéis i 1795 agus a dhear Damba Zola in Aix-en-Provence, agus ba bhean Fhrancach í a mháthair. D'aistrigh an teaghlach go Aix-en-Provence in oirdheisceart na Fraince nuair a bhí Émile trí bliana d'aois. Fuair a athair bás ceithre bliana ina dhiaidh sin, in 1847, agus fágadh a bhean chéile ina dhiaidh ag brath ar phinsin ghann. In 1858 d'aistrigh muintir Zola go Páras, agus chuaigh a chara óna leanbaíocht, Paul Cézanne, chun fanacht ina chuideachta leis ann. Thosaigh Zola ag scríobh sa stíl rómansúil. Bhí a mháthair ag súil go mbainfeadh sé amach gairm bheatha sa dlí dó féin ach theip air sa scrúdú Baccalauréat.

Sula bhfuair sé a chéad deis mar scríbhneoir, d'oibrigh Zola mar chléireach i gcomhlacht loingis agus ina dhiaidh sin i rannóg dhíolacháin foilsitheora (Hachette). Scríobh sé léirmheasanna ealaíne agus liteartha i nuachtáin. Mar iriseoir polaitiúil, níor cheilt Zola an mhíghnaoi a raibh aige ar Napoléon III, a raibh ina uachtarán de réir bhunreacht Dara Impireacht na Fraince sular iompair sé an t-údarás sin chun coup d'état a chur i bhfeidhm, eachtra a cuireadh é i gcoróin mar impire.

A shaol meánaosta agus aosta[athraigh | athraigh vicithéacs]

In 1862, tugadh saoránacht Fhrancach dó. In 1864, bhuail sé ar Éléonore-Alexandrine Meley, a thug Gabrielle uirthi féin. Bean fuála ab ea í agus ceaptar go forleathan gurb striapach í. Phós siad ar an 31 Bealtaine 1870. D'fhan sí lena thaobh ar fad a shaoil iomláin agus bhí páirt lárnach aici le cur chun tosaigh a shaothair. Ní raibh clann acu. Bhí leanbh ag Alexandrine Zola sular bhuail sí ar Zola, leanbh ar chuir sí chun uchtú toisc nach raibh sí in ann aire a thabhairt dó. Nuair a d'inis sí an rún seo do Zola i ndiaidh a mbainis, chuaigh siad ar thóir an chailín, ach tharla gur éag an leanbh tamall beag i ndiaidh a breith. In 1888, chuaigh Zola leis an ngrianghrafadóireacht agus d'éirigh leis cumas nach mór gairmeach sa cheird sin a bhaint amach.

Sa bhliain chéanna, in 1888, fostaigh Alexandrine bean fuála, Jeanne Rozerot, a chuir fúithi i dteach Zola in Médan. Thit Zola i ngrá léi agus bhí beirt chlainne aige léi: Denise in 1889 agus Jacques in 1891. Nuair a d'aistrigh sí go Páras, lean Zola ar aghaidh ag tabhairt airgid di agus ag tabhairt cuairte ar na páistí. Sa mhí Mheán Fómhair 1891 tháinig Alexandrine ar an bhfírinne faoin gcaidreamh bradach agus is beag nár chríochnaigh an pósadh dá bharr. Nuair a cuireadh réiteach ar an gcoimhlint, áfach, bhí Zola in ann níos mó ama a chaitheamh leis na páistí. I ndiaidh a bháis, thóg siad a ainm mar a sloinne dleathach.

A ghairm[athraigh | athraigh vicithéacs]

Le linn na blianta tosaigh dá ghairm mar scríbhneoir, scríobh Zola go leor gearrscéalta agus aistí, ceithre dhráma, agus trí úrscéal, Contes à Ninon, a foilsíodh in 1864, ina measc. In 1865 tharraing sé aird na bpóilíní air féin dá bharr an t-úrscéal bhrachach ar scríobh sé, La Confession de Claude (1865). Briseadh as a phost in Hachette é mar gheall air sin. Foilsíodh an t-úrscéal ar scríobh sé, Les Mystères de Marseille, mar shraith in 1867.

I ndiaidh foilseacháin a chéad úrscéil thábhachtaigh, Thérèse Raquin (1867), thug sé faoin tsraith úrscéalta darb ainm Les Rougon-Macquart a scríobh faoi saolta de lucht theaghlach sínte amháin sa Dhara Impireacht.

A shaothar liteartha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is iad úrscéalta den tsraith 20 úrscéil a dtugtar Les Rougon-Macquart orthu breis is leath den chuid úrscéalta ar scríobh sé. Murab ionann Honoré de Balzac, a athchruthaigh a shaothair liteartha i gcruth La Comédie Humaine agus é i lár é a scríobh, bhí struchtúir an tsraith seo tharraingthe ag Zola ina aigne nuair a bhí sé 28 mbliana d'aois. Suite i nDara Impireacht na Fraince scrúdaítear tionchar "timpeallachta" an alcóil, an fhoréigin, agus an striapachais ar shaolta na ndaoine sa tsraith seo, tionchair a bhí le brath go suntasach ní ba choitianta le linn an dara bhabhta den Réabhlóid Thionsclaíoch. Déantar scrúduithe ar dá sraith den teaghlach sínte amháin - an tsraith mheasúil (is é sin a rá na hoidhrithe dlisteanacha), na Rougons, agus an tsraith mhímheasúil (an sliocht mídlistineacha), na Macquarts - ar feadh chúig ghlúine.

[...]

Cé go raibh cairdeas daingean idir Zola agus Cézanne óna leanbaíocht, d'éirigh eatarthu níos deireanaí ina saol de bharr an dealramh ficseanúil ar tharraing sé de Cézanne agus den saol boihéamach d'ealaíontóirí ina úrscéal L'Œuvre (An Sárshaothar, 1886).

Fear saibhir ab ea Zola ó 1877 amach, agus bhain sé an-tóir as foilseachán an úrscéal L'Assommoir; bhí tuarastal níos airde aige ná mar a bhí ag Victor Hugo as sin amach, mar shampla. Le himeacht aimsire d'fhulaing sé a bheith mar cheann feadhna den lucht liteartha na meánaicme agus d'eagair dinnéir cultúrtha ina villa sóchúlach (ar íoc sé 300,000 franc as) in Médan, in aice le Páras ó 1880 amach. D'fhreastail leithéidí Guy de Maupassant, Joris-Karl Huysmans, agus scríbhneoirí eile ar na cóisirí sin. Tháinig rath mór air mar scríbhneoir, go háirithe de bharr foilseacháin Germinal in 1885, agus ansin foilseacháin trí leabhar "na cathracha" - Lourdes (1894) , An Róimh (1896), agus Páras (1897).

E Mac Gearailt (plé) 11:24, 18 Samhain 2016 (UTC)

Thagair sé dó féin mar cheannaire an Nádúrachais Fhrancaigh, agus tá tionchar a shaothair le brath i gceoldrámaí éagsúla, leithéidí iadsan ar chum Gustave Charpentier, go háirithe Louise, sna 1890í. Tá dealramh a shaothair, ar spreag coincheapa na hoidhreachtúlachta (Claude Bernard), an Mainicéasaíochas Sóisialta, agus an Sóisialachas Idéalach, le brath i saothair Nadar, Manet agus Flaubert níos déanaí, freisin.

E Mac Gearailt (plé) 11:49, 18 Samhain 2016 (UTC)