J'Accuse…! (1898)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtJ'Accuse…!
Íomhá
Cineálalt
litir oscailte Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarÉmile Zola Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe13 Eanáir 1898 Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharDreyfus affair (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata

Obair iomlán ar fáil ag URLgallica.bnf.fr… Cuir in eagar ar Wikidata


Ar an 13 Eanáir 1898, d’fhoilsigh an nuachtán Francach L’Aurore litir chlúiteach Emile ZolaJ’Accuse – inar chuir sé i leith údaráis mhíleata na Fraince go raibh fear soineanta á choinneáil acu ar Oileán an Diabhail (i nGuáin na Fraince), oifigeach airm darbh ainm Lionel Dreyfus. D’éirigh an scannal Dreyfus, de réir Doise,[1] as plota a chum oifigigh shinsearacha in arm na Fraince le dallach dubh a chur ar na Gearmánaigh.[2]

Alfred Dreyfus

Úrscéalaí, drámadóir agus iriseoir Francach ab ea Émile Zola, agus foilsíodh an litir oscailte faoi bhráid Uachtarán na Fraince, Felix Faure. Racht díocasach a bhí ann, ag cosaint Dreyfus. Lena J'Accuse, shiúil Zola d'aon ghnó i gcoiscéimeanna an Voltaire sin a dúirt go sonrachː "J'écris pour agir" nó mar (fhrith)ghníomh a bhímse ag scríobh.[3]

Aithnítear go forleathan gurbh é an t-alt sin a scríobh Zola in 1898 an comhartha ab shoiléire den chumhacht nua a raibh ag na hintleachtóirí (scríbhneoirí, ealaíontóirí, acadamhaithe) i múnla tuairimí an phobail, na meán chumarsáide agus an stáit.

Oscar Wilde[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí na Bealtaine 1897, saoradh Oscar Wilde ó phríosún Reading tar éis dó téarma beagnach dhá bhliain a chaitheamh ar chúiseanna homaighnéasachta. Chuaigh Oscar Wilde a chónaí i bPáras i mí Feabhra 1898 go díreach faoin am a raibh Zola ar triail as míchlú a tharraingt ar Ardchomhairle Arm na Fraince. Má d’fhoilsigh an nuachtán pro-Dreyfus La Siècle cóip de i mí Aibreáin, dhiúltaigh Wilde an dearbhú faoi mhionn a thabhairt do Zola a bhí i mbun achomhairc in aghaidh an phionóis phríosúnachta a gearradh airsean.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Robert E. Kaplan (1999). "Making Sense of the Rennes Verdict: The Military Dimension of the Dreyfus Affair". Journal of Contemporary History 34 (4): 499–515. doi:10.2307/261248. ISSN 0022-0094. 
  2. Aodhán Ó Raghailligh (D.F. 2012). "Oscar Wilde agus l'affaire Dreyfus" (An tUltach 89 (10), lch 14-15). 
  3. Síofra Pierse (2006). "Saoithiúlacht: George Moore, Voltaire agus Eagnaíocht na Fraince". Comhar 66 (9): 24–26. doi:10.2307/25575530. ISSN 0010-2369.