Joan Lingard
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 15 Eanáir 1932 Dún Éideann, Scotland |
| Bás | 12 Iúil 2022 90 bliana d'aois Dún Éideann, Scotland |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Bloomfield Collegiate School (en) Béal Feirste |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Gníomhaíocht liteartha, scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, prós agus litríocht do pháistí |
| Suíomh oibre | Béal Feirste Dún Éideann Albain |
| Gairm | scríbhneoir, scríbhneoir litríocht pháistí |
| Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas | |
Ba scríbhneoir Albanach í Joan Lingard a rugadh i nDún Éideann ar 15 Eanáir 1932 agus a fuair bás ar 12 Iúil 2022. Chaith sí blianta a céad óige i mBéal Feirste.
Chuaigh atmaisféar agus imthoscaí na háite go mór mór i bhfeidhm uirthi, agus mar sin, tá áit lárnach ag Tuaisceart Éireann agus trioblóidí an Tuaiscirt ina cuid scríbhinní. #
Scríobh sí do dhaoine fásta chomh maith leis na daoine óga, ach is í an tsraith faoi Kevin agus Sadie - The Twelfth Day of July, Across the Barricades, Into Exile, A Proper Place, agus Hostages to Fortune - an chuid dá saothar liteartha is mó a léitear ar an gcoigríoch.
Cuireadh a lán teangacha ar an tsraith seo, agus is tríthi a fuair na déagóirí sna tíortha eile an chéad léargas ar imeachtaí agus imthoscaí Thuaisceart Éireann.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |