Séamas Mac Annaidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSéamas Mac Annaidh
Beathaisnéis
Breith1961
62/63 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht, stair réigiúnach, eolaíocht leabharlainne, translation into English (en) Aistrigh, translations from Italian (en) Aistrigh, iriseoireacht tuairimíochta agus historical topography (en) Aistrigh
Gairmscríbhneoir, aistritheoir, eagarthóir rannchuidithe, ceoltóir, staraí, leabharlannaí, teoiricí liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Inis Ceithleann

Is scríbhneoir é Séamas Mac Annaidh a rugadh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1961.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Mac Annaidh an duine ba shine de cheathrar clainne. Ba í an Dochtúir Ita Briscoe a mháthair. Bainisteoir bainc ó Thír Eoghain a bhí ina athair. Is iomaí áit a ndearna sé cónaí ann: Muineachán 1961-1964; Dún Dealgan 1964-1966; Inis Ceithleann 1966-1993 agus Doire ón mbliain 1993 i leith.

Ollscoil na Banríona

Tá sé pósta ar Joy Beatty, a rugadh i Latharna, agus tá iníon acu, Raphaelle, a rugadh sa bhliain 2001. Ghnóthaigh Mac Annaidh bunchéim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla in Ollscoil Uladh i gCúil Raithin sa bhliain 1982. Ón mbliain 1984 go 1988 bhí sé ag obair mar chúntóir leabharlainne in Inis Ceithleann: ina dhiaidh sin ghlac sé post mar scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Uladh agus ansin in Ollscoil na Banríona.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceirníní agus scannán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir sé ceirníní amach leis an mbanna Lonta Fhear Manach (ainm a thagann ó theideal a chéad úrscéal) agus rinne sé scannán dar teideal Misteach Bhaile Átha Cliath (1995) do RTÉ agus do BBC Uladh.

Leabhair Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Mac Annaidh tamall ina eagarthóir liteartha ar an nuachtán anuas go dtí an bhliain 2003. Is éard is mó a tharraing clú air tríológ úrscéalta osréalacha: Cuaifeach mo Lon Dubh Buí, Mo Dhá Mhicí agus Rubble na Mickies (BÁC: Coiscéim, 1983, 1986 agus 1990 faoi seach). Saothair chomhaimseartha iad a bhfuil greann iontu agus léargas corr ar shaol a linne.

Sa chuid lárnach den scéal "Cuaifeach mo lon dubh buí", is féidir a áiteamh gur bildungsroman é, nó léiriú ar aigne ann féin - ar nós Tristam Shandy le Laurence Sterne[1].

Chuir sé cnuasach gearrscéalta, Féirín, Scéalta agus Eile (BAC: Coiscéim, 1992), agus An Deireadh, úrscéal i bhfoirm dialainne (BÁC: Coiscéim, 1996), amach fosta.

D’fhoilsigh Coiscéim Mr. Lisa agus Scéalta Eile sa bhliain 2005 agus Diosco Dé (úrscéal) sa bhliain 2006. Ceapadh Mac Annaidh ina scríbhneoir cónaitheach Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe mí Eanáir 2007.

Saothar eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá saothair Bhéarla foilsithe ag Mac Annaidh fosta, ar nós Irish History Micropedia (Parragon); Fermanagh Books, Writers and Newspapers of the Nineteenth Century (Marmara Denizi 1999) Leabhar taistil: Les Noisettes de Lannion (Institute Culturel de Bretagne (1997). (Fulub Jakez a d'aistrigh, agus tá sé ar fáil i bhFraincis amháin.)

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Diosco Dé; léirmheas Curtha i gcartlann 2007-11-18 ar an Wayback Machine

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]