Tarlach Ó hUid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríbhneoir Éireannach ab ea Tarlach Ó hUid (1917-1990), a rugadh i Londain, Shasana ar an 13 Eanáir 1917 agus baisteadh an t-ainm Augustus Walter air. Níorbh as Éirinn dá mhuintir, Augustus Walter Hood agus Ada Brockwell. Meitidisteach a bhí ann ina óige ach d'iompaigh sé ina Chaitliceach i 1937 mar gheall ar a spéis in Éirinn agus sa Ghaeilge. Shíl sé go mb'ionann a bheith ina Éireannach agus a bheith ina Chaitliceach.

Fuair sé scoláireacht go Meánscoil Greenwich, agus thosaigh ag obair mar chléireach. Ar chúis éigin chuaigh beirt den teaghlach isteach i gConradh na Gaeilge, beirt isteach in Óglaigh na hÉireann agus beirt i gCumann na mBan, cé nach raibh aon fhianaise acu gur de shliocht Éireannach iad. Chuaigh Tarlach isteach i gConradh na Gaeilge i 1935 agus bronnadh scoláireacht chun na Gaeltachta air. Chláraigh sé mar bhall den IRA i Londain chomh maith agus d'aistrigh sé go hÉirinn, mar ar chaith sé tamall i nGaeltacht Thír Chonaill agus sa Srath Bán. Ghlac sé páirt sa bhfeachtas a bhí ag an IRA in aghaidh na Breataine le linn an Dara Cogadh Domhanda. Bhí sé ina eagarthóir ar pháipéar na nÓglach, 'War News' faoin ainm 'Terry Wilson'. D'fhoilsigh sé paimfléidí agus ábhar bolscaireachta agus bhí ina chraoltóir ar stáisiún raidió mídhleathach chomh maith. Cuireadh i bpríosún é i 1940 agus bhí sé i mbraighdeanas go dtí mí na Nollag 1945. Rinne sé an-chuid léitheoireachta sa phríosún, léirigh sé drámaí agus chuir iris lámhscríofa ar fáil.

Chaill sé a dhúil sa chogaíocht agus é sa phríosún agus rinneadh síochánaí de, ach dhiúltaigh sé a dhearbhú don na húdaráis nach mbeadh baint aige feasta le poblachtaigh. Chláraigh sé le Glúin na Buaidhe agus é fós i bpríosún Dhoire i mí na Nollag 1944.

Bhí a chéad úrscéal, An Bealach chun a'Bhearnais, scríofa aige agus é ina chime, ach níor foilsíodh é go dtí 1949. Nuair a scaoileadh saor é chaith sé seal ag obair do Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste, agus é ag scríobh gearrscéalta agus drámaí raidió i rith an ama.

In earrach na bliana 1948 thosaigh Tarlach ag obair mar iriseoir sa pháipéar nuachta Inniu, páipéar a bhunaigh baill de Ghlúin na Buaidhe i 1943. Bhí sé ag obair don nuachtán sin go dtí gur cuireadh deireadh leis i 1984, agus é ina eagarthóir ó 1972.

I 1950 foilsíodh an cnuasach gearrscéalta Taobh Thall den Teorainn.

Foilsíodh na húrscéalta An Dá Thrá i 1952, agus Adios i 1975.

Scríobh sé leabhar beathaisnéise, Ar Thóir mo Shealbha ina ndearna sé cur síos ar a óige mar Chonraitheoir agus mar Óglach. Ní raibh meas ar bith ag Máirtín Ó Cadhain ar an leabhar sin, ach mhol daoine eile go hard é.