Jump to content

Scléaróis iolrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarScléaróis iolrach
cuir in eagar
Cineáldemyelinating disease (en) Aistrigh, demyelinating disease of central nervous system (en) Aistrigh, autoimmune disease of central nervous system (en) Aistrigh agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisnéareolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Comharthaíchronic neuropathic pain (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Scrúduitheíomháú athshondais mhaighnéadaigh, tomagrafaíocht astúchán posatrón agus polladh lumbach Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Cúis ghéiniteachCLSTN2, BTNL2, HLA-DRA, HACE1, VTI1A, SAMD12, TLL1, RNASEL, EGFL6, TSBP1, MLANA, IL2RA, STAT3, EPS15L1, TAGAP, ZMIZ1, AHI1, ALPK2, BACH2, BATF, CD58, CD86, CHST12, CLEC16A, CLECL1 (en) Aistrigh, CXCR5, CYP24A1, DKKL1, DLEU1, EVI5, FCRL3, IL7R, MALT1, MAPK1, MERTK, MPV17L2, MYNN, NDFIP1, PLCL2, PVR, RGS14, RPS6KB1, RREB1, SAE1, SP140, SYK, TNFRSF1A, TNFSF14, ZBTB46, ZFP36L1, TRIM2, YWHAG, SUMF1, CUEDC1, VAV2, CBLB, MGAT5, CD6, MPHOSPH9, PDZRN4, CSMD1, GPC5, RELN, NLRP11, C1GALT1, MET, KIF1B agus SGCD Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-118A40 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-10G35 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9340 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPN86 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
OMIM612594, 612596 agus 612595 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB8412 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000737 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine1146199, 1214270 agus 342254 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKmultiple-sclerosis-pro Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD009103 Cuir in eagar ar Wikidata
GeneReviewsPanoramica Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0026769 agus C0751324 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:2377 Cuir in eagar ar Wikidata

Galar is ea scléaróis iolrach (nó SI) [1] ina gcailltear an gnáthchumhdach (an mhiailin) a bhíonn ar néaróin san inchinn is corda an dromlaigh. Cuireann sé seo isteach ar tharchur na ríog ar feadh na néaróg, rud a lagaíonn gníomhú na gcóras sa cholainn a bhíonn faoi rialú na néaróg sin.[2]

Fáinne IS
Siomptóim
Físeán

Eipidéimeolaíocht agus diagnóis

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faigheann 36 duine amháin as 100,000 an galar timpeall an domhain,[3] mná níos minice ná fir.[2] Buaileann an SI a thrí oiread ban ná fir.

Tá an tinneas níos coitianta san Iarthar, ar dhaoine in Éirinn, sa Bhreatain, sa Ghearmáin agus i Meiriceá Thuaidh go háirithe, agus tá ag méadú ar líon na gcásanna.[3] I nDún na nGall atá an ráta is airde de dhaoine a bhfuil SI orthu in Éirinn. Bhí an aicíd ag dul do 73 duine as gach 100,000 ar an meán in Éirinn sa bhliain 2018. Ach i nDún na nGall ba 290 duine as gach 100,000 a bhí i gceist.[4]

Is ilchineálach na hairíonna cliniciúla, ach cuimsíonn siad laige sna géaga, radharc dúbailte, deacrachtaí urlabhra, veirtige, codladh grifín, éagumas gluaiseachtaí a chomhordú (neamhluail), iad sin uile díomuan ach athfhillteach, ag éirí níos troime de réir a chéile.[2]

Tá an tinneas ar i bhfad níos mó daoine i ngan fhios dóibh, de bhrí nach n-aithníonn siad na comharthaí sóirt.[5]

Ní féidir tástálacha néaraisíceolaíocha le measúnú a dhéanamh ar fheidhm chognaíoch a dhéanamh ach go hannamh agus ní thugann sin tomhas oibiachtúil ar lagú cognaíoch.[6]

Ní fios cad is cúis leis, ach d'fhéadfadh próiseas uath-imdhíonachta a bheith mar bhun leis.[2] Is féidir go bhfuil baint le easpa vitimín D, rud atá in easnamh go minic in Éirinn. Deirtear uaireanta gur cúrsaí géinitice is cúis leis an ráta ard in Éirinn chomh maith. Ach má théann na hÉireannaigh thar lear chun tír atá níos teo nuair a mbíonn siad óg, b'fhéidir go bhfuil an ráta níos ísle.

Níl aon chóireáil ar leith ar IS mar ghalar.[2][7]

D’fhéadfadh an dátheangachas a bheith ina cosaint ar an maolú intinne. D’éirigh níos fearr le daoine dátheangacha a bhfuil SI orthu ná mar a d’éirigh lena gcomhghleacaithe aonteangacha i dtástálacha cognaíochta. Cabhraíonn an dátheangachas le cur in aghaidh an néaraimheathlúcháin a ghabhann le SI.[8][9]

Reáchtáltar lá domhanda na feasachta ar an tinneas gach bliain ar an 30 Bealtaine.[10]

Is galar ceilte é nach bhfuil mórán eolais ag daoine air. Tá go leor daoine ann nach n-aithníonn an galar de bhrí nach bhfuil siad ag dul sa tóir ar na comharthaí - an meadhrán, an tuirse chéatach… ní bhíonn pian ort ach amháin nuair a ghortaíonn tú thú féin, is galar dofheicthe é agus níl fhios ag go leor go bhfuil sé orthu. [5]

Daoine le scléaróis iolrach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Béarla: Multiple sclerosis
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Hussey, Matt (2011). "Scléaróis iolrach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 585.
  3. 3.0 3.1 "Rising prevalence of multiple sclerosis worldwide: Insights from the Atlas of MS, third edition - PMC". web.archive.org (2024-05-30). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-05-30. Dáta rochtana: 2024-05-30.
  4. Nuacht RTE (2020-02-25). "Staidéar chun cuidiú le daoine a bhfuil scléaróis iolrach orthu" (as ga-IE). 
  5. 5.0 5.1 Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2024-05-30). "Géill beagán don tuirse: Máirín Ní Ghadhra faoi Scléaróis Iolrach" (as ga-IE). 
  6. Trinity College Dublin (2012). "Léargas Nua ar Athruithe Cognaíocha i ndaoine le Scléaróis Iolrach" (ga-IE). www.tcd.ie. Dáta rochtana: 2024-05-30.
  7. "Leigheas ar MS faoi dheireadh? < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-05-30.
  8. NÓS (2020-01-24). "An dátheangachas ina chabhair ag daoine a bhfuil MS orthu" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-05-30.
  9. Foilsíodh torthaí an taighde san iris eolaíochta Linguistic Approaches to Bilingualism. -Fraibet Aveledo et al (2021-06-24). "Multiple sclerosis and bilingualism: Some initial findings" (as en). Linguistic Approaches to Bilingualism 11 (4): 551–577. doi:10.1075/lab.18037.ave. ISSN 1879-9264. 
  10. "Multiple Sclerosis International Federation" (as en) (2023-09-27). Wikipedia. 
  11. "About MS | MS Ireland" (en). www.ms-society.ie (Fri, 07/06/2019 - 17:20). Dáta rochtana: 2024-05-30.