Steven Spielberg
Stiúrthóir agus léiritheoir scannáin as Ohio is ea Steven Allan Spielberg (a rugadh ar 18 Nollaig 1946 i Cincinnati, Ohio), ceardaí ar leith a bhfuil 22 ainmniúchán Oscar faighte ag a shaothair ós na seachtóidí i leith.[1]
Sárshaothair ó Jaws (1975) go Indiana Jones agus ó Schindler’s List (1993) go Saving Private Ryan (1998). Stiúir sé E.T, Jurassic Park, Close Encounters of the Third Kind, Gremlins, Minority Report, War of the Worlds, Escape to Nowhere (scannán cogaidh), agus Firelight (scannán ficsin eolaíochta).
Scannáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne sé scannáin fhicsean-eolaíochta, scannáin eachtraíochta agus scannáin mhór-eachtraíochta. Tháinig scannán beathaisnéiseach, The Fabelmans, amach sa bhliain 2022/2023.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba mhac é le Leah Alder (d'éag 2017, 97) agus Arnold Spielberg (d'éag 2020). Ba phianódóir ceolchoirme agus úinéir bialainne í Leah Alder agus innealtóir ríomhaireachta é Arnold Spielberg.
Sa bhliain 2022, bhí $4 billiún de mhaoin phearsanta ag Spielberg de réir Forbes,[2]. agus $3 billiún de réir Celebrity Net Worth.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Breandán M Mac Gearailt (7 Feabhra 2023). "Turas rófhada siar bóithrín na smaointe le Steven Spielberg" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-07.
- ↑ "Forbes Billionaires 2022: The Richest People In The World" (English). Forbes. Dáta rochtana: 2023-02-07.
- ↑ "Steven Spielberg Net Worth" (en-US). Celebrity Net Worth (2020-03-18). Dáta rochtana: 2023-02-07.
- Daoine a rugadh i 1946
- Daoine beo
- Bailitheoirí ealaíne
- Buaiteoirí gradaim Golden Globe
- Buaiteoirí gradam sna gradaim Academy
- Daoine as Ohio
- Daoine disléicseacha
- Daonchairde Giúdacha
- Eagarthóirí Meiriceánacha
- Ficsean eolaíochta
- Fir
- Giúdaigh Meiriceánacha
- Gníomhaithe Mheiriceá
- Léiritheoirí Meiriceánacha
- Léiritheoirí scannán
- Lucht gnó na Stát Aontaithe
- Ridirí
- Scríbhneoirí Giúdacha
- Scríbhneoirí scannáin Meiriceánacha
- Síónaigh
- Stiúrthóirí scannán Meiriceánacha