Máire Nic Mhaoláin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáire Nic Mhaoláin
Gníomhaíocht
Gairmaistritheoir, eagarthóir, foclóirí Cuir in eagar ar Wikidata

Eagarthóir, téarmeolaí, aistritheoir agus foclóirí í Máire Nic Mhaoláin.

Rugadh agus a tógadh í i Sabhall Pádraig in aice le Dún Pádraig i gCo. an Dúin. Ar an mheánscoil i mBaile na hInse a d’fhoghlaim sí Gaeilge ar dtús.

Ghnóthaigh sí céim onóracha sa Léann Ceilteach ar Ollscoil na Ríona in 1965, mar aon le scoláireachtaí taighde. Theagasc sí teangacha tamall i mBéal Feirste agus i Lios na gCearrbhach sular ceapadh ina taighdeoir í in Institiúid Teangeolaíochta Éireann. Fuair sí post ansin mar eagarthóir sa Ghúm, áit ar chaith sí bunús a saoil oibre ag plé le foclóireacht, téarmaíocht agus foilseacháin ilchineálacha Gaeilge. Ar na saothair sin bhí an Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill) agus an Foclóir Póca. D’oibrigh sí in Ollscoil Uladh fosta ar mhórthogra foclóireachta. Chuir sí an Bunfhoclóir Gaeilge-Béarla in eagar ó shin i bpáirt le hEoghan Mac Aogáin.

D'oibrigh sí in Ollscoil Uladh agus mhúin sí modúl san aistriúchán liteartha in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath tamall. Ball oinigh í de Chumann Aistritheoirí agus Teangairí na hÉireann, agus feidhmíonn sí ar choistí éagsúla a bhaineann le litríocht agus léann na Gaeilge.[1]

Ar na leabhair a d’aistrigh sí tá úrscéalta agus cnuasach gearrscéalta ón Iodáilis (An Mháthair, Dialann Seansagairt, Éanlaith Fhra Angelico, Dormitio Virginis, agus I mBeagán Focal) agus cúpla gearrscéal a foilsíodh ar Ogham 2 agus 5. Tá saothair aistrithe aici ón Fhraincis agus ón mBreatnais, ón Iodáilis agus ón mBéarla.[2]

Foilsíodh trí leabhar do dhéagóirí a d’aistrigh sí ó Bhreatnais, móide cúpla ceann d’fhoghlaimeoirí fásta.

Le cois roinnt pictiúrleabhar ó Fhraincis, chuir sí Gaeilge ar an chéad leabhar de shraith Harry Potter, Harry Potter agus an Órchloch agus Artemis Fowl, agus ar Under the Hawthorn Tree (Faoin Sceach Gheal).

Scríobh sí dhá bhunleabhar fosta ar athinsint ar sheanscéalta iad.

Bíonn dánta agus ábhar eile uaithi ar na hirisí Gaeilge, agus tá cuid mhaith duaiseanna Oireachtais buaite aici thar na blianta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Michela Murgia (Aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin) (2023). "Athmháthair". Éabhlóid. 
  2. Michela Murgia (Aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin) (2023). "Athmháthair". Éabhlóid.