Móiminteam uilleach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilMóiminteam uilleach
Cineálgenerator (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata


Má tá réad againn agus é ag dul timpeall ar lárphointe éigin, is é is móiminteam uilleach ann ná cainníocht fhisiceach atá ina tomhas ar chumas an réada an rothlú nó an t-imrothlú seo a choinneáil ar obair. Go háirithe, má tá mais ag dul timpeall ar ais rothlaithe, tá an móiminteam uilleach ag brath ar chomh fada ón ais seo atá an mhais, chomh trom agus atá an mhais, agus chomh luath is atá sé ag timpeallú na haise.

San fhisic chlasaiceach, is féidir an móiminteam uilleach a oibriú amach de réir na foirmle áirithe seo:

inarb ionann:

agus móiminteam uilleach an réada,
agus an veicteoir a thaispeánann díláithriú an réada ó bhunphointe na gcomhordanáidí (is é sin, a fhad is atá an réad ón ais)
agus móiminteam líneach (gnáthmhóiminteam) an réada, agus
trasiolrach na veicteoirí.

Tá sé i ndúchas na réad go léir a móiminteam uilleach a choinneáil (a imchoimeád), mura n-imrítear casmhóimint (torc) ón taobh amuigh orthu. Mar sin, má fheicimid scátálaí ag casadh timpeall ar an leac oighir, nuair a shínfidh sé a lámha amach, beidh sé ag casadh níos moille, ach nuair a tharraingeoidh sé a lámha chuige féin, tosóidh sé ag casadh i bhfad níos luaithe, leis an seanmhóiminteam uilleach a choinneáil.