Airgead (dath)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Criostail airgid

Is ton datha é airgidniamhliath atá cosúil le liath a úsáidtear mar mhacasamhail ar dhath airgid shnasta a léiriú.

Silver ingot
Tinne airgid

Is é an mothúchán amhairc a bhaineann leis an airgead miotail de ghnáth ná a loinnir mhiotalach. Ní féidir é seo a athchruthú le dath soladach simplí, toisc go bhfuil an éifeacht lonrach mar gheall ar ghile an ábhair a bheith éagsúil le huillinn an dromchla go dtí an fhoinse solais. Ina theannta sin, níl aon mheicníocht ann chun dathanna miotalacha nó fluaraiseacha a thaispeáint ar ríomhaire gan dul i muinín bogearraí rindreála atá in ann gníomh an tsolais a insamhladh ar dhromchla lonrach. Dá bhrí sin, san ealaín agus san araltas is gnách go n-úsáidfeadh duine péint mhiotalacha a lonraíonn cosúil le fíor-airgead. D’fhéadfaí dath liath neamhlonrach a úsáid freisin chun airgead a léiriú.