Pallaidiam
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach |
---|---|
Pallaidiam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Pd |
Uimhir adamhach | 46 |
Mais adamhach | 106.42 |
Cumraíocht leictreon | 1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁶ 4s² 4d¹⁰ 4p⁶ 5s² 5d⁸ agus [Kr] 5s² 5d⁸ |
Peiriad, Grúpa | peiread 5 grúpa 10 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 2.2 |
Ga ianach | 0.64, 0.86, 0.76 agus 0.62 |
Stair | |
Aimsitheoir | William Hyde Wollaston |
Fionnachtain | 1803 |
Eapainm | Pallas |
Is é an pallaidiam dúil uimhir a 46, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Pd. Miotal atá ann agus é gann go maith sa dúlra. Ceann de na miotail phlatanamchosúla é, agus é lonrúil, cosúil leis an airgead geal. Ba é an ceimiceoir William Hyde Wollston ba thúisce a d'aithin gur dúil ar leith a bhí ann, agus d'ainmnigh sé é as an astaróideach úd 2 Pallas.
Tá sé iseatóp cobhsaí nádúrtha ag an bpallaidiam: Pd-102 (1.02% de phallaidiam an dúlra), Pd-104 (11.14%), Pd-105 (22.33%), Pd-106 (27.33%), Pd-108 (26.46%) agus Pd-110 (11.72%).
Baintear úsáid as an bpallaidiam le himoibrithe ceimiceacha a chatalú, nó is féidir leis an miotal seo cuid mhór hidrigine a shú isteach. Thairis sin, is féidir hidrigin a ghlanadh ar an dóigh seo, ós rud é nach féidir na gáis eile a stóráil sa phallaidiam mar sin. Dúil úsáideach é an pallaidiam sa tseodóireacht, sa leictreonaic, san fhiaclóireacht agus ina lán teicneolaíochtaí eile. Má mheasctar pallaidiam leis an ór, gheofar ór geal - ór nach bhfuil dath buí an óir ann.
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí a bhíonn ag an bpallaidiam ná +1, +2, agus +4. I gcuid de na comhdhúile, d'fhéadfá an chiall a bhaint as an bhfoirmle gurb é +3 an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an bpallaidiam iontu, ach is é an tuiscint atá ag na saineolaithe ar na comhdhúile seo inniu go bhfuil idir Pd(II) agus Pd(IV) iontu, agus go bhfuil sé de chlaonadh ag an bpallaidiam comhdhúile a dhéanamh a bhfuil an dá staid ocsaídiúcháin seo ar fáil iontu in éineacht.