Aerfort Londain-Heathrow
| Mana | Making every journey better. |
|---|---|
| Ainmnithe in ómós | Londain agus Heathrow |
| Sonraí | |
| Giorrúchán | Londres-Heathrow, Londres Heathrow, London Heathrow, Londres-Heathrow, London Heathrow, Londra-Heathrow, London-Heathrow agus Luân Đôn Heathrow |
| Cineál | aerfort idirnáisiúnta aeradróm tráchta tráchtála |
| Stair | |
| Téann in áit | Great West Aerodrome (en) |
Ócáid shuntasach | |
| 31 Deireadh Fómhair 1950 | 1950 Heathrow BEA Viking accident (en) |
| 8 Aibreán 1968 | BOAC Flight 712 (en) |
| 3 Iúil 1968 | BKS Air Transport Flight C.6845 (en) |
| 17 Eanáir 2008 | British Airways Flight 38 (en) |
| 21 Márta 2025 | Hayes substation fire (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Production rate (en) | 473,000 unit per year (en) |
| Ball de | International Association of Baggage System Companies (en) |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
| Oibreoir | Heathrow Airport Holdings (en) |
| Úinéir | Heathrow Airport Holdings (en) |
| Codanna | Heathrow pod (en) Heathrow Terminal 4 (en) Terminal 5, London Heathrow Airport, Airport terminal (en) Heathrow Terminal 3 (en) Heathrow Terminal 2 (en) Heathrow Terminal 1 (en) |
| Eile | |
| Uimhir teileafón | +44-844-335-1801 |
| Suíomh gréasáin | heathrow.com |
Is é Aerfort Londain-Heathrow an t-aerfort is mó i gceantar Londain, príomhchathair an Ríocht Aontaithe. Tá sé ar cheann de shé aerfort i gcentar Londain, chomh maith le Gatwick, Stansted, Luton, City agus Southend. Tá sé mar an bpríomh-bhunáit do British Airways agus Virgin Atlantic.
I 2025, bhí 84,482,126 paisinéir ag Heathrow, rud a fhágann gurb é an t-aerfort is gnóthaí san Eoraip é de réir líon na bpaisnéirí.
Osclaíodh an chéad aerpháirc ag Heathrow sa bhliain 1930. Osclaíodh an t-aerfort sa bhliain 1946, agus tá sé ag leathnú go seasta sna blianta ó shin. Sa lá atá inniu ann, tá ceithre chríochfort paisnéirí ann agus críochfort lasta amháin. Tá dhá rúidbhealach chomhthreomhara soir-siar ag Heathrow, agus tá pleananna ann an tríú rúidbhealach a thógáil chun achmhainn bhreise a chur leis an aerfort.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Osclaíodh an chéad aerpháirc ag Heathrow sa bhliain 1930.[1] Ní aerfort tráchtála a bhí ann ar dtús, mar bhí príomhaerfort paisnéirí Londain i Croydon ag an am. Le linn An Dara Cogadh Domhanda, úsaidtear an t-aerfort ag an RAF le haghaidh eitiltí míleata, ach ní raibh sé ina bhunáit mhór don RAF.
Tar éis an cogadh, cinneadh Heathrow a leathnú bheith an príomhaerfort paisnéirí i Londain. Osclaíodh an t-aerfort sa bhliain 1946, leis an ainm Aerfort Londain. Sna blianta tosaigh, úsaideadh pubail agus foirgnimh réamhdhéanta mar chríocfoirt paisnéirí.
Faoi na 1950idí, bhí sé rúidbhealach ann i gcruth réalta. I 1955, d'oscail an Bhanríon Eilís II an chéad chríochfort paisnéirí buan ag an aerfort. Suite i lár shuíomh an aerfort, Foirgneamh Europa a tugadh air. Athainmníodh é ina dhiadh sin mar Chríochfort 2.
I 1961, osclaíodh chríocfort eile, ar a dtugtar Foirgneamh an Aigéin. Athainmníodh é ina dhiadh sin mar Chríochfort 3.
I 1966, athainmníodh an t-aerfort mar Aerfort Londain Heathrow chun mearbhall le haerfoirt eile i gceantar Londain a sheachaint.
I 1968, osclaíodh Críochfort 1. Ag an am seo, athainmníodh na chríochfoirt eile mar Críochfort 2 agus Críochfort 3.
Sna 1970idí, rinneadh formhór na rúidbhealaí níos lú a thiontú ina bhealaí tacsaí. Díríodh oibríochtaí ar an dá rúidbhealach soir-siar, suite ó thuiadh agus ó dheas de na foirgnimh críochfoirt, a leathnaíodh chun freastal ar scairdeitleáin mhóra cosúil leis an Boeing 747.
I 1977, síneadh an líne Piccadilly don London Underground go Heathrow, ag nascadh an aerfoirt le Lár Londain ar iarnród.
I 1986, osclaíodh Críochfort 4. Murab ionann agus na críochfoirt roimhe seo, ní raibh sé suite idir na dhá rúidbhealach an aerfoirt. Bhí sé suite ó dheas ón rúidbhealach theas. Tógadh stáisiúin Underground agus bóithre nua chun freastal ar an críochfort.
I 1998, tógadh iarnród eile go Heathrow. D'fhreastail traenacha Heathrow Express ar seo, ag nascadh an aerfoirt go Staisiúin Paddington i gcathair London.
I 2008, osclaíodh Críochfort 5. Suite siar ón aerfort, idir na dhá rúidbhealach, dearadh an críochfort le bheith ina phríomh-mhol do Brisith Airways. Bhí a stáisiúin iarnród agus a stáisiúin Tiúb féin aige, chomh maith le naisc bóthair leis an mótarbhealach M25.
I 2009, dhún an sean Críochfort 2. Tógadh Críochfort 2 nua ar an láthair céanna, agus d'oscail é i 2014.
I 2015, dhún Críochfort 1 chun freastal ar leathnú Críochfort 2. D'oscail an leathnú seo i 2019.
Le linn phaindéim Covid-19, dúnadh Críochfort 3 agus Críochfort 4 go sealadach, agus cuireadh oibríochtaí aon-rúidbhealaigh i bhfeidhm ar feadh roinnt míonna le linn 2020. Atosaíodh gnáthoibríóchtaí faoi 2022.
Críochfoirt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Críochfort 2
[cuir in eagar | athraigh foinse]Osclaíodh an chéad Críochfort 2 i 1955, ar a dtugtaí ar dtús an Foirgneamh Europa. Bhí sé in aice le Foirgneamh na Banríona, ina bhí oifigí aerlíne.
Dúnadh an críochfort seo sa bhliain 2009, leagadh é i 2010, agus tógadh críochfort nua in áit. Osclaíodh an Críochfort 2 nua i 2014, ar a dtugtar Críochfort na Banríona. Is é an críóchfort is nua ag Heathrow é.
Tá dhá foirgneamh sa chríochfort: an phríomhfhoirgneamh T2 agus foirgneamh satailíte T2B. Tá an dá fhoirgneamh ceangailte le tollán faoi thalamh le cosáin ghluaiste. Go ginearálta, úsáideann eitiltí gearra-achair laistigh den Eoraip an phríomhfoirgneamh, agus úsaídeann eitiltí fad-achair an foirgneamh satailíte.
Úsáideann Aer Lingus Críochfort 2, mar tá sé ar cheann de dhá chríocfort ag Heathrow (Is é Críochfort 5 an ceann eile) ar féidir leo freastal ar eitiltí intíre ón Ríocht Aontaithe agus ar eitiltí sa Chomhlimistéar Taisteal. Is cuid de Star Alliance formhór na n-aerlínte eile ag an gcríochfort, mar shampla Lufthansa, United, agus cinn eile.[2]
Críochfort 3
[cuir in eagar | athraigh foinse]Osclaíodh Críochfort 3 i 1961, ar a dtugtar an Críochfort Aigéanach. Is é an críochfort oibriúcháin is sine san aerfort é. Dearadh é chun freastal ar eitiltí fad-achar d'aerlínte éagsúla. Tá an críochfort leathnaithe arís agus arís eile ó osclaíodh é.
Sa lá atá inniu ann, freastalaíonn Críochfort 3 ar réimse leathan aerlínte éagsúla. Is é an príomhbhunús é do Virgin Atlantic agus a chomphpháirtí Delta. Úsáideann roinnt eitiltí British Airways agus aerlínte Oneworld eile é. Úsáideann Emirates agus roinnt aerlínte fad-achar é freisin.[3]
Críochfort 4
[cuir in eagar | athraigh foinse]Osclaíodh Críochfort 4 i 1986. Murab ionann agus na críochfoirt roimhe seo, ní raibh sé suite idir na dhá rúidbhealach an aerfoirt. Bhí sé suite ó dheas ón rúidbhealach theas.
Úsáidtear an Críochfort ag roinnt aerlínte ón comhaontas Skyteam, Air France agus KLM san áireamh, chomh maith le haerlínte eile cosúil le Qatar Airways agus Etihad.[4]
Críochfort 5
[cuir in eagar | athraigh foinse]Osclaíodh Críochfort 5 i 2008. Tá sé suite idir na dhá rúidbhealach ar thaobh thiar an aerfoirt. Is é Críochfort 5 an príomhbhunáit do British Airways, agus úsáideann Iberia é freisin.
Tá trí fhoirgneamh sa chríochfort: an phríomhfhoirgneamh (T5A) agus dhá fhoirgneamh satailíte (T5B agus T5C). Tá na foirgnimh satailíte ceangailte leis an bpríomhchríocfort le traein uathoibrithe, chomh maith le tolláin coise. Go ginearálta, úsáideann eitiltí gearra-achair laistigh den Eoraip T5A, agus úsaídeann eitiltí fad-achair T5B agus T5C.[5]
Tá a naisc bóthair féin ag an críochfort leis an mótarbhealach M25, chomh maith lena stáisiúin traenach agus stáisiúin Tiúb féin. Tá córas iompair thapa pearsanta aige fresin, ar a dtugtar an Heathrow Pod, ag naisc an críochfort le ceann dá charrchlóis fhadtéarmacha.[6]
Iar-Chríochfort 1
[cuir in eagar | athraigh foinse]Osclaíodh Críochfort 1 i 1968. Úsáideadh é ag aerlínte éagsúla, British Airways agus British Midland International (BMI) san áireamh, go dtí gur cheannaigh BA BMI in 2012. Ba eitiltí gearra-achair laistigh den Eoraip formhór na n-eitiltí ón chríocfort.
D'úsáid Aer Lingus an críochfort freisin, mar bhí sé an críochfort amháin a d'fhéadfadh freastal ar eitlití intíre na Ríochta Aontaithe agus ar eitlití sa Limistéar Taistil Choiteann sular osclaíodh Críochfort 5. Uaireanta, tugadh an "Míle Glas" ar an limistéar geata a d'úsáid Aer Lingus mar gheall ar an siúlóid fhada idir é agus an príomhfhoirgneamh críochfoirt.[7]
Dhún Críochfort 1 in 2015, agus leagadh cuid de chun Críochfort 2 a leathnú. D’fhan codanna áirithe de Chríochfort 1 ina seasamh go dtí 2026, nuair a leagadh iad chun Críochfort 2 a leathnú tuilleadh.[8]
Aerthrácht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2025, bhí 84,482,126 paisnéirí ag Heathrow, rud a fhágan gurb é an t-aerfort is gnóthaísan Eoraip é de réir líon na bpaisnéirí. Ba é an seachtú haerfort ba gnóthaí ar domhan é agus an dara haerfort ba ghnóthaí de réir líon na bpaisnéirí idirnáisiúnta.[9]
Ba iad na bealaí idirnáisiúnta ba ghnóthaí ná Nua Eabhrac (JFK), Dubai, Doha, Baile Átha Cliath agus Deilí. Ba iad na bealaí intíre ba ghnóthaí ná Dún Éideann, Glaschú, Béal Féirste (Cathair), Manchain agus Aberdeen.[10]
Iompair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Iarnród
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá trí sheirbhís traenach éagsúla ag freastal ar Heathrow, a leanann dhá bhealach éagsúla go lár Londain.
Ritheann an Heathrow Express gan stad ó Stáisiúin Paddington i lár Londain go Críochfort 2 agus 3, ag leanúint ar aghaidh go Críochfort 5. Tá traein ann gach 15 nóiméad le h-am taistil 15 nóiméad ó Paddington go Críochfort 2 agus 3, nó 21 nóiméad go Críochfort 5. Is féidir le paisnéirí Críochfort 4 a shroicheadh trí úsáid a bhaint as traenacha Líne Elizabeth ó Chríochfoirt 2 agus 3.[11]
Ritheann an Líne Elizabeth seirbhísí le stadanna ar an mbealach céanna leis an Heathrow Express ó Heathrow go Paddington, ag leanúint ar aghaidh faoi lár Londain go Coill na Mainistreach agus Shenfield. Tá sé thraein san uair ann, ceither cinn ag tosú ag Críochfort 4 agus dhá cheann ag tosú ag Críochfort 5, agus iad go léir ag freastal ar Chríocfort 2 agus 3 ar an mbealach. Tógann traenacha thart ar 35 nóiméad chun lár Londain a bhaint amach.[12]
Ritheann an líne Piccadilly don London Underground ón aerfort go Cockfosters tríd lár Londain. Freastalaíonn na traenacha go léir ar Chríochfort 2 agus 3, agus freastalaíonn traenacha malartacha ar Chríochfort 4 agus ar Chríocfort 5. Tógann traenacha thart ar 50 nóiméad chun lár Londain a bhaint amach.[13]
Is féidir le paisnéirí taobh tíre aon cheann de na traenacha seo a úsáid chun aistriú idir críochfoirt saor in aisce.[14] Aistríonn paisnéirí taobh an aeir idir críochfoirt ag bain úsaide as busanna aistrithe tiomnaithe.[15]
Bus agus cóiste
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá stáisiúin bus Heathrow Central suite i limistéár an chríocfoirt lárnaigh, idir Críochfort 2 agus 3. Frestalaíonn busanna Londain agus seirbhísí cóiste fad-achair arna n-oibriú ag cuideachtaí éagsúla air. Tá stáisiúin bus suite ag Críochfort 4 agus Críochfort 5 freisin.
Bóthar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-aerfort gar do na motarbhealaí M4 agus M25. Tá Críochfort 2 agus 3 nasctha don M4 le tollán faoin rúidbhealach thuaidh. Tá rochtain dhíreach ag Críochfort 5 ar an M25. Tá Críochfort 4 suite in aice leis an mbóthar A30.
Tá carrchlósanna atá á reáchtáil ag an aerfort ar fáil in aice leis na críochfoirt go léir. Tá limistéir titim amach agus seirbhísí tacsaí ar fáil ag gach críóchfort freisin.
Leathnú sa todhchaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tríú rúidbhealach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá moltaí ann le haghaidh rúidbhealach nua ag Heathrow ó foilsíodh an páipéar bán ar Thodhchaí an Aeriompair in 2003.[16] Tá conspóid bainte amach ag na moltaí seo de réir an méid ceannaigh agus scartála maoine a bheadh riachtanach, agus an torann agus tionchar comhshaoil a bhaineann le trácht breise aeir.
Ó 2026, thug rialtas na Ríochta Aontaithe a thacaíocht do thogra ón aerfort chun rúidbhealach nua a thógáil ó thuaidh agus siar don rúidbhealach thuaidh reatha.[17][18] Bheadh gá le go leor tithe a cheannach agus a leagan i sráidbhailte Harmondsworth agus Sipson agus ar Bóthar Bath. Thrasnóidh an rúidbhealach an mótarbhealach M25, a chuirfí i dtollán faoi. Níl cead pleanála ag an bplean ó 2026.
Leathnú críochfoirt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Airíear le pleananna leathnaithe Heathrow pleananna chun dhá foirgneamh satailíte nua a fhorbairt ag Críochfort 5: T5XW and T5XN. Bheadh siad seo ceangailte leis an bpríomhfhoirgneamh críochfoirt le traenach uathoibrithe. Tá foirgnimh satailíte breise beartaithe do Chríocfort 2 freisin. Chuirfeadh cuid díobh seo ionad an Chríochfoirt 3 atá ann faoi láthair.[18]
Naisc iarnród breise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Téann na bealaí iarnróid go léir ó Heathrow soir i dtreo lár Londain. Tá pleananna éagsúla déanta maidir le naisc iarnród idir an t-aerfort agus ceantair siar agus ó dheas ón aerfort. Áirítear leo seo an Cur Chuige Iarnróid an Iarthair go Heathrow, a cheanglódh an t-aerfort le Príomhlíne an Iarthair Mhóir,[19] agus an Iarnród Theas Heathrow,[20] a cheanglódh an t-aerfort le línte iarnróid fo-uirbeacha in iardheisceart Londan. Tá dhá ardán neamhusáidte sa stáisúin traenach ag Críochfort 5 a d'fhéadfaí a úsáid do na seirbhísí seo.[21]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Our History | Heathrow" (en-GB). Heathrow Airport. Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ Ian Silva (2026-01-16). "Heathrow Terminal 2 (Queen's Terminal) Guide 2026: Insider Tips" (en-US). MILE5. Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ Ian Silva (2026-01-24). "Heathrow Terminal 3 Guide | Expert Tips" (en-US). MILE5. Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ Ian Silva (2026-01-24). "Heathrow Terminal 4 Guide | Updated Late April" (en-US). MILE5. Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ Ian Silva (2026-01-12). "Heathrow Terminal 5 Guide 2026" (en-US). MILE5. Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ "Heathrow Pod Parking at Terminal 5 | Heathrow | Heathrow" (en-GB). Heathrow Airport. Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ Kevincm (2014-10-25). "Heathrow Terminal 1 empties more - BA Dublin and Belfast services switch terminal" (en-US). Economy Class & Beyond. Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ "End of an era: Demolition of Terminal 1 | Heathrow" (en-GB). Heathrow Airport (2026-04-29). Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ "World’s busiest airports revealed in latest global rankings | ACI World" (en-US) (2026-04-14). Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ "Annual airport data 2025 | UK Civil Aviation Authority". www.caa.co.uk. Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ "Timetable | Heathrow Express". www.heathrowexpress.com. Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ Transport for London | Every Journey Matters. "Getting to and from Heathrow on the Elizabeth line" (en-GB). Transport for London. Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ "Travelling on the London Underground to Heathrow Airport | Heathrow | Heathrow" (en-GB). Heathrow Airport. Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ "Travel between terminals | Heathrow" (en-GB). Heathrow Airport. Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ "Connecting flights | Heathrow" (en-GB). Heathrow Airport. Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ "[Withdrawn The future of air transport]" (en). GOV.UK (2018-03-05). Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ "Heathrow Airport's £33bn third runway plan chosen by government" (en-GB). Sky News. Dáta rochtana: 2026-07-27.
- 1 2 "Heathrow's third runway - our plan and story | Heathrow" (en). Heathrow Airport. Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ "Firstco » Western Rail Link to Heathrow | Firstco". www.firstco.uk.com. Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ "Home" (en-GB). Heathrow Southern Railway. Dáta rochtana: 2026-07-27.
- ↑ Tom Marshall (2016-02-22). "There's a secret train station under Heathrow's Terminal 5" (en). The Standard. Dáta rochtana: 2026-07-27.
